‘Ach Mamaí, bhí go leor fear sneachta thart ar an mainséar’ 

Tá tús mhí na Nollag linn agus ár gcolúnaí cráite cheana féin ag ceisteanna casta tíreolaíochta, ar nós ‘An bhfuil Beithil i Ros Muc?’…

‘Ach Mamaí, bhí go leor fear sneachta thart ar an mainséar’ 

‘Mamaí, an bhfuil a fhios agat go bhfuil na maisiúcháin thuas ag na comharsana le coicís anuas?’ a d’fhógair Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag siúil isteach an doras théis na scoile an lá cheana. 

‘Ní raibh a fhios,’ a deir mé agus púicín orm ag déanamh neamhairde de na soilse Nollag a bhí ar chuile thaobh dínn ó lár mhí na Samhna. 

‘Tá na fuinneogaí agus na crainnte agus na soilse agus chuile shórt thuas ag chuile dhuine is níl tada thuas againne!’ a deir sí go croíbhriste. 

‘B’fhearr liom an chéad lá de mhí na Nollag a bheith tharainn sula gcuirfidh muid na maisiúcháin suas,’ a deir mé. 

Is deacair cuimhneamh ó bhliain go bliain céard a chuaigh isteach sa mbosca maisiúchán nuair a cuireadh suas ar an lochta é an bhliain roimhe sin. 

‘An bhfuil aon amharc ar na dealbha beaga a bhí againn anuraidh don mhainséar?’ a d’fhiafraigh mé agus mé ag cartadh sa mbosca.

‘Níl ann ach cúpla ceann,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga, ‘bhris an chuid eile acu anuraidh.’ 

‘Tabharfaidh mise cúnamh duit, Mamaí,’ a deir an Babaí go cabhrach, ‘féadfaidh tú an fear sneachta seo a chur isteach ann.’ 

‘Go raibh maith agat,’ a deir mé leis, ‘b’fhéidir gur fearr dúinn an fear sneachta a chur in áit éicint eile agus fágfaidh muid an mainséar leis fhéin.’ 

‘Ach Mamaí,’ a deir an Babaí, ‘bhí go leor fear sneachta thart ar an mainséar.’ 

‘Ní shílim é,’ a deir mé, nuair ba cheart dom mo chlab a dhúnadh agus an fear sneachta a fhágáil mar a bhí.

‘Tá sé te thall i mBeithil.’ 

‘Níl sé te, Mamaí,’ a deir an Babaí, ‘tá sé an-fhuar agus bíonn Santaí agus na réinfhianna ann freisin.’ 

‘Emm, níl hin baileach é,’ a deir mé. ‘Bíonn Santaí thuas sa Mol Thuaidh agus rugadh Íosa i mBeithil, is dhá áit dhifriúla iad.’ 

‘Ó!’ a deir an Babaí. ‘Cá bhfuil Beithil?’ 

‘Tá sé taobh thoir de Ghaillimh in áit éicint,’ a deir an Cailín Mór Beag agus í an-chinnte. 

‘Níl sé taobh thoir de Ghaillimh,’ a mhínigh mé, cé gur dóigh go raibh an ceart aici, ar bhealach. Tá sé taobh thoir de Ghaillimh, ach tá sé achar maith taobh thoir di. ‘Tír eile uilig atá ann, níl sé in Éirinn.’ 

‘Ó,’ a deir an Babaí, ach ba léir nach raibh sé cinnte céard a bhí i gceist le ‘tír eile’. 

‘Bhfuil sé i Ros Muc?’ a d’fhiafraigh sé. 

‘Níl sé i Ros Muc ach an oiread,’ a deir mé. ‘Tá Ros Muc in Éirinn freisin.’ 

‘An bhfuil tú cinnte?’ a d’fhiafraigh sé díom. 

‘Tá mé cinnte go bhfuil Ros Muc in Éirinn,’ a dúirt mé agus lagmhisneach do mo bhualadh agus gan curtha suas fós ach bun an chrainn agus leath den mhainséar. 

‘Tá Ros Muc agus Gaillimh sa tír chéanna,’ a mhínigh mé. ‘Tá siad uilig in Éirinn. Caithfidh tú imeacht thar farraige le dul go Beithil,’ a deir mé. 

‘Ó!’ a deir sé agus cuma na tuisceana air. ‘Ar nós Inis Oírr?’ 

Fág freagra ar '‘Ach Mamaí, bhí go leor fear sneachta thart ar an mainséar’ '

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-mhaith ar fad – an-scéailín 7 an teaghlach seo chomh beo – guímse Nollaig Chroíiúil daoibh uilig :-)