‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí

Ceithre bliana ó shin, fuair an fear mór ceoil agus teanga as Gaoth Dobhair amach go raibh ailse air agus tá feachtas ar siúl chun €120,000 a bhailiú chun cúnamh leighis speisialta a fháil dó

‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí

“Ardú croí mór” é don chraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí an feachtas atá bunaithe ag a chairde chun cúram leighis a fháil dó.

Tá ailse ‘céim 4’ ar Rónán Mac Aodha Bhuí agus súil aige cóir leighis nua a thriail thar lear.

Breis agus 800 duine a thug síntiús don fheachtas go dtí seo agus tá beagnach €60,000 bailithe in aon lá amháin ó chairde agus lucht leanúna an chraoltóra.

€120,000 an sprioc atá ag lucht an fheachtais ar Gofundme.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Séamus Ó Briain, cara le Rónán Mac Aodha Bhuí, agus duine de lucht eagraithe an fheachtais, gur ‘cúis dóchais’ é do lucht an fheachtais agus do Rónán féin é an tacaíocht atá á léiriú dó.

“An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach,” a dúirt Ó Briain.

Ceithre bliana ó shin, fuair an fear mór ceoil agus teanga as Gaoth Dobhair amach go raibh ailse air.

Chuaigh sé faoi scian faoi dhó agus bhí babhtaí ceimiteiripe aige ach níor éirigh leis na hiarrachtaí go dtí seo é a thabhairt slán ón ailse.

“Le cúpla bliain anuas bhí Rónán ag gabháil den chemo uair sa choicís. Ní thiocfadh le corp duine ar bith é sin a láimhseáil ar feadh i bhfad eile,” a dúirt Ó Briain.

Dúirt Ó Briain go bhfuiltear ag iarraidh cóir leighis eile a thriail, nach bhfuil ar fáil sa tír seo.

“Gan an tacaíocht atá muid a fháil ní bheadh deis againn teiripe áirithe a thriail, teiripe nach bhfuil ar fáil anseo.

“Tá muid fíorbhuíoch d’achan leathphingin atá ag teacht isteach. Má tá muid in ann cur lena shaol, beimid in ann a rá gur éirigh linn,” a dúirt Ó Briain.

Beidh sraith ceolchoirmeacha á reáchtáil chun tacú le Rónán i nGaoth Dobhair, áit ar bhunaigh sé an oíche cheoil rialta ‘An Cabaret Craiceáilte’, agus i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath go luath.

“Rinne Rónán an oiread do cheoltóirí agus don cheol chomhaimseartha Gaeilge agus tá siad ag iarraidh buíochas a ghabháil dó,” a dúirt Ó Briain.

Tá eolas faoin fheachtas ar son Rónáin Mhic Aodha Bhuí roinnte ag bannaí ceoil aitheanta, ina measc na rapairí as Béal Feirste KNEECAP.

Sa ráiteas a chuir Kneecap amach ar na meáin shóisialta dúradh nach mbeadh ann don ghrúpa gan tacaíocht an chraoltóra.

“Gan Rónán Mac Aodha Bhuí, ní bheadh KNEECAP ann inniu. Ba é féin a thug ardán don oiread ceoltóirí, a thug guth dóibh ar an raidió agus a spreag gach sóirt ceoil.”

I dteachtaireacht a chuir Cian Mac Cárthaigh ón ghrúpa IMLÉ amach dúradh gur thug Rónán “spreagadh” dó tús a chur leis an ghrúpa.

“Gan Rónán ní bheadh IMLÉ nó na grúpaí iontacha eile a chasann ceol i nGaeilge anseo inniu. Thug sé deiseanna dúinn ar fad ag an Cabaret Craiceáilte agus ar a chlár raidió i gcónaí. Duine spreagúil, cliste, greannmhar le paisean don teanga agus grá don gceol.”

Is féidir sintiús a thabhairt do ‘Ciste Tacaíochta Rónáin’ anseo.

Fág freagra ar '‘An méid grá atá ag teacht chuige, tá sé go hiontach’ – airgead á bhailiú do chúnamh leighis do Rónán Mac Aodh Bhuí'

  • Seoirse Ó Dochartaigh (ceoltóir /ealaíontóir)

    Is fear é Rónán a dtugann cuieadh domh go minic mar aoi ar a chuid cláracha (RTÉ i mBÁC /RnaG). Bíonn muid i gcónaí i agallamh le chéile faoi chúrsaí ceoil is ealaíona is tugann sé spás domh is spreagadh. Baineann sé seo leis an ghrá mór atá aige do dhaoine. Tar arais inár measc, a Rónáin!

  • Gerry Mac Giollabhride/Eibhlin Ni Lionaird

    Beannachtai o croi Muscrai…

  • Diarmuid Breatnach

    Mór an brón orm scéal a ailse. An bhfuil bealach éigean le cur leis an airgead á bhailliú seachas clárú le “go fund me”?