‘Ach cheap mé gur dhúirt tú go bhfaigheann daoine babaí nuair atá siad pósta…’

Tá oiread finscéalta is fabhalscéálta, scéalta móra is scéalta beaga inste ag ár gcolúnaí go mbíonn sé deacair cuntas a choinneáil orthu

‘Ach cheap mé gur dhúirt tú go bhfaigheann daoine babaí nuair atá siad pósta…’

‘Ach cheap mé gur dhúirt tú go gcaithfidh daoine a bheith pósta agus ansin go bhfaigheann siad babaí?’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag meabhrú dom an iarracht shuarach a bhí déanta agam ar fhíricí na beatha a mhíniú dóibh an uair dheireanach ar tháinig an t-ábhar aníos.

Is iondúil go dtarraingítear an cheist seo anuas nuair a chloiseann muid faoi bhabaí nua atá tagtha ar an saol. Shílfeá go mbeadh mé ag súil leis an gceist faoin am seo agus go mbeadh freagra éicint socraithe agam roimh ré.

Mionnaím chuile uair a gcuireann siad an cheist orm, go mbeidh mé réitithe ‘i gceart’ an chéad uair eile. Ach, ar ndóigh, déanaim dearmad arís air.

‘Ní shílim gur dhúirt mé go ‘gcaithfidís’ a bheith pósta?’ a deir mé agus mé ag iarraidh beagán ama a fháil dom féin.

‘Dúirt,’ a dheimhnigh sí.

‘Ok, má dúirt mé é sin, bhí beagán dul amú orm, níl sé sin baileach cruinn…’. D’airigh mé mo chroí ag bualadh agus mígréin ag priocadh liom taobh thiar de mo shúile.

Bhreathnaigh sí go grinn orm.

‘Is dóigh gur cheart dom a rá ‘go minic’. Sin é! Go minic nuair a phósann daoine, bíonn babaí acu ina dhiaidh sin, ach níl aon chall dóibh a bheith pósta.’

Bhí mé beagáinín mórtasach as an bhfreagra sin, caithfidh mé a admháil, agus shíl mé go mbeinn amuigh as an tsáinn leis an méid sin.

‘Agus ní chuile dhuine a bhíonn ag iarraidh babaí a bheith acu, ach an oiread agus sin mar atá an saol!’ a dúirt mé agus mé ag siúl i dtreo na cistine ag iarraidh aon phlé eile ar an ábhar a sheachaint dá bhféadfainn é ar chor ar bith.

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh sí díom agus thuig mé nár shlán dom fós.

‘Bíonn fáthanna difrúla ag daoine difrúla,’ a dúirt mé is mé ag cuimhneamh go raibh sé chomh maith agam a admháil nach bhfuil freagra chuile cheist agam (ná an tríú cuid de na ceisteanna, déanta na fírinne) in áit a bheith ag iarraidh freagraí beaga néata a chumadh.

An fhadhb atá agam ná, de réir mar a tháinig na ceisteanna maidir le ‘fíricí na beatha’ aniar aduaidh orm thar na blianta, bhíodh mé ag cumadh finscéalta is fabhalscéálta, scéalta móra is

scéalta beaga agus tá dearmad déanta agam féin anois ar leath acu.

’Séard atá uaim ná cárta tagartha ar a mbeadh liosta aoiseanna agus le taobh gach aois ar an gcárta ceann nó péire de nodanna  nó ‘freagraí molta’ a bheadh cruinn, agus a bheadh feiliúnach don aoisghrúpa áirithe sin.

D’fhéadfá clúdach plaisteach a chur ar an gcárta is é a choinneáil i do sparán nó i do phóca cúil agus ansin nuair a chuirfí an cheist ort ‘Cé as a dtagann babaithe?’ ní bheadh ort ach breith ar an gcárta tagartha agus away leat.

Fág freagra ar '‘Ach cheap mé gur dhúirt tú go bhfaigheann daoine babaí nuair atá siad pósta…’'

  • Bart

    Tá tú i ladhar an chasúir aici! Beag an baol ná go mbeidh tuilleadh ceisteanna faoin ábhar íogair sin ag fabhrú ina hintinn!