‘Ábhar frustrachais’ é nach bhfuil an Ghaeilge luaite ar chor ar bith i bplean digiteach nua

Cé gur sheol an Rialtas Plean Digiteach don Ghaeilge ag deireadh 2022, níl tagairt ar bith déanta don phlean sin ná don Ghaeilge i bplean digiteach nua do na hearnálacha cruthaitheachta

‘Ábhar frustrachais’ é nach bhfuil an Ghaeilge luaite ar chor ar bith i bplean digiteach nua

Cúis frustrachais agus léiriú ar an neamhaird atá á déanamh ag an Rialtas ar an nGaeilge é nach bhfuil tagairt ar bith déanta don teanga i bplean digiteach nua a seoladh an tseachtain seo caite.

An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney a sheol an Treochlár Thionscail na Cruthaitheachta Digití in Éirinn 2024-2026.  Tá sé i gceist go dtacóidh an plean le “fostaíocht inbhuanaithe” a chruthú chomh maith le cur leis an bhforbairt réigiúnach.

Faoin bplean, díreofar ar thrí earnáil i dtionscail na cruthaitheachta digití, earnálacha deartha tráchtála, cluichí digiteacha agus cruthú ábhair, lena n-áirítear fógraíocht agus brandáil agus ábhar tráchtála do na meáin shóisialta.

Cé gur sheol an Rialtas Plean Digiteach don Ghaeilge ag deireadh 2022, níl tagairt ar bith déanta sa cháipéis nua don phlean sin ná do na deiseanna atá ann an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn in earnálacha na cruthaitheachta digití.

“Is ábhar frustrachais é agus plean mar seo seolta ag an Rialtas, nach gcuirtear an Ghaeilge san áireamh ar bhealach suntasach ar bith ná dáiríre,” a deir Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge.

“Ní rófhada ó foilsíodh tuairisc a thaispeáin go bhfuil an Ghaeilge i mbaol sa domhan digiteach mura gcuirtear tacaíocht ar fáil di sna spáis sin. Dúradh gur ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán di, gur sa rannóg ‘lag agus ar easpa tacaíochta’ a bhí an Ghaeilge níos mó ná deich mbliana ó shin agus gurbh é an stádas céanna a tugadh di in 2022 gan faic a bheith déanta.”

Dúirt an Dr Teresa Lynn, comhairleoir le ADAPT in DCU agus duine d’údair An Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027, anuraidh nach léir go bhfuil tuiscint ann ar an bpráinn atá “le pleanáil straitéiseach, infheistíocht, agus forbairt ar theicneolaíocht Ghaeilge”.

Is é aidhm a bhí leis an bPlean Dhigiteach “bonneagar fadtéarmach taighde agus forbartha” a chur faoin nGaeilge i saol na teicneolaíochta.

Cé go bhfuil an Plean Digiteach dírithe go príomha ar theicneolaíochtaí urlabhra agus teanga, deir Mac Grianna nach bhfuil nasc ar bith déanta idir é agus an plean nua do na hearnálacha cruthaitheachta digití, in ainneoin go raibh An Plean Digiteach ina sprioc lárnach de chuid an Rialtais.

“Faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus faoi Chlár an Rialtais reatha, gealltar cur chuige tras-Rialtais dúinn ina mbeidh an Ghaeilge curtha san áireamh trasna gach Roinn den Rialtas,” arsa Mac Grianna.

“Deir an easpa tagairtí don Ghaeilge sa Treochlár úr seo linn gur a mhalairt atá fíor, is go bhfuil neamhaird agus dearmad déanta ar an Ghaeilge nuair atá obair thras-Rialtais ar siúl agus go bhfuil an teanga ina bosca féin lena plean féin gan aon gá le smaoineamh uirthi i gcás mar seo.

“Tá cruthaitheacht as pabhar i ndán don Ghaeilge. Tá spás di le fás agus le forbairt sa ré dhigiteach. Ach ní tharlóidh sin gan tacaíocht agus ní tharlóidh sé má fhágtar ar leataobh an teanga nuair atá treochláir don todhchaí á gcur le chéile,” a deir Mac Grianna.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go mbeadh cur i bhfeidhm an phlean nua dírithe ar “fhorbairt fiontar, deiseanna margaí agus forbairt scileanna” agus go mbeadh deis ann amach anseo na seirbhísí feabhsaithe a úsáid leis an nGaeilge.

Fág freagra ar '‘Ábhar frustrachais’ é nach bhfuil an Ghaeilge luaite ar chor ar bith i bplean digiteach nua'