Níl sé i gceist go bhfoilseofaí mórshaothar taighde faoi sheirbhísí Gaeilge sa chóras poiblí a chosnóidh breis is €300,000.
Tá sé deimhnithe ag an Rialtas nach bhfoilseofar an taighde atá á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe faoi na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus faoi na heasnaimh atá ann.
Thug Aire na Gaeltachta le fios sa Dáil nach mbeadh an taighde á fhoilsiú ach go ndéanfadh sé eolas don phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge.
Tá an saothar ar cheann de na píosaí taighde is costasaí agus is mó a rinneadh faoi chás na Gaeilge le fada.
Coimisiúnaíodh an taighde mar cheann de na chéad chéimeanna in ullmhú plean náisiúnta earcaíochta chun cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí.
Deir an Teachta Dála agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go bhfuil sé “thar a bheith míshásúil” go socrófaí gan an taighde a chur ar fáil ina iomlán don phobal.
“Má táimid ag iarraidh labhairt faoi phlean a ullmhú faoi cá bhfuil muid ag dul, caithfimid fios a bheith againn cá bhfuil muid anois. Ní leor a rá go mbeidh an taighde mar chuid den phlean náisiúnta, ba cheart é a fhoilsiú le go mbeidh an t-eolas go léir ag an bpobal faoi na dúshláin atá romhainn.
“Bíonn na cáipéisí agus an taighde atá ar chúl plean an-tábhachtach. Ligidís dúinn féin breathnú ar an bhfianaise go bhfeicfimid céard é scála na faidhbe.”
Faoi choiste náisiúnta nua a bunaíodh anuraidh a bheidh sé an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú chun príomhsprioc an dlí teanga nua a bhaint amach, is é sin gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.
De réir na reachtaíochta tá go dtí lár na bliana seo chugainn – an 19 Meitheamh 2024 – ag an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun an Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú.
I mí an Mheithimh seo caite chuir an Dr Kerron Ó Luain, atá i gceannas ar an taighde, plean oibre faoi bhráid an Choiste.
Fiosrófar sa taighde agus sa phlean na bearnaí atá sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoi láthair agus molfar straitéisí chun dul i ngleic leo.
Dar le Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur chóir an plean náisiúnta earcaíochta a fhoilsiú i bhfad níos luaithe ná mar atá beartaithe
“Tá sé seafóideach gur achtaíodh an Acht Teanga nua sa bhliain 2021, agus go bhfuil muid fós ag fanacht ar an bPlean Náisiúnta atá ag teastáil chun bunseirbhísí stáit do Ghaeilgeoirí a fheabhsú,” a dúirt sé.
“Bheadh sé áisiúil dúinn go léir, cinnte, dá mbeadh an taighde seo curtha os ár gcomhair, ach tosaíocht Shinn Féin ná go mbeadh an Plean Náisiúnta féin foilsithe agus curtha i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, gan a thuilleadh moille.”
Nuair a fógraíodh mí Dheireadh Fómhair seo caite an conradh taighde bliana, ní bhfuair Roinn na Gaeltachta aon tairiscint ar an gconradh €325,000 a bhí á thairiscint.
Léirigh roinnt grúpaí suim sa chonradh ach níor bhac aon cheann acu tairiscint a dhéanamh ina dhiaidh sin. Bhí roinnt seisiúin eolais ag an Roinn leis na grúpaí sin.
Sa deireadh roghnaíodh Ollscoil na Gaillimhe chun an obair a dhéanamh.
Siobh
An bhfuil cóip de ag Tuairisc?
Sibéal
Duine a earcú chun comharchumainn tithíochta dos na Gaeilgeoirí a phleanáil!