An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta

Deir d’údair an 'Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027' a d’fhoilsigh an Rialtas anuraidh go raibh a fhios ag daoine le fada go raibh an Ghaeilge leochaileach ó thaobh na teicneolaíochta ach gur chuma leo

An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta

Tá sé práinneach go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil don Ghaeilge ó thaobh na teicneolaíochta de nó is é an “díothú digiteach” a bheidh i ndán di, a dúradh i dTeach Laighean inné.

Dúirt an Dr Teresa Lynn, comhairleoir le ADAPT, ionad teicneolaíochta in DCU, go raibh a fhios ag daoine le fada go raibh an Ghaeilge leochaileach ó thaobh na teicneolaíochta ach nár deineadh aon rud faoi.

“Scríobhadh tuairiscí deich mbliana ó shin, in 2012, inar tugadh uasdátú maidir le stádas teangacha ar fud na hEorpa  bunaithe ar cé chomh maith is a bhí an tacaíocht teicneolaíochta a bhí ar fáil dóibh,” a dúirt an Dr Lynn.

“Sa rannóg ‘lag agus ar easpa tacaíochta’ a bhí an Ghaeilge deich mbliana ó shin agus sa tuarascáil is déanaí, an bhliain seo caite, táimid sa rannóg ‘lag agus ar easpa tacaíochta’ i gcónaí, níor deineadh faic. Níor thug aon duine aon aird air, ba chuma le gach duine le fírinne.”

Dúirt an Dr Teresa Lynn, duine d’údair An Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027 go mbíonn ar chainteoirí Gaeilge dul i muinín an Bhéarla mar nach mbíonn dóthain áiseanna teicneolaíochta ar fáil i nGaeilge dóibh.

An toradh a bhíonn ar “an athrú teanga” sin, a dúirt na Dr Lynn, ná “baol an díothaithe dhigitigh, is é sin, meath ar úsáid na teanga de bharr easpa tacaíochta teicneolaíochta”.

Dúirt sí go raibh an an Ghaeilge “i gcontúirt” agus í “in iomaíocht leis an teanga a bhfuil an tacaíocht is forleithne ar domhan aici sa teicneolaíocht”.

Dúirt an Dr Teresa Lynn nach léir go bhfuil tuiscint ann ar an ngá práinneach atá “le pleanáil straitéiseach, infheistíocht, agus forbairt ar theicneolaíocht Ghaeilge”.

Dúirt sí nach fiú a bheith ag iarraidh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge má bhíonn na cainteoirí sin agus a saol á chaitheamh acu agus iad “scartha” óna chéile agus gan “nasc” eatarthu.

Dúirt sí go raibh gá le hinfheistíocht bhreise náisiúnta agus Eorpach i dteicneolaíocht na Gaeilge, le níos mó clár tríú leibhéil “chun an bhearna scileanna a líonadh” agus le níos mó taighde agus comhoibrithe.

Dúirt an Dr Theresa Lynn gur iarracht an Plean Digiteach don Ghaeilge 2023-2027, a d’fhoilsigh an Rialtas anuraidh, dul i ngleic leis na baic theicneolaíochta “a chuireann cosc ar Phobal na Gaeilge na deiseanna céanna le muintir an Bhéarla a fháil i saol digiteach na linne seo”.

Mhol an Dr Lynn, a d’oibrigh ar an bPlean Digiteach, do bhaill Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge “a n-aird a dhíriú ar an ról atá ag an teicneolaíocht” i slánú na Gaeilge agus tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh “cibé bealach gur féidir leo”.

Deir an Rialtas gurb í aidhm an Phlean “bonneagar fadtéarmach taighde agus forbartha” a chur faoin nGaeilge i saol na teicneolaíochta.

Tréimhse cúig bliana – 2023 go 2027 ­– atá luaite leis an bPlean Digiteach don Ghaeilge agus tá os cionn 100 moladh ann.

Níl aon sprioc ama luaite leis na moltaí atá ann, áfach. Deirtear go ndéanfar athbhreithniú foirmiúil ar na bplean ag deireadh na gcúig bliana.

Tá infheistíocht €1 milliún á cur ar fáil ag an Rialtas in 2023 chun na chéad chéimeanna san obair thaighde a chur i gcrích ach deirtear sa phlean go mbeidh gá le “hinfheistíocht mhórscála, leanúnach agus fhadtéarmach” chun spriocanna an phlean a bhaint amach.

Breis is deich mbliana ó shin, foilsíodh an tuarascáil taighde An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach inar maíodh go raibh an baol ann gurb é an ‘bás digiteach’ a bheadh i ndán don Ghaeilge mura gcuirfí dóthain acmhainní digiteacha ar fáil di.

Fág freagra ar 'An ‘díothú digiteach’ a bheidh i ndán don Ghaeilge ceal tacaíochta'