Admhaithe ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad ba chúis le comhartha mistéireach ‘As Gaeilge 40m’

Shéan an Chomhairle roimhe seo aon bhaint a bheith acu le comhartha a raibh ‘As Gaeilge 40m’ mar aistriúchán ar ‘Footpath ends in 40m'

Admhaithe ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad ba chúis le comhartha mistéireach ‘As Gaeilge 40m’

Tá admhaithe ag Comhairle Contae Loch Garman gurbh iadsan a bhí freagrach as comhartha ‘mistéireach’ a raibh ‘As Gaeilge 40m’ mar aistriúchán ar ‘Footpath ends in 40m’ air.

Shéan an Chomhairle roimhe seo aon bhaint a bheith acu leis an gcomhartha a bhí crochta gar do Pháirc Oidhreachta Náisiúnta na hÉireann i gCaladh na Carraige.

Ach dúirt Oifigeach Cumarsáide na Comhairle tráthnóna inné gurb amhlaidh go raibh an locht air féin agus ar an gComhairle faoin gcomhartha díchéillí.

Ag labhairt dó ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, thug David Minogue le fios gurb amhlaidh gur scríobh sé féin ‘As Gaeilge 40m’ ar ríomhphost faoin gcomhartha toisc nach raibh an t-aistriúchán Gaeilge dó réidh go fóill.

Is cosúil, áfach, gur shíl an fochonraitheoir, gurbh ionann ‘As Gaeilge 40m’ agus an t-aistriúchán ar ‘Footpath ends in 40m’, gur chuir siad an méid sin go léir ar an gcomhartha agus gur chroch siad é.

Sheol Minogue an t-aistriúchán ceart chuig an bhfochonraitheoir ach bhí an dochar déanta agus an praistriúchán ar fud na mias.

Dúirt Minogue go raibh an comhartha bainte anuas ag an gComhairle Contae agus go go gcuirfí ceann nua, le haistriúchán cruinn, in airde laistigh de chúpla lá.

Mí an Mhárta a cuireadh an comhartha in airde ar dtús, rud a fhágann go raibh an botún le feiceáil ar feadh beagnach sé mhí sular tarraingíodh aird air.

Dúirt Minogue go raibh go leor daoine i dteagmháil leis an gComhairle Contae ag fiosrú an mbeifí in ann an comhartha lochtach a cheannach. Smaoineamh amháin a bhí aige ná an comhartha a chur ar ceant chun airgead a bhailiú do charthanacht áitiúil.

Cé go raibh sé féin thíos leis, dúirt Minogue go raibh an scéal tar éis ábhar grinn a thabhairt do dhaoine tráth a raibh “an saol crua”.

Tharraing an comhartha go leor airde nuair a scaipeadh pictiúir de ar na meáin shóisialta le gairid.

Dúirt Comhairle Contae Loch Garman go raibh an comhartha bainte anuas acu ach go raibh an scéal fiosraithe acu agus nach iad a chuir an comhartha in airde.

Spreag an eachtra gáire ó dhaoine ar líne agus bhí mearbhall ar dhaoine faoi cé a chuirfeadh suas a leithéid.

Fág freagra ar 'Admhaithe ag Comhairle Contae Loch Garman gurb iad ba chúis le comhartha mistéireach ‘As Gaeilge 40m’'

  • Pádraig Ó Baoill

    Scaradh Fisiciúil ar son na Gaeilge!