A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí 

Breis 1,700 duine atá i ndiaidh tacú le cúig lá anuas leis an fheachtas le cúnamh leighis a fháil don chraoltóir aitheanta Gaeltachta a bhfuil ailse air

A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí 

Tá an sprioc €120,000 sáraithe ar maidin ag feachtas bailithe airgid ar son cóir leighis a fháil don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí.

Breis agus 1,700 atá i ndiaidh tacú leis an fheachtas agus tá ciste de €121,000 bailithe taobh istigh de chúig lá.

Ceithre bliana ó shin, fuair an fear mór ceoil agus teanga as Gaoth Dobhair amach go raibh ailse air.

Cé go raibh obráidí agus babhtaí babhtaí ceimiteiripe ag Rónán, tá ailse céim 4 air faoi láthair. Tá an feachtas GoFundMe mar chuid d’iarrachtaí airgead a bhailiú chun cóir leighis speisialta a fháil do Rónán thar lear.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Cathal Ó Gallachóir, cara le Rónán atá bainteach leis an fheachtas, go bhfuil “áthas mór” ar lucht an fheachtais faoin tacaíocht atá faighte ag Rónán go dtí seo.

“Tá ag éirí thar cionn leis an fheachtas, tá muid an-bhuíoch as achan duine a thacaigh leis agus tá muid chun leanúint orainn.

“Cé go bhfuil an sprioc a bhí leagtha síos ar an GoFundMe bainte amach, tá costais i bhfad níos mó le plean cóir leighis Rónáin agus tá muid chun leanúint orainn,” a dúirt Ó Gallachóir.

Dúirt Séamus Ó Briain, cara le Rónán, agus duine de lucht eagraithe an fheachtais, gur ‘cúis dóchais’ é dóibh agus do Rónán féin é an tacaíocht atá á léiriú dó.

“An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach,” a dúirt Ó Briain.

Beidh ceolchoirmeacha ar son Rónáin Mhic Aodha Bhuí á n-eagrú ar fud na tíre ar an mhí seo chugainn.

Beidh an chéad cheolchoirm ar siúl Tigh Bhilly, i nGort an Choirce ar an 4 Márta ag 9pm agus beidh ceolchoirm sa Bhradán Feasa i Ráth Chairn an oíche chéanna, an 4 Márta. Beidh ceolchoirm ar siúl i mBéal Feirste ar an 10 Márta.

Is féidir síntiús a thabhairt do ‘Ciste Tacaíochta Rónáin’ anseo.

Fág freagra ar 'A sprioc €120,000 sáraithe ag feachtas bailithe airgid don chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí '