Ag ceiliúradh na Nollag san ionad cúraim 

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Níl tuiscint dá laghad a thuilleadh ag máthair ár gcolúnaí agus ag na háitritheoirí eile san ionad cúraim ar am ná ar shéasúir, ach beidh a fhios acu gurb í an Nollaig í!

Ag ceiliúradh na Nollag san ionad cúraim 

Ní clann mhór Nollag a bhí ionainn riamh.

Níor tógadh le creideamh muid agus shíl mo dheaide agus mo mham gur áiféis a bhí i dturcaí nó fiafheoil a chur ar an mbord Lá Nollag. Cabáiste a bhíodh againn (piléar i gcoinne an tomhaltachais atá i ngach cabáiste a itear Lá Nollag.)

Ní cabáiste a bheidh ar an mbord Lá Nollag san ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu mar a bhfuil cónaí ar mo mham le breis agus dhá bhliain anuas.

Níl tuiscint dá laghad a thuilleadh ar chúrsaí ama ag mórchuid na n-áitritheoirí ar an tríú urlár, mo mháthair san áireamh. Déardaoin? Dé Luain? Earrach? Fómhar? Tuairim dá laghad. Lá agus oíche, sin an méid a thuigeann a bhformhór.

Ach by Dad, beidh a fhios acu gurb í an Nollaig í.

Tá crainn Nollag curtha suas i ngach cúinne agus tá giuirléidí agus maisiúchán crochta ó chuile shíleáil.

An lá cheana bhí mo dheartháir óg agus mé féin ar cuairt chuig ár mam ag an am céanna, an rud is annamh is iontach, agus bhí na heilfeanna is na haingil, na réinfhianna agus na fir shneachta, na craobhacha cuilinn agus leagan sách hardcore de Jingle Bells ár gcur rud beag as ár meabhair, go háirithe ó ba rud é gur cheann de na laethanta sin a bhí ann nuair nach mbíonn focal as ár máthair, í ag stánadh amach roimpi i bhfolús nach ann don Nollag ná do na daoine timpeall uirthi.

Rug mo dheartháir ar liathróidín dearg déanta as plaisteach, maisiúchán Nollag a bhí curtha i mbabhla ag an bhfoireann, i gcuideachta thart ar scór liathróidíní dearga agus órga eile nach raibh spás fágtha dóibh, ba chosúil, i bhforaois na gcrann Nollag. Chroith mo dheartháir an liathróidín anonn is anall os comhair súile ár máthar, leag síos os a comhair é, agus ansin, gan choinne, chuir mo mham an liathróidín ag rolláil trasna an bhoird chugamsa. Rug mé air, rolláil ar ais é, agus chuir sí chugam arís é.

Is ait an chaoi go mbíonn tionchar ag galar Alzheimer ar chodanna áirithe den inchinn i dtosach agus ní ar chodanna eile. Tá cumas cainte ár máthar agus 99 faoin gcéad dá cuid cuimhní ídithe ag an ngalar, ach dhéanfadh sí cúl báire iontach; níl rud ar bith mícheart lena gluaiseachtaí frithluaileacha.

Rinne muid triantán, mé féin, mo dheartháir agus ár mam, ag cur an liathróidín Nollag anonn is anall chuig a chéile trasna an bhoird, ár gcasadh féin á bhaint as an Nollaig againn mar chlann, díreach mar a dhéanadh muid fadó.

Fág freagra ar 'Ag ceiliúradh na Nollag san ionad cúraim '

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    An-deas Alex. Nollaigh Shona duit féin, do mháthair agus do dhéarthair.