Achainí déanta ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí acmhainní breise a lorg d’fhoilseacháin Ghaeilge

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go raibh ‘rud éigin bunoscionn’ leis an méid airgid a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge i gcomparáid le heagraíochtaí eile

Achainí déanta ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí acmhainní breise a lorg d’fhoilseacháin Ghaeilge

Níl aon mhórfhorbairt i ndán do na meáin scríofa i nGaeilge ceal acmhainní, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Tuairisc, go raibh sé in am aghaidh a thabhairt ar “an mbearna mhillteanach a bhí riamh ann idir maoiniú na meán scríofa Gaeilge agus maoiniú na meán Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile”.

Dúirt sé gur €500,000 sa bhliain an ciste d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge ó 2014 i leith – Tuairisc, Comhar agus Nós –  ach gur breis is €800,000 sa bhliain a bhíodh ann roimhe sin.

“Breis is €60 milliún atá ag craoltóirí na Gaeilge agus nílimid ina dhiaidh orthu – is maith ann iad – ach is léir go bhfuil rud éigin bunoscionn leis an maoiniú atá ar fáil do na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge,” arsa Eagarthóir Tuairisc.ie.

Dúirt sé dá fheabhas iad cuid de na meáin Ghaeilge eile agus na heagraíochtaí Gaeilge eile nár léir “aon tábhacht bhreise a bheith ag baint le go leor de na seirbhísí eile sin seachas mar atá ag baint le seirbhís nuachta scríofa ilmheán ar ardchaighdeán”.

“Tá maoiniú níos lú á fháil ag Tuairisc.ie mar dheontas bliantúil ná mar a bhí á fháil breis is deich mbliana ó shin ag an nuachtán seachtainiúil a bhí ann romhainn, in ainneoin seirbhís i bhfad níos rialta a bheith á cur ar fáil againn.

“Go deimhin, is deacra an bhearna seo a thuiscint nuair a chuimhníonn tú ar a thábhachtaí is atá an tseirbhís nuachta ar líne anois i gcomparáid le seacht mbliana ó shin fiú.”

I láthair ag an gcruinniú chomh maith bhí Maitiú Ó Coimín, Eagarthóir na hirise ar líne Nós, agus Cormac Ó hAodha, eagarthóir Feasta. Bhí an bheirt acu ar aon fhocal gur cúrsaí maoinithe agus acmhainní an bac is mó ar fhorbairt na hearnála.

D’iarr Cormac Ó hAodha ar bhaill an choiste go gcuirfí ar fáil do Feasta arís an maoiniú a bhíodh á fháil ag an iris nó gur stop Foras na Gaeilge é in 2014. Dúirt sé chomh maith gur chóir tacaíocht a chur ar fáil le digitiú a dhéanamh ar an mbreis is 800 eagrán de Feasta atá foilsithe ó bunaíodh an iris i 1948.

Labhair Maitiú Ó Coimín, Eagarthóir Nós, faoin ngéarchéim scríbhneoireachta Gaeilge agus faoin easpa deiseanna oilliúna a bhíonn ann do dhaoine óga toisc a laghad acmhainní a bhíonn ag na foilseacháin Ghaeilge. Dúirt sé go raibh an fhadhb chomh mór sin gur deacair a rá cé a thiocfaidh i gcomharbacht air nuair a éireoidh sé as an eagarthóireacht le Nós.

Iarradh ar bhaill an choiste brú a chur ar gach dream a bhfuil lámh acu i maoiniú na bhfoilseachán Gaeilge tuilleadh acmhainní a chur ar fáil dóibh mar ábhar práinne.

“Creidimid gur chóir anois muinín a léiriú sa mhúnla atá leagtha síos againn agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chun an nuachtán ar líne a fhorbairt,” a dúírt Séan Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie.

Is den riachtanas é go léireodh maoiniú Tuairisc.ie tábhacht, caighdeán agus rath intomhaiste na seirbhíse. Ba chóir go léireodh an maoiniú chomh maith tuiscint níos fearr ar an bhforbairt bhreise iontach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tseirbhís ar líne, ar mhaithe le hiriseoireacht na Gaeilge agus le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Tá sé i gceist ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí an choiste tuarascáil a ullmhú faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus sraith moltaí a dhéanamh inti.

Thug Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, le fios go gcuirfí moltaí na n-eagarthóirí san áireamh nuair a bheadh an tuarascáil á cur i dtoll a chéile.

Mhol an Teachta Dála Neamhspleách, Catherine Connolly, go n-iarrfaí go gcuirfí am ar leataobh sa Dáil chun díospóireacht a dhéanamh faoin tuarascáil nuair a bheadh sí réidh.

Ba iad na comhaltaí eile a léirigh tacaíocht do chás na bhfoilseachán ag cruinniú an lae inné, An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin, agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ar Theachtaí Dála agus Seanadóirí acmhainní breise a lorg d’fhoilseacháin Ghaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Caithfear tacú le scríbhneoirí i dtosach mar is iad na scríbhneoirí a líonfaidh na foilseacháin.
    https://socialistvoice.ie/2022/03/tomas-mac-siomoin-1938-2022/
    Tar éis dom scata aistí ómóis a léamh le déanaí faoin scríbhneoir Tomás Mac Síomóin, a bhí ina dheoraí cultúrtha thall sa Chatalóin d’fhéadfá a rá, d’fhiafraíos díom féin an mbeadh plaic ghorm in ómós dó amach anseo.
    Tar éis an tsaoil, tá plaic ann do Dowden, Aontachtaí a bhí nimhneach in aghaidh na Gaeilge:
    https://plaquesofdublin.ie/edward-dowden-poet-critic/
    Nach bhfuil sé thar am againn liosta na ndaoine sin a iniúchadh agus na bearnaí a aithint? Cad is fiú plaic? Dá mbeadh níos mó plaiceanna gorma ann do scríbhneoirí na Gaeilge, thuigfeadh an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí Gaeilge nach ag maireachtáil atá siad i dtír atá naimhdeach don teanga shinseartha. Ní bheadh ann ach siombail agus tá gá le níos mó ná siombailí, ach tús a bheadh ann agus chruthódh sé atmaisféar fáilteach don scríbhneoir Gaeilge, i mo thuairimse.