Tharraing fear as Conamara ar gearradh pianbhreith ceithre mhí air i mí Feabhra as bagairtí a dhéanamh ar líne ar cheannaire Fhine Gael Simon Harris siar a achomharc inniu i gCúirt Chuarda na Gaillimhe.
Thug abhcóidí Patrick Grealish, as Leitir Mealláin i nGaeltacht na Gaillimhe, le fios don Bhreitheamh Brian O’Callaghan go raibh an t-achomharc á tharraingt siar ag a gcliant. Tugadh ón gcúirt ar an bpointe boise é agus cuireadh tús leis an bpianbhreith.
Bhí Simon Harris ina Thaoiseach in 2024 nuair a rinneadh na bagairtí trí na meáin shóisialta. Dúirt Grealish, a bhfuil cónaí air i nGarraí an Choirce, go maródh sé Harris agus a chlann.
Cúisíodh i mí na Nollag na bliana seo caite é agus gearradh pianbhreith ceithre mhí air i mí Feabhra na bliana seo. Phléadáil Grealish ciontach agus ghearr an Breitheamh Fiona Lydon ocht mí príosúnachta air i gcúirt Dhoire an Fhéich. Cuireadh na ceithre mhí dheireanacha ar fionraí.
Dúirt Simon Harris, atá anois ina Thánaiste, i ráiteas a léadh sa chúirt gurbh fhearr leis gan an cás a bheith os comhair na cúirte ach go raibh sé ‘tábhachtach” go dtuigfeadh Grealish an tionchar a bhí ag an méid a rinne sé ar Harris agus ar a mhuintir.
“Tá a fhios agam go bhfuil cuid mhór den domhan ar líne sa lá atá inniu ann ach tá mé ag iarraidh go mbeidh a fhios agat nuair a théann tú i bhfolach taobh thiar de do mhéarchlár agus d’ainm úsáideora nach léiríonn cé thú féin, bíonn tionchar ceart fós ag do chuid focal agus is údar gortaithe, péine, agus imní do chuid bagairtí,” a dúirt an Tánaiste.
Dúirt sé go raibh sé ina theach cónaithe ag a deich a chlog san oíche nuair a fuair sé teachtaireacht ar na meáin shóisialta ina ndúirt Grealish gur theastaigh uaidh a bhean chéile agus a chlann a ghortú agus inar cuireadh síos go grinn ar an méid a dhéanfadh sé orthu.
“Samhlaigh [gur tharla sé sin] sa chomhthéacs go raibh bagairtí leanúnacha á bhfáil ag an teaghlach ó fhoinsí eile roimh an teachtaireacht sin. Cén chaoi a n-aireofá féin, dá léifeá go raibh duine éigin ag iarraidh do pháistí óga a ghortú, go raibh duine éigin ag iarraidh do dhaoine muinteartha a ghortú? Ar chuimhnigh tú ar an tionchar nuair a scríobh tú an teachtaireacht agus nuair a sheol tú í?” a dúradh i ráiteas Harris.
Dúirt an Tánaiste gur airigh sé go raibh a theaghlach i bhfíorchontúirt nuair a chonaic sé an bhagairt ó Grealish agus go raibh an foréigean in aghaidh polaiteoirí níos coitianta sa lá atá inniu ann.
“Níl aithne agam ort, níl rud ar bith ar eolas agam fút, ní ghuífinn drochrud ort choíche. Faraor, níor thug tú an meas bunúsach céanna do mo theaghlach. Chreid mé go fírinneach gur chuir do ghníomhartha i mbaol muid trí bhagairt dhíreach a bhí tú ag iarraidh a fhíorú nó trí bhagairt a phostáil agus súil agat daoine eile a spreagadh,” a dúirt Harris.
Ciontaíodh Grealish 70 uair cheana as goid agus as coireanna ar an mbóthar. Dúradh sa tuairisc phromhaidh a réitíodh don chás go raibh fadhbanna mothúchán ag Grealish nuair a rinne sé na bagairtí agus go raibh sé ag ól an lá sin. Dúradh freisin gur bhásaigh beirt chairde leis thart ar an am céanna.
Fág freagra ar 'Achomharc tarraingthe siar ag fear as Conamara a rinne bagairt ar Simon Harris'