Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí...

BobQuinn14-0020

I mbéal an phobail

Ba é alt Dheasúin Fennel faoi chúis na Gaeilge na linne seo is mó a léadh le seachtain anuas.

Tá teipthe ar aisling teanga lucht 1916, a deir “mac Uí Fhionnghail”, agus ‘níor mhór go mbeadh Cúis na Gaeilge mar chuid de chúis idéalach níos cuimsithí, níos uileghabhálaí, ná cúis na teanga amháin’, a áitíonn an t-údar.

Chuige sin, ba ghá eagraíocht nua a bhunú darb ainm ‘Éire Saor’, a deir sé, ach go mbeadh sí ‘teoranta do dhaoine a mbeadh máistreacht ar an nGaeilge acu’ agus sainmhíniú tugtha ag an údar ar a bhfuil i gceist aige le ‘máistreacht’.

D’eascair a lán díospóireachta as an alt céanna agus dúirt duine amháin go mba gheall le ‘seift chun daoine a chur i gcoinne na teanga’ a leithéid de smaoineamh is d’eagraíocht.

Beidh freagra ag Deasún Fennell ar lucht na tráchtaireachta Dé Luain seo chugainn, mar a rachaidh sé i ngleic le cuid de na pointí a tarraingíodh anuas, ina measc an chúis nach dteastaíonn uaidh an focal ‘saor’ a shéimhiú san ainm ‘Éire Saor’.

Tá an séimhiú céanna ag cur tinnis ar Davy Fitzgerald bocht, atá ag foghlaim na Gaeilge in athuair i dteannta Bhrian Cody sa ‘Bhootcampa’, d’fhonn is gur féidir leis an mbeirt acu agus a gcuid imreoirí ‘dul i mbun na hanailíse do TG4’, atá sa dara háit ar an liosta againn. Ní beag an dúshlán atá rompu beirt ach ‘tigh an diabhail’ an áit is córa do dhuine ar bith atá in amhras faoina gcumas foghlama. Mar a mheabhraigh Cody dúinn, ‘tús maith leath na hoibre’ agus níl aon amhras ar fhoireann Tuairisc.ie ach go n-éireoidh go maith leo ‘ag deireadh an lae’.

Grá don duine seachas grá tíre nó grá teanga a bhí faoi chaibidil ag Alan Titley Lá San Vailintín. Más beagnach seachtain ó shin a deineadh an lá céanna a cheiliúradh, tá daoine fós ag léamh alt an Chorcaígh agus an tuiscint atá aige féin ar an rud ‘is grá ann’. Bhí an t-alt seo sa tríú háit ar an liosta againn. An bheirt a bhfuil grá acu dá chéile, a deir an Titlíoch, ní bheidh eagla ar cheachtar acu ‘an cnámharlach sa chupard’ a nochtadh dá chéile.

‘Rún’ eile a nochtadh an tseachtain seo is ea gurb é Aodh Ó Coileáin, léachtóir le cumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus iareagarthóir nuachta le TG4, is mó atá á lua anois leis an bhfolúntas d’Eagarthóir Stiúrtha na Nuachta in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá an t-alt seo sa cheathrú háit ar an liosta. Tá an Coileánach, ar ón Daingean i gCiarraí ó thús dó, ag plé leis na meáin ó thosaigh sé ag obair le Radio Kerry ag tús na nóchaidí.

Thug sé seal mar láithreoir ar an gclár ‘Seó Beo an tSathairn’ i dtús na nóchaidí agus chaith sé tréimhse chomh maith i mBaile na nGall ag plé le cúrsaí nuachta agus ag cur An Saol ó Dheas i láthair.

Fear eile a tógadh sa taobh sin tíre agus a bhíonn i mbun léirithe ar an gclár céanna is ea iarpheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a dhein scagadh an tseachtain seo caite ar conas ‘tá ag éirí leis an margadh idir Cumann Lúthchleas Gael agus SKY. Tá alt an Chinnéidigh fós ag mealladh ár léitheoirí.

Tuairiscíonn sé gurab amhlaidh nach bhfuil ag éirí leis an margadh, fiú ar bhonn tráchtála, in ainneoin ar mhaígh saoithe CLG roimhe seo agus iad ag iarraidh an conradh lena aghaidh a bhrú chun cinn.

Tarraingíonn fear Bhaile na hAbha ar alt atá foilsithe ag an Dochtúir Paul Rouse (UCD) le déanaí, áit a bhfuil scrúdú déanta aige ar fhigiúirí lucht féachana na Ríochta Aontaithe i gcomhair na gcluichí Gaelacha, a léiríonn gur beag difear atá déanta ag an margadh nua seo, ní hamháin ar bhonn tráchtála, ach ar bhonn poiblíochta ach oiread.

Mar a mheabhraigh Ó Cinnéide dúinn san alt céanna, ba é a dúirt Rouse féin i mbeagán focal: “… i ndeireadh na dála, nuair a fhágtar an reitric mar gheall ar sheirbhís dos na himircigh ar leataobh, níl agat ach seirbhís a bhíodh ar fáil cheana ach atá anois á sholáthar ar bhonn stróicthe, briosc ar thrí oiread an chostais”.

Nach chuige sin a bhí lucht sínithe an chonartha, thar aon ní eile, agus nach é fé ndeara an ‘tost dainséarach’?

‘Mór mo náire: mo chlann féin a dhíol a máthair’?

Caomhnú na Gaeltachta agus ath-Ghaelú na tíre ba mhian leis an té a leagtar na focail sin air, arbh ionann leis córas oideachais na tíre seo agus carcair an anama is na hintleachta araon.

Is beag idir na haimsirí.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil liomsa, Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie