D’athraigh 166 saoránach Éireann a n-ainm ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge ó thús na bliana 2014 i leith. De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ó Oifig na bPasanna, d’athraigh 133 duine a n-ainm ó Bhéarla go Gaeilge ó mhí Eanáir na bliana sin agus d’athraigh 33 duine a n-ainm ó Ghaeilge go Béarla.
Tuairiscíodh go forleathan seachtain ó shin go raibh rialtas na hAstráile buartha faoi Éireannaigh a bhí ag baint úsáide as an leagan Gaelach dá n-ainm leis an dallamullóg a chur ar na húdaráis sa tír sin. Maíodh go raibh Roinn na hInimirce agus Cosanta Teorann ag fiosrú scéalta go raibh Éireannaigh a fuair víosa le pas faoina n-ainm Béarla ag cur isteach ar víosa nua faoina n-ainm Gaeilge.
Tá rialacha daingne tar éis teacht i bhfeidhm le cúpla bliain anuas ó thaobh úsáid leaganacha éagsúla d’ainmneacha ar cháipéisí stáit. Sa chás gur i mBéarla a cláraíodh ainm Éireannaigh nuair a rugadh é, níl an ceart sonrach aige leagan Gaeilge dá ainm a úsáid, cé go bhfuil glactha leis an gcleachtas sin go neamhfhoirmeálta ó bunaíodh an stát.
Tá an ceart, áfach, ag saoránach de chuid na hÉireann leagan “eile” dá ainm a úsáid ar a phas a fhad is a chruthaítear go bhfuil an leagan sin in úsáid le dhá bhliain sula gcuirtear isteach ar phas.
Léirítear sna figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie gur tháinig méadú 96% ar líon na ndaoine a d’athraigh a n-ainm ó Bhéarla go Gaeilge idir na blianta 2011 agus 2014. Thit líon na ndaoine a d’athraigh ó Ghaeilge go Béarla 30% le linn na tréimhse céanna.
Deasún ÓSeanáin
Ba chóir go mbeadh Conradh na Gaeilge ag tacú leis na daoine seo.
Tá mé tuirseach ag freagradh ceisteanna amaideacha i mbancanna agus oifigí eile mar-‘fots yar nam in Inglish’ . Dá mbeadh cúpla míle duine eile sasta a nainmneacha a athrú go Gaeilge ceapainn go mbeadh saol níos éasca agam.
An bhfuil eagraíocht amuigh ansin in ann feachtas a láinseol le foireann dlíodóirí agus slua mór pobail na hÉireann atá ag fás anois. Tá siad ag iarraidh an slabhra impiriúlachais cultúrtha a briseadh i mbealach beag amháin-b’fheidir roimh 1916, tá súil agham.
SÓB
Maidir le slabhraí impiriúachais nó slabhraí ar bith eile, tá sé beagánín ródhéanach éinne acu a briseadh roimh 1916, síim.
Seán
Dá n-úsáidfeadh Gaeilgeoirí a n-ainmneacha Gaeilge agus iad a thabhairt ar a bpáistí, cé mhéad a duine a bheadh ainm Gaeilge in úsáid acu taobh istigh de chúpla glúin eile? B’fhiú do Ghaeilgeoirí a n-ainmneacha a athrú go hoifigiúil más ann don toil.
Glór í Eo
Bhuel a Dheasúin tá mise sásta feachtas a bhunú ar na meáin, facebook ( smutleabhair!) srl. chun daoine a spreagadh a n-ainm Gaelach a úsáid.
Deasún ÓSeanáin
Iontach!
1, Cé mhéad daoine ag úsáid a nainmneacha Gaelach faoi láthair?
2, An bhfuil app nó foirm le fáil?
3, Cad a tharla i bhFionlainn nuair a bhfuair siad neamhspléachas ón tSualainn agus iad seo ag iarraidh a nainmneacha dúchais a fháil ar ais arís-agus an scéal céanna san Iosrael?
4, An bhfuil aon fiúntais dlíthiúil ar na sloinnte Gaelach sna rollai scoile?
An bhfuil freagraí amuigh ansin?