Ag cur do thuairisce… (eagrán an Oireachtais le mórchomórtas Chló Iar-Chonnacht)

Colún plé agus eolais dár léitheoirí…

Quotations 2

I dtús báire, mura bhfuil sé feicthe cheana agaibh, tá rannóg speisialta Oireachtas na Gaeilge 2015 oscailte anseo againn. Is anseo a gheobhaidh sibh na tuairiscí, na torthaí agus na pictiúir is déanaí ó mhórfhéile na nGael!


 

Cló Iar Chonnacht

Luach míle euro de leabhair le buachtaint! Mórchomórtas Tuairisc.ie i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil comórtas speisialta againn an tseachtain seo daoibh mar cheiliúradh ar Chló Iar-Chonnacht a bheith 30 bliain ar an bhfód. Chun cur isteach ar an gcomórtas, níl oraibh ach clárú dár Nuachtlitir anseo.

Is é an chéad duais atá againn daoibh ná beart leabhar agus earraí ceoil le Cló Iar-Chonnacht, ar fiú €500 é.

Tá cúig cinn eile de dhuaiseanna le bronnadh chomh maith, ar fiú €100 an ceann iad. Is féidir na leabhair atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le tríocha bliain anuas a cheannach ina siopa i gCois Fharraige, i gConamara, nó ar a suíomh idirlín anseo.

Is fiú go mór dul ag póirseáil sa chatalóg dá bhfoilseacháin ar fad, atá ar fáil anseo. Go n-éirí libh!


 

Oireachtas na Samhna 2015

Tá Oireachtas na Samhna buailte linn an athuair agus na mílte Gael ag déanamh ar Óstán an Citywest ar bhruacha Bhaile Átha Cliath, lucht Tuairisc.ie ina measc.

Beimid ar an láthair agus seastán againn ann ag Aonach an Oireachtais, a sheolfaidh Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Ray Mac Mánais ag meán lae inniu.

Tá míle fáilte roimh ár léitheoirí teacht chomh fada linn agus a gcuid aiseolais a roinnt linn má bhíonn a fhonn sin orthu. Lena chois sin, féadfar féachaint ar na hearraí go léir a bheidh ar fáil ag seastán Tuairisc.ie.

Beidh neart scéalta agus cur síos againn ar na himeachtaí éagsúla a bheidh ar bun in Óstán an Citywest as seo go ceann scríbe, Dé Domhnaigh, mar aon le gailearaithe agus físeáin.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie