A phort athraithe ag an Rialtas maidir le foilsiú mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge

Tá sé i gceist anois go bhfoilseofar an taighde atá á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus na heasnaimh atá ann

A phort athraithe ag an Rialtas maidir le foilsiú mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge

Tá an Rialtas tagtha ar mhalairt tuairime maidir le foilsiú mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge sa chóras poiblí a chosnóidh breis is €300,000.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ag deireadh na míosa seo caite, ní raibh sé i gceist go bhfoilseofaí an taighde atá á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus faoi na heasnaimh atá ann.

Thug Aire na Gaeltachta le fios sa Dáil nach mbeadh an taighde á fhoilsiú ach go ndéanfadh sé eolas don phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge, ach thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc go bhfuiltear tagtha ar mhalairt tuairime agus go bhfuil sé i gceist an taighde a fhoilsiú.

Cháin Teachtaí Dála an mhí seo caite an scéal nach raibh sé i gceist an taighde a chur ar fáil go poiblí.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta gur thángthas ar an tuiscint ó freagraíodh an cheist Dála an mhí seo caite go bhféadfadh gur ar leas an phobail a bheadh sé an taighde go léir a fhoilsiú.

“Nuair a freagraíodh an cheist shonrach seo, bhíothas ag caitheamh leis an taighde mar bhunús don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, agus [ar an tuiscint] go mbeadh formhór an eolais luachmhair, a bhfuiltear ag súil leis sa tuarascáil chríochnúil a eascróidh as, á nochtadh tríd an bPlean féin, seachas an taighde a fhoilsiú mar cháipéis ar leith.

“Ó shin áfach…aontaítear go bhféadfadh an t-eolas a bheidh sa tuarascáil chríochnúil seo a bheith úsáideach ann féin do pháirtithe eile chomh maith céanna, agus [go bhféadfadh] a scaoileadh a bheith chun leas an phobail. Mar sin, tá cinneadh tógtha ag an Roinn anois an tuarascáil taighde a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne agus í curtha i gcrích an chéad bhliain eile.”

Coimisiúnaíodh an taighde mar cheann de na chéad chéimeanna in ullmhú plean náisiúnta earcaíochta chun cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.

Faoi choiste náisiúnta nua a bunaíodh anuraidh a bheidh sé an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

De réir na reachtaíochta tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú.

I mí an Mheithimh seo caite chuir an Dr Kerron Ó Luain, atá i gceannas ar an taighde, plean oibre faoi bhráid an Choiste.

Fiosrófar sa taighde agus sa phlean na bearnaí atá sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoi láthair agus molfar straitéisí chun dul i ngleic leo.

 

Fág freagra ar 'A phort athraithe ag an Rialtas maidir le foilsiú mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge'

  • Éamonn Ó Gribín

    Cé a thug faoin mórshaothar taighde seo, a chosnóidh breis is €300,000?

    B’fhéidir go gcuirfidh údar nó taighdeoir na tuarascála in iúl dúinn cad iad na hathruithe a bhí le déanamh aige/aici ar an tuairisc seo, mar a tharla do thuarascálacha eile a choimisiúnaigh an Stát, sular ghlac an Roinn leis?