Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

Comórtas

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith linn comhghairdeachas a dhéanamh le buaiteoirí chomórtas na seachtaine seo caite. Cóip d’albam Choilm Mhic Con Iomaire a bhí le buachtaint agus is iad na buaiteoirí an turas seo ná Gearóid Mac Suibhne agus Máirtín Ó Ruairc. Go maire siad a nuacht agus go mbaine siad taitneamh as albam breá Choilm!

Le teacht…

Mar is dual dúinn a dhéanamh, mholfaimis daoibh súil in airde a bheith agaibh le cuntais spéisiúla ónár gcolúnaithe ar Tuairisc.ie as seo go ceann cúpla lá.

Ag caint ar an slad a rinneadh ar an bpobal Airméanach atá Alex Hijmans inniu, lá a bhfuil an méid sin á chaoineadh agus á thabhairt chun cuimhne ag muintir na hAirméine féin. Deir Alex linn go gcothaíonn an fhoclaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar ar tharla dóibh idir 1915 agus 1917 conspóid mhór ach déanann amach go bhfuil sé de cheart ag gach pobal ‘a rogha rud a thabhairt ar eachtraí a staire féin’.

Ag tabhairt chun cuimhne eachtraí spóirt na nGael ar an Oileán Úr a bheidh Mártan Ó Ciardha ar an Domhnach, agus labhróidh sé ar an tráth a raibh foirne na n-imirceach in ann cath a chur ar sheaimpíní sraithe na tíre seo, tráth atá ‘imithe le fán’ anois. Bí ag faire amach don méid sin, más ea, agus do cholúin Phóilín Ní Chiaráin agus Chathail Mhic Coille leis.

Youtube

Lá breithe sona do youtube a bhí deich mbliana ar an bhfód inné. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu iontu, gheobhaidh siad físeáin uile Tuairisc.ie anseo ar an suíomh sin ó lainseáladh í:

Agus seo na cinn Ghaeilge is mó a thaitin le Tuairisc.ie. ó 2014.

I mbéal an phobail

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo gur thug Roinn na Gaeltachta le fios d’Údarás na Gaeltachta nár cheart go mbeadh moltaí mar chuid de shaothar taighde a choimisiúnaigh an tÚdarás féin chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007.

Agus an Roinn i mbun comhfhreagrais leis an Údarás, chuir siad in iúl dóibh go raibh “mórcheisteanna” acu i dtaobh sraith moltaí a rinne údair na tuarascála, ar nuashonrú í ar an Staidéar thuasluaite.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn cheana faoin mbaint a bhí aici le moill a bheith ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt siad gur “ceist í seo d’Údarás na Gaeltachta, is é an tÚdarás atá ag plé le nuashonrú ar an Staidéar”.

Is léir, áfach, ó na cáipéisí atá faighte ag Tuairisc.ie ó shin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach amhlaidh atá agus gur cnámh spairne iad moltaí nua na n-údar.

Ag caint dó ar Cormac ag a Cúig i rith na seachtaine, dúirt Donncha Ó hÉallaithe go mba mhór an chabhair na moltaí céanna, fiú má bhí siad lasmuigh de théarmaí tagartha na hoibre a iarradh ar na húdair a dhéanamh, agus gur gá deireadh a chur leis an maorlathas a ghabhann le hÚdarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, ar maorlathas é atá ag cur laincisí ar phobal na Gaeltachta pleanáil teanga a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Beatha agus beocht na teanga, seachas a mhalairt, a bhí á bhfógairt ag Antain Mac Lochlainn i rith na seachtaine, mar a ndearna sé scagadh ar roinnt dea-shamplaí d’aistriúcháin Ghaeilge.

‘Níl lá a théann thart nach n-aimsíonn cainteoirí Gaeilge friotal foirfe le cur síos ar an saol thart orthu’, a deir Antain linn.

Cuid nach beag den chur síos sin, is ar líne a dhéantar anois é, go mórmhór ar na meáin shóisialta. Dea-scéal, mar sin, is ea an méid a d’fhógair Maitiú Ó Coimín an tseachtain seo go bhfuil leagan beta Gaeilge den suíomh sóisialta Twitter sceite trí thimpiste ag an gcomhlacht.

Cé go raibh Twitter ag iarraidh an leagan beta a tharraingt siar, moladh dóibh gan é sin a dhéanamh mar gheall ar líon na ndaoine a bheadh ag iarraidh an leagan Gaeilge a úsáid ó tháinig sé ar an saol. Is de réir a chéile atá na comhlachtaí móra seo a thuiscint an t-éileamh atá ar a gcuid seirbhísí i nGaeilge.

Seirbhís eile a bhfuil éileamh nach beag uirthi is ea réamhfhaisnéis na haimsire. Ba í Fiona Ní Fhlaithearta, láithreoir aimsire le TG4, a bhí i mbun cainte le Sara Ní Chuirreáin an tseachtain seo ar ‘Barr Smaise’.

Cainteoir eiseamláireach í Fiona agus ba bhreá an rud é dá dtabharfaí gach deis do ghasúir óga na Gaeltachta an caighdeán céanna cainte a bhaint amach dóibh féin sna blianta atá le teacht.

Ní gan dua a tharlóidh an méid sin, áfach, más fíor don Aire Oideachais, Jan O’Sullivan, a dúirt ar an Luan seo caite gur léir ón athbhreithniú ar pholasaí Gaeltachta a Roinne gur gá freastal ar riachtanais ar leith atá ag daltaí Gaeltachta arb í an Ghaeilge teanga an bhaile acu.

Dúirt sí freisin go mbeadh gá le lear mór ábhar tacaíochta chun go mbeadh ar chumas scoileanna Gaeltachta freastal ar riachtanais na ndaltaí sin.

‘Go maire tú i dtréimhse spéisiúil’ a deir na Sínigh le teann íoróine agus is cinnte gur ábhar machnaimh an méid atá ag tarlú i saol na teanga i láthair na huaire, ach níor thógtha ar dhuine dá dtiocfadh iarracht den éadóchas air ina thaobh ó am go chéile, go háirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú sa Ghaeltacht.

Más idéalach féin é, áfach, tá sé ráite nár cheart dúinn aon amhras a bheith orainn in aon chor gur féidir le buíon bheag saoránaigh éirimiúla, thiomanta – ‘meitheal’ i dtraidisiún na Gaeltachta – cúinsí saoil an duine a athrú chun feabhais. Cén fáth, a deir tú? Mar aon athrú dá leithéid a tharla riamh, is de bharr na meithle céanna sin a tharla sé, dá mhéad na dúshláin a bhí roimpi.

In ainneoin dhorchadas a shaoil féin agus na ngeábhanna a thugadh sé ar pholl an duibheagáin, thuig an scríbhneoir iomráiteach, Máirtín Ó Cadhain, an méid seo go rímhaith.

Go deimhin, chreid sé go diongbháilte sa dóchas agus ins an gcumhacht a roinn leis an suáilce sin:

‘Sé an dóchas an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation, a fheicim ariamh anall i stair na tíre,’ a dúirt sé. ‘Na géaga giniúna: an dóchas ag gint an mhisnigh, agus an misneach ag gint an ghnímh’.

Nára fada ónár n-aigne na focail sin agus cúrsaí na hÉireann na linne seo á scagadh againn.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'