Ag géarú ar an aighneas idir Iosrael agus na Náisiúin Aontaithe faoi ‘sháruithe’ ar an dlí idirnáisiúnta

Dhiúltaigh Iosrael víosa a eisiúint do Cheannasaí Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe, de bharr na cainte a rinne António Guterres, Ard-Rúnaí na heagraíochta sin

Ag géarú ar an aighneas idir Iosrael agus na Náisiúin Aontaithe faoi ‘sháruithe’ ar an dlí idirnáisiúnta

António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe

Tá sé ráite ag taidhleoir de chuid Iosrael gur dhiúltaigh na húdaráis ansin víosa d’oifigeach de chuid na Náisiún Aontaithe mar go raibh sé “in am ceacht a mhúineadh dóibh”.

D’admhaigh ambasadóir Iosrael chun na Náisiún Aontaithe, Gilad Erdan, gur dhiúltaigh an tír sin víosa a eisiúint do Martin Griffiths, Ceannasaí Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe, de bharr na cainte a rinne António Guterres, Ard-Rúnaí na heagraíochta sin.

Ina chuid cainte inné, dúirt Guterres gur ‘pionós ar chách’ a bhí in ionsaithe aeir Iosrael ar Stráice Gaza agus d’iarr sé go bhfógrófaí sos cogaidh. Dúirt sé go raibh “sáruithe follasacha ar dhlí an daonnúlachais idirnáisiúnta” ag tarlú in Gaza.

“Níl údar ná ceart ar bith ann sibhialtaigh a mharú, a ghortú ná a fhuadach – ná roicéid a scaoileadh le spriocanna sibhialtacha. Ní mór caitheamh go cineálta le gach giall agus iad a scaoileadh abhaile láithreach gan aon choinníoll a chur lena saoradh.”

Dúirt an tArd-Rúnaí nach ‘i bhfolús’ a tharla an t-ionsaí ar Iosrael ach gur tharla sé agus pobal na Palaistíne tar éis “56 bliain d’fhorghabháil phlúchtach” Iosrael a chur díobh.

Dúirt ambasadóir Iosrael chun na Náisiún Aontaithe, Gilad Erdan gur, chóir don Ard-Rúnaí Guterres éirí as a phost de bharr na cainte sin, a bhí ‘uafásach’.

“Tá a dhearcadh ar an sléacht a rinne sceimhlitheoirí Naitsíocha Hamas saofa agus mímhorálta,” a dúirt Erdan.

Tá an teannas idir Iosrael agus go leor den phobal idirnáisiúnta ag dul in olcas de bharr na n-ionsaithe atá á ndéanamh ar Gaza. Mar bharr ar an donas, tá stop curtha ag ospidéil an réigiúin lena gcuid seirbhísí ar fad seachas seirbhísí éigeandála mar go bhfuil an soláthar breosla beagnach ídithe.

Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go gcuirfear deireadh le hobair fóirithinte na heagraíochta ansin anocht mura mbeidh soláthairtí nua ar fáil.

Tá cosc curtha ag Iosrael ar aon soláthar eile breosla a ligean isteach go Gaza agus é á chur i leith Hamas acu go bhfuil na mílte lítear breosla carntha i dtaisce ag Hamas.

Cé gur tháinig ocht leoraí eile isteach as an Éigipt go Gaza aréir le bia, uisce agus earraí leighis, deir eagraíochtaí cuidithe nár mhór ar a laghad 100 leoraí sa lá le freastal ar riachtanais phobal Stráice Gaza.

Mhaígh údaráis Iosrael go raibh ionsaí ‘forleathan’ tosaithe acu ar Gaza.

Tá an cogadh seo ar siúl le coicís go leith agus dúirt aireacht sláinte Gaza atá á rith ag Hamas gurbh é inné an lá ba mheasa fós ó thaobh líon na marbh.

Ag cruinniú slándála na Náisiún Aontaithe inné, ba é an t-éileamh ba mhó ag na hionadaithe go ngairfí sos comhraic ach dhiúltaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael don mholadh sin mar, dar leosan, nach ndéanfadh a leithéid aon leas d’éinne ach do Hamas.

Dúirt John F. Kirby, urlabhraí an Tí Bháin in Washington gur thacaigh siad le sosanna sa troid ionas go bhféadfaí cabhair dhaonnúil a chur ar fáil ach nach bhféadfaí bás sibhialtach a sheachaint agus Iosrael ag iarraidh Hamas a chloí in Gaza.

Fág freagra ar 'Ag géarú ar an aighneas idir Iosrael agus na Náisiúin Aontaithe faoi ‘sháruithe’ ar an dlí idirnáisiúnta'