A raibh le foghlaim ó bhua Bhaile Átha Cliath ar Chiarraí…

Bhí neart le foghlaim ó chluiche leathcheannais na hÉireann inné faoi laige Stephen Cluxton, easpa áidh Chiarraí agus fuinneamh Bhaile Átha Cliath

A raibh le foghlaim ó bhua Bhaile Átha Cliath ar Chiarraí…

Ní bhuafar ar Bhaile Átha Cliath má théann na mionrudaí i do choinne

Má tá aon fhoireann chun Baile Átha Cliath a bhualadh, caithfidh beagán den ádh a bheith orthu chomh maith. Ní raibh ach dhá pointe ag scaradh na foirne ar an Domhnach agus bhí cúpla cinneadh beag cinniúnach a rinne leas Bhaile Átha Cliath.

Eachtra chinniúnach a bhí i gcalaois Kevin McManamon ar Peter Crowley ag deireadh an chluiche.  Ba léir ón dara féachaint gur sa chliabhrach a bhuail McManamon faoi fhear Chiarraí, ach b’fhéidir nach raibh amharc ceart ag David Gough ar an gcalaois. Chuir Diarmuid Connolly Baile Átha Cliath dhá phointe chun cinn díreach i ndiaidh na heachtra sin.

Tharla eachtra eile sa chéad leath. Tar éis do Phaul Geaney a bheith gortaithe, caitheadh an liathróid isteach idir Kieran Donaghy agus Michael Darragh Macauley. Tháinig Brian Fenton isteach sa mhullach orthu chun an liathróid a bhuachan, rud nach bhfuil ceadaithe ach, in áit cic saor a bhronnadh ar Chiarraí 45m amach ó chúl Bhaile Átha Cliath, bhronn an réiteoir cic saor bog ar Fenton.

Dhá chinneadh chinniúnacha eile ab ea na ciceanna 45m. I lár an dara leath, thug Paul Murphy faoi iarracht a chuaigh ar seachrán. Cheap Murphy gur leag cosantóir Bhaile Átha Cliath, David Byrne, méar ar an liathróid sula ndeachaigh sí amach ach níor aontaigh an maor cúil ná an réiteoir leis.

Sa chéad ionsaí eile, bhí iarracht ar scór lena dhorn ag Kevin McManamon ach thit an pheil ar thaobh na láimhe clé de na cuaillí. D’áitigh an tosach gur cic 45m a bhí ann ach arís fógraíodh gur iarracht amú a bhí inti. Cúpla soicind ina dhiaidh áfach, rialaigh David Gough in aghaidh a mhaoir chúil agus bhronn sé cic 45m ar Bhaile Átha Cliath a d’aimsigh Dean Rock. Bhreathnaigh sé sa dá chás go ndeachaigh na hiarrachtaí amú gan méar a bheith leagtha orthu, ach ba iad Baile Átha Cliath a fuair an cic 45.

Astu féin, ní mórchinntí a bhí iontu ach féach gurbh fhiú cúpla pointe iad do na buaiteoirí.

Pictiúr: . INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Locht faighte ar imirt Cluxton ar deireadh

Ar feadh cuid mhaith den chéad leath i gcluiche an Domhnaigh, bhí an imirt an-chosúil le cluiche ceannais na bliana seo caite. Ní raibh ceachtar foireann i mbarr a maitheasa ach bhí Baile Átha Cliath ag déanamh a ndóthain le bearna a chruthú idir na foirne.

Ansin, agus cúpla nóiméad fágtha roimh leath ama, rinne Ciarraí an cinneadh brú a chur ar chic amach Stephen Cluxton. Taobh istigh d’ocht nóiméad, bhí 2-4 scóráilte acu, cuid mhaith de na scóranna sin ag teacht tar éis dóibh ciceanna amach an chúl báire a bhuachan.

Ní hé seo an chéad uair gur chlis ar chiceanna amach Cluxton agus é faoi bhrú ach an oiread. I gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh, chuir Maigh Eo an cúl báire faoi bhrú sa dara leath agus d’éirigh leo beagnach leath de chiceanna amach Cluxton a bhuachan.

Seans go mbeidh díomá ar Chiarraí nár éirigh leo an brú céanna a chur ar chúl báire Bhaile Átha Cliath sa dara leath inné ach is teaictic dhainséarach atá inti. Má bhrúnn foireann suas ar Cluxton, fágtar go leor spáis taobh thiar díobh, spás gur féidir le Baile Átha Cliath leas a bhaint as má bhuann siad an cic amach. Caithfidh foirne cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta dul sa seans.

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deacair ag aon fhoireann fanacht le Baile Átha Cliath ar feadh 70 nóiméad

Agus 61 nóiméad imeartha i gcluiche an Domhnaigh, chuir Paul Murphy Ciarraí trí phointe chun cinn, 2-13 in aghaidh 0-16. As sin go deireadh an chluiche, scóráil Baile Átha Cliath cúig phointe i gcomparáid le ceann amháin ó Chiarraí. Ní hé seo an chéad uair a raibh fuinneamh breise le brath i mBaile Átha Cliath agus gan Ciarraí in ann coinneáil leo.

I gcluiche leathcheannais 2013, bhí na foirne céanna cothrom, 3-10 in aghaidh 1-16, agus seacht nóiméad fágtha. Faoin am ar tháinig críoch leis an gcluiche, bhí farasbarr seacht bpointe cruthaithe ag Baile Átha Cliath.

Ní hiad Ciarraí an t-aon fhoireann ar rug Baile Átha Cliath orthu, ach an oiread. Is iad Maigh Eo atá ag fanacht leo anois i gcluiche ceannais na hÉireann agus tá cleachtadh acusan ar aclaíocht agus díocas fhoireann Jim Gavin.

In athimirt chluiche leathcheannais na bliana seo caite, bhí Maigh Eo cúl chun cinn ar Bhaile Átha Cliath agus gan ach ceathrú huaire fágtha. Scóráil Baile Átha Cliath 3-3 sa chúig déag nóiméad sin agus níor scóráil Maigh Eo ach dhá pointe. Tá lón machnaimh ag Stephen Rochford cinnte.

Pictiúr: INPHO/Tommy Greally
David Clifford. Pictiúr: INPHO/Tommy Greally

Mol an óige

Ábhar dóchais amháin atá ag Ciarraí ná go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil scoth na n-imreoirí óga  acu. Roimh chluiche na sinsear inné, thug Chiarraí greadadh do Chill Dara agus seans anois acu Craobh Mhionúir na hÉireann a bhuachan don tríú bliain as a chéile.

Tá Craobh Shóisir na hÉireann buaite acu faoi dhó le cúpla bliain anuas chomh maith, comórtas ar bhain siad leas as chun barr smaise a chur ar a gcuid imreoirí óga. Thug Brian Ó Beaglaoich agus Tadhg Morley taispeántais mhaithe uathu sna craobhacha sin, rud a d’fhág go bhfuil áit bainte amach acu i measc na sinsear le deireanas agus is cinnte go leanfaidh scata fear óg eile iad.

Duine acu sin is ea David Clifford, a scóráil 0-8 in aghaidh Chill Dara inné. Níl seacht mbliana déag slánaithe ag fear an Fhosaidh ach le mí anuas, rud a fhágann go mbeidh sé ar fáil do na mionúir an bhliain seo chugainn chomh maith. Is cinnte má choinníonn sé air ag imirt mar atá sé faoi láthair, nach fada go bhfeicfear é leis na sinsir.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó bhua Bhaile Átha Cliath ar Chiarraí…'

  • Mícheál

    Ba cheart go mbeadh gach éinne a ghlacann páirt freagrach as na botúin agus na drochchinní a dhéanann siad. Cuirtear imreoirí den bpáirc, gearrtar pionóis orthu, cáintear go géar iad, bíonn na meáin anuas orthu. Cailleann bainisteoirí a bpoist. Ait liom i gcónaí nach mbíonn réiteoirí freagrach ar an dóigh chéanna. Tuigimid go léir go bhfuil sé deacair bheith i do réiteoir agus go mbíonn trua ag daoine dóibh. Ach sa chás nach n-éiríonn leo, ar chúis amháin nó ar chúis eile, na cinní móra a athraíonn toradh an chluiche a bheith i gceart acu ba cheart go gcaithfí leo mar a chaithfí le himreoirí, bainisteoirí srl Fágann sé blas searbh i gcónaí aon uair go ndéanann réteoir praiseach de chluiche.

  • luimneachan

    Ach ta gruaig an-deas aige- ie an reiteoir!!!!