Tír gan tírghrá, tír gan anam – gá le bunúdar nua do ‘chúis na Gaeilge’

Caithfidh ‘Cúis na Gaeilge’ a bheith mar chuid de chúis idéalach níos cuimsithí, níos uileghabhálaí, ná cúis na teanga amháin.

BobQuinn14-0069
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Nuair a bunaíodh an stát Eireannach bhí an dá aidhm chultúrtha seo aige: an Ghaeltacht a shábháil agus an Ghaeilge a athbheochan mar an ghnáththeanga labhartha sa ‘nGalltacht’, mar a deirtí.

Sna blianta ó shin i leith, nuair a d’fhoghlaim, labhair agus scríobh dá dtoil féin na mílte Eireannach Gaeilge bhí—seachas sásamh intleachtúil agus cumarsáid theoranta—an dá aidhm thírghrách sin mar sprioc agus mar réasún acu. B’ionann an dá chuspóir sin agus ‘Cúis na Gaeilge’ ag ‘Gluaiseacht na Gaeilge’, ina súile siúd agus i súile an phobail ghinearálta.

Anois go bhfuil sé soiléir, agus a fhios ag cách beagnach, nár sábháladh an Ghaeltacht, agus nach n-athbheofar an Ghaeilge mar an ghnáththeanga sa tír ná i gcuid ar bith di, tá fadhb ann, agus ceist ardaithe, dúinne gur luachmhar linn í an teanga Ghaeilge.

Dar linn is ionchollú í den náisiún ársa seo againne, dá stair agus dá féiniúlacht neamhspleách agus ba mhian linn go leanfadh líon substaintiúil daoine – 8,000 ar a laghad, abraimís – á labhairt, á scríobh, á cothú agus á forbairt ina tír dhúchais.

Ach ní féidir go dtarlóidh sé sin mura bhfuil sa nGaeilge ach uirlis chumarsáide mar níl gá léi chuige sin— tá an Béarla ar fáil sa ról sin gan dua.

Le go dtarlódh an rud ba mhian linn, níor mhór go mbeadh sprioc agus réasún tírghrách nua ann a spreagfadh 8000 duine, ar a laghad, sa gcéad ghlúin eile, agus sna glúnta ina dhiaidh sin, le máistreacht a fháil ar an nGaeilge agus í a labhairt agus a scríobh. Chuige sin níor mhór go mbeadh ‘Cúis na Gaeilge’ mar chuid de chúis idéalach níos cuimsithí, níos uileghabhálaí, ná cúis na teanga amháin.

Ar bhonn trialach mar sin, molaim go mbunódh roinnt Gaeilgeoirí eagraíocht dár teideal ‘Éire Saor’. Thagródh ‘saor’ do shaoirse intleachtúil, chultúrtha agus pholaitiúil an náisiúin. Nuair a smaoinítear ar phroibhinseachas cultúrtha agus intleachtúil na hEireann inniu i leith Mheiriceá agus Shasana agus ar a híochtaránachas polaitiúil i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh, tá sé soiléir go bhfuil feidhm i gcónaí leis an sean-nath ‘Éire Saor’.

Éire Saor

  1. Bheadh ballraíocht in Éire Saor teoranta do dhaoine a mbeadh máistreacht ar an nGaeilge acu agus an chiall le “máistreacht” le sainiú trí scrúdú dian sa nGaeilge labhartha agus scríofa ina bhfaighfeadh an t-iarrthóir ar a laghad 90 as 100.
  2. Shíneodh an t-iarrthóir a nglacfaí leis nó léi ráiteas a déarfadh: ‘Beidh mé ag saothrú ar son saoirse intleachtúil, chultúrtha agus pholaitiúil na hEireann agus á dhearbhú sin trí úsáid na teanga náisiúnta labhartha agus scríofa sa méid agus is féidir liom.’
  3. Bhronnfaí fáinne ‘óir’ ar an mball nua ar an gcoinníoll go gcaithfeadh sé nó sí go sofheicthe ar a c(h)uid éadaí é.
  4. Bheadh sé ráite i mbunreacht Éire Saor nach bhfeidhmeodh sí riamh mar pháirtí polaitíochta.
  5. Bheadh gnáthobair Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile, chomh maith leis an teagasc Gaeilge sna hollscoileanna, dírithe ar dhaoine a ullmhú le haghaidh scrúdú iontrála Éire Saor.

Nuair a bheadh Éire Saor ann agus a ballraíocht ag méadú, bheadh cúrsaí athraithe dá réir agus d’fheicfeadh Gaeilgeoirí agus an pobal ginearálta ‘cúis na Gaeilge’ mar chúram do thírghráthóirí a chuireann a dtírghrá in iúl trí labhairt agus scríobh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tír gan tírghrá, tír gan anam – gá le bunúdar nua do ‘chúis na Gaeilge’'

  • Críostóir Ó Faoláin

    Más rud é go bhfuil saoirse pholaitiúil an náisiúin mar chuid d’aidhmeanna an eagraíocht nua seo, is ionann sin agus gan fáilte roimh Aontachtaithe ann, nach ionann? Ní dóigh liom féin gur cheart coinníoll pholaitiúil a chur idir daoine agus chur chun cinn na Gaeilge. Bhearr liom eagraíocht a bheas neodrach ar an ceist sin ionas go mbeidh daoine ón dhá traidisiúin ar an oileáin seo in ann páirt a glacadh.

  • Philip

    An bhfil an t-alt seo ar fán ón rannán ‘Greann’?
    Dála an scéil, don té atá ag iarraidh ‘máistreacht a fháil ar an nGaeilge’, nárbh fhearr dó bheith ina bhall de Éire Shaor, le séimhiú?

    • Kevin Hickey

      Bhí an comhrá céanna againn féin san oifig faoin séimhiú seo.

      Ba é ár dtuiscintne go raibh an t-údar ag tabhairt le fios leis an teideal thuas gur ‘Éire a bheith saor’ ar bhonn teanga etc an coincheap atá i gceist, i.e. ‘saor’ ag feidhmiú mar a bheadh dobhriathar seachas aidiacht.

      Amach ó chruinneas gramadaí, is minic nach mbíonn fonn ar dhaoine focail dár tús d,t,s nó f a shéimhiú, go háirithe dá gcuirfeadh an séimhiú sin an focal atá i gceist thar aithint na cluaise.

      Go raibh maith agat as suim a chur san alt.

      KH
      Fo-eagarthóir Tuairisc.ie

      • Philip

        Sure, Kevin, thiocfadh leat an rud céanna a mhaíomh fá aidiacht aitréibheach ar bith, ie is ionann ‘bean phósta’ agus ‘bean a bheith pósta’ is ionann ‘fuinneog dhubh’ agus ‘fuinneog a bheith dubh’.
        Ach maidir leis an tuairim eile uaim, an bhfuil sibh cinnte nach greann atá san alt seo? Mar is beag ciall atá leis. Seans go n-éireoidh mé féin as an Ghaeilge a labhairt má leanann daoine eile leo ‘cúis’ a dhéanamh den teanga. Cad é fúinn, na neamhchúisitheoirí, ná neamhghníomhaí teanga nach ndéanann ach í a labhairt?

        • Kevin Hickey

          Glacaim le do phointe maidir leis an séimhiú agus an aidiacht aitreabúideach.

          Ar a shon sin, cé nár mhaith liom labhairt thar ceann an údair, is dóigh liom go bhféadfaí an mhíbhrí a bhaint as ‘Éire Shaor’ sa chás seo go bhfuil a leithéid de rud ann cheana, tuiscint a bheadh bun os cionn ar fad le bunéirim an ailt, dar linn, i.e. ‘saoirse intleachtúil, chultúrtha agus pholaitiúil’ gan bheith bainte amach don náisiún fós.

          ‘Bíodh Éire Saor agus Éire Gaelach’ a rosc catha, shílfeá.

          Slán agus beannacht,

          Kevin

          • Philip

            “Saorú Éireann” mar sin. Buíochas le Dia nár chuir sé ‘Saor Éire’ chun tosaigh mar theideal!
            Agus, ar an phointe eile, níl ach cuid d’Éirinn saor faoi láthair, ag brath ar an tuiscint atá agat ar an fhocal Éire. :):)

  • Darragh Ó Náraigh

    Ní féidir mionteanga a chur chun chinn trí leathchuma a dhéanamh ar dhaoine.

    An bhfuil sé seo dáiríre?Tá sé i gceist ballraíocht a dhiúltiú do dhaoine a bheadh cumas réasúnta maith acu sa teanga agus a bheadh báiúil don teanga de bharr nach mbeadh gramadach fhoirfe acu?

    Cuireann an cinéal seo purism drogall ar dhaoine atá báiúil don teanga páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht.

    Céard a tharlaíonn má fhaigheann tú 89 as 100?Fágtha amach as an ngrúpa de bharr gur fágadh séimhiú amháin ar lár?

  • Liam Ó Briain

    Eagras ar strae a bheas ann. Bhí mé ag súil le ghluaiseacht radacach a chuirfidh deireadh leis an cur i gcéill le moltaí soiléir ach in áit sin scrúdú iontrála a chuirfeadh cosc ar formmhór acu nach shroichfeadh an 90% amach. Tá cuma faisisteach ar an eagras atá á mholadh ag Deasún agus gan gníomh a dhéanamh acu is léir gur caint san aer a bheidh ann

  • Seosamh Ó Cuaig

    Mura bhfaigh tú ach 89 marc déanfaidh tú tuilleadh staidéir ar an nGaeilge agus gheobhaidh tú marc níos airde an chéad uair eile. Sin rud nach mbíonn cuid de na hAthbheochantóirí is glóraí sásta a dhéanamh.

    • Darragh Ó Náraigh

      Nach mbeadh sé níos fearr díriú ar chur chun cinn na teanga in ionad am a chur amú ag staidéar le haghaidh scrúdaithe?

      B’fhéidir go bhfuil na hAthbheochantóirí sin ró-ghnóthach ag obair ar an dtalamh (ar bhonn deonach i gcásanna áirithe) ar son na teanga chun díon-staidéar a dhéanamh ar an dtuiseal ginideach.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sé’n léamh atá agam ar an t-alt seo ná go mbeadh scothaicme eile i réim sa tír ‘chun sochar na Gaeilge’. Caidé seo fá chomharthaí bheith sofheicthe ar éadaí…? Nár tharla a leithéid seo don pobal Giúdach i rith an dara cogadh domhanda?

    Agus ní ghlacaim leis an téarmaíocht atá a úsáid san alt seo i. ‘Gaeilgeoirí’ agus ‘Galltacht’. Chor a bheith gur tagairtí ciníocha atá iontu. Is cainteoir Gaeilge mé agus is linn uilig an teanga, achan duine ar fud na tíre.

    An mbeadh na canúintí éagsúla curtha san áireamh sa ‘scrúdú iontrála’ nó an mbeadh neamhaird déanta do cinn áirithe? – mar a rinneadh le canúint Uladh sa ‘Ghaeilge caighdeánach’.

    Caidé go díreach a bheadh ar siúl ag an 8000 duine seo a bheadh ‘uileghabhálach’ agus ‘níos cuimsithí’ más cumann druidte a bheas iontu?

    Bheinn ag moladh cuidiú le daoine níos mó féinmhuinín agus féinmheas a bheith acu astu/orthu féin leis an teanga a labhairt in áit bheith ag amharc anuas orthu cionnas go bhfuil ‘cáilíocht acadúil’ bainte amach agam.

    • Séamus mac seáin béal feirste

      cé nár mhian liom a bheith droch-mheasúil fá dhuine ar bith a dhéanann iarracht rud éigin a chur chun tosaigh a bhainfeadh le cur chun cinn na teanga sílim go bhfuil an ceart ag Cordelia sa mhéid a deir sí. Tá an rud atá an tUasal Fennell ag moladh 60 bliain as dáta ar a laghad imo thuairim. Baineann an smaointeoireacht sin an scoth aicmeachais le treimhse roimh an dara chogadh domhanda ach lán- mharc dó as machnamh a dhéanamh air.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Bí ag trácht ar sheift chun daoine a chur i gcoinne na Gaeilge agus i do choinne féin go pearsanta!
    Free masons na Gaeilge.
    Ar a laghad tá na máisiúin cliste go leor gan suantas a caitheamh.

    • Seán Mag Leannáin

      Dia go deo leat, a Dháithí ! tá sé ráite agat !

    • Donncha Ó hÉallaithe

      Ag trácht ar na ‘masons’, tá mé ag léamh faoi láthair beathaisnéis George O’ Malley, an ‘Captaen Ó Máille’ céanna den amhrán breá. Tá 2,000 leathanach ann faoin ragairneacht, faoin smuglaeracht, faoi eachtraí mar fodhlaí mara, ag tús na 1800aí. Tagann sé slán go minic mar gur ‘free mason’ a bhí ann. Cé nach mbíodh suathantas á chaitheamh acu bhí comharthaí áirithe (craitheadh lámha de cineál áirithe) lena chur in iúl dá chéile go raibh sna ‘másúin’. Ní bhaineann sin in aon bhealach le moladh Dheasúin, ach amháin go bhfuil mé ag ‘wonderáil’ an bhfuil Deasún é féin imithe leis na masúin ina sheanaois?

  • Gearóid de Grás

    Ag eascairt as a bhfuil scríofa anseo ag Darragh Ó Náraigh, measaim gur fiú liosta a dhéanamh de na gníomhartha ar son na Gaeilge a bhféadfadh Béarlóirí agus foghlaimeoirí na teanga dul i ngleic leo – an “obair ar an dtalamh” atá luaite aige féin. Is léir go bhfuil an-chuid daoine sásta a rá go bhfuil siad báúil don Ghaeilge ach braithim ag an am céanna gur beag a dhéanann roinnt mhaith díobh ar son na Gaeilge ag deireadh thiar thall. D’fhéadfaí Athbheochantóirí atá ar bheagán Gaeilge a spreagadh chun tacú le gníomhartha a bheadh mar thacaíocht don Ghaeilge. Shamhlóinn go mbeadh foghlaim na teanga mar cheann de na gníomhaíochtaí sin, áfach.

    Na príomhghníomhaíochtaí a bhainfeadh le cainteoirí líofa chun an Ghaeilge a chur chun cinn, dar liom, ná múineadh na teanga d’fhoghlaimeoirí agus tógaint clainne le Gaeilge. Ní féidir i ndáiríre ceachtar de na gníomhartha sin a chur i gcrích go sásúil gan líofacht. Tá gníomhartha eile ann gan dabht: craoltóirí sna meáin, scríbhneoirí srl.

    Ní dóigh liom in aon chor gur gá sraith nua de scrúduithe a eagrú mar atá molta ag Deasún Fennell, Tá a leithéid ann cheana féin – TEG. B’fhéidir gur fiú níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an chéim is airde i gcóras TEG bainte amach acu. Ainmneacha a chur in eolaire le foilsiú b’fhéidir? Mar atá i ngach gné den saol, tá scileanna agus cáilíochtaí de dhíth le dul i mbun oibre go héifeachtach. Is amhlaidh atá le cur chun cinn na Gaeilge freisin. B’fhiú daoine a spreagadh chun líofachta, cinnte.

    Cé nach mbeadh an eagraíocht nua seo ag feidhmiú riamh “mar pháirtí polaitíochta”, dar liom go mbeadh sé an-deacair an pholaitíocht agus na polaiteoirí lofa a sheachaint. Nílim ródhóchasach faoin moladh, caithimse a rá. Ach tá súil agam go bhfuilim mícheart faoi sin.

  • Ruairi s. O'Donaill

    IS LEIR DO CHACH GO BHFUIL AN GHAEILGE AG FAIL BAIS MAR THEANGA LABHARTHA. TUIGEANN GACH AOINNE E SIN ANOIS. MOLAIM DEASUN FENNEL MAR EIREANNACH ATA AG IARRAIDH I A CHAOMHNU MAR THEANGA AG DAOINE AG A MBEADH MEAS AGUS URRAIM UIRTHI MAR OIDHREACHT ARSA INTELEACHTUIL AGUS CULTURTHA NA H-EIREANN! .MAS FEIDIR LEIS 8,000 ‘CEITHIRN TEANGA’ MAR SIN DO GHAIRM CHUIGE DO BHEADH CEIM AR AGAIDH TUGTHA AG AN NAISIUN I DTREO AITHBHEOCHANA AISLINGE AILNE..