Ábhar dóchais agus muiníne ag teastáil go géar

Caithfear beagán saoirse breise a thabhairt don phobal i dteannta na srianta. B’fhéidir gur go háitiúil atá leigheas an scéil…

Ábhar dóchais agus muiníne ag teastáil go géar

Nílimid ag dul ar gcúl ach nílimid ag dul chun tosaigh – cur síos thar a bheith tomhaiste a rinne an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) Déardaoin ar staid an chomhraic in aghaidh an Covid-19.

Tá an ráta R, líon na ndaoine eile ar an meán a tholgann an galar ó dhuine a bhfuil an Covid-19 air idir 0.8 agus 1.1, a dúirt Philip Nolan, saineolaí matamaitice na foirne. Tá 20-25 othar a bhfuil an víreas orthu á gcur sna hospidéil gach lá. Níl méadú ná laghdú leanúnach tagtha, dar leis, ar líon na gcásanna laethúla den ghalar, thart ar 500 ar an meán le deich lá. I bhfocail eile, tá cúrsaí ina lánstad.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh an scéal amhlaidh mar gheall ar bhreis taistil agus teacht le chéile, chomh maith le méadú a bheith tagtha ar líon na ndaoine atá ag filleadh ar a ngnáthionaid oibre.

D’admhaigh sé nach raibh tuairim aige céard a tharlóidh sna laethanta atá romhainn.

Bhí barúil na foirne faoin tréimhse atá romhainn soiléir áfach ó na freagraí a thug an Leas-Phríomh-Oifigeach Leighis an Dr Ronan Glynn ar cheisteanna a chuir iriseoirí air le linn chomhdháil nuachta na foirne. Ní dóigh leis go mbeidh sé ábalta an chomhairle a thabharfaidh sé don rialtas a athrú idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh.

Is ionann sin agus a rá, mura dtagann athrú gan choinne ar chúrsaí, go mbeidh sé ag iarraidh ar an bpobal taisteal neamhriachtanach abhus agus thar lear a sheachaint, agus ag moladh do dhaoine a gcuid oibre a dhéanamh sa bhaile más féidir. Níor thug sé leid ar bith go molfar mórathrú ar na srianta eile atá i bhfeidhm faoi Leibhéal a Cúig.

Cibé socrú a dhéanfaidh an rialtas, is léir cheana féin gur crua agus gur teoranta na roghanna atá ag teannadh leo. Tá imní ar go leor airí go dtiocfaidh meath ar thoil an phobail cloí leis na srianta mura gceadaítear saoirse bhreise éigin go luath.

Sin ráite, cuimhníonn siad go léir ar an ngeallúint a thug an Taoiseach i mí na Samhna go mbeadh ‘Nollaig fhiúntach’ ag daoine. Cuimhníonn siad chomh maith ar an méadú as cuimse a tháinig ar líon na marbh ó shin i leith.

Bhí drochthoradh eile ar rogha mhístuama an rialtais agus ar a neamhaird ar chomhairle NPHET. Is treise ná riamh mímhuinín an phobail anois.

Léiríonn na suirbhéanna a dhéanann Amárach don Roinn Sláinte nach dteastaíonn lagú róluath ó dhaoine ar shrianta sláinte an Rialtais. Ach dúirt 29% (an céatadán is mó ó thosaigh ré na paindéime) de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé an mhí seo caite nach raibh gnáthshaol na tíre á chur ina ghnáthriocht sách sciobtha.

Measann airí go rachaidh an scéal i bhfeabhas i lár an tsamhraidh nuair a shíltear go mbeidh an vacsaín faighte ag 80% den phobal. Idir an dá linn, ní léir aon réiteach éasca ar an tsáinn sláinte ná ar amhras an rialtais agus na tíre.

B’fhéidir go neartódh comhráiteas uilepháirtí aon chinneadh a dhéanfaí dá gcaithfí na srianta sláinte a neartú. Is ar éigean, áfach, a bheadh páirtithe Theach Laighean toilteanach tarraingt le chéile mar sin, fiú dá léireofaí go raibh cúrsaí ag dul in olcas.

 Diomaite dá leithéid, b’fhiú machnamh a dhéanamh i dTithe an Rialtais ar bheartais a thabharfadh ábhar dóchais éigin don phobal, chomh maith le ráiteas sollúnta eile go gcaithfear dianghlasáil chrua a choinneáil i bhfeidhm.

D’fhéadfaí a fhógairt mar shampla go maolófaí na srianta i gcontaetha áirithe dá gcoinneofaí an phaindéim faoi smacht iontu. D’fhéadfaí spóirt agus aclaíocht theoranta nó freastal teoranta ar shéipéil a cheadú, fad a choinneofaí scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna faoi chois go háitiúil.

Thabharfadh maolú coinníollach dá leithéid ar na srianta sláinte ardú misnigh do mhórán. Rachadh sé chun tairbhe do chách dá dtairgfí beagán saoirse breise don phobal chomh maith le tuilleadh srianta dosheachanta.

Fág freagra ar 'Ábhar dóchais agus muiníne ag teastáil go géar'