A mhuintir na hÉireann, maith dom é ach tá boladh bréan uaibh…

Ar an drochuair, ní ar thoit chumhra tine mhóna a chuimhníonn srón ár gcolúnaí nuair a chuimhníonn sé ar Éirinn…

A mhuintir na hÉireann, maith dom é ach tá boladh bréan uaibh…

Comhrá le comhghleacaí de mo chuid, blianta fada ó shin, sa chaifé ina mbíodh an bheirt againn ag obair:

‘Céard is fíorchairdeas ann, dar leat?’ a d’fhiafraigh mise.

Bhí a freagra réidh ag mo chomhghleacaí ar an bpointe boise.

‘Duine a chuirfeadh cogar i do chluas dá mbeadh píosa leitíse greamaithe idir do chuid fiacla. Sin fíorchara.’

Seachtain i ndiaidh an chomhrá sin, agus í ar a briseadh lóin, bhí mo chomhghleacaí ina suí ar stól ard ag an gcuntar. Bhí a sciorta gearr ar leathmhaing agus bhí cuid mhór dá másaí agus dá fobhríste – bídeog dhubh bheag bhídeach – le feiceáil.

Bhí cáil i bhfad agus i gcóngar ar chantal mo chomhghleacaí agus by dad bhí drochspion uirthi an lá sin. Ach bhí a tóin á taispeáint aici don saol mór i ngan fhios di féin. Bhí ar dhuine éigin rud éigin a rá.

Dhruid mé aniar léi go cúramach.

‘An cuimhin leat an comhrá a bhí againn an tseachtain seo caite, faoi fhíorchairdeas? Faoin bpíosa leitíse?’

‘Is cuimhin.’

‘Ní píosa leitíse atá i gceist anois ach d’fhobhríste. Tá chuile dhuine sa chaifé in ann do bhídeog a fheiceáil.’

Níor phléasc sí. Rinne sí meangadh gáire agus tharraing aníos a sciorta. 

‘Go raibh maith agat faoin bhfainic.’

Is dlúthchairde muid fós.

Cén fáth go bhfuil an scéal seo ar fad á insint agam? 

Toisc go bhfuil ceist íogair le plé agam libhse, a mhuintir na hÉireann.

Sé nó seacht mbliana ó shin, dúirt cara Brasaíleach de mo chuid a bhí tar éis bliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath – ag foghlaim Béarla – liom go neamhbhalbh gur shíl sé go raibh drochbholadh ó mhuintir na hÉireann.

‘Shílfeá nach mbíonn cith acu ach uair amháin in aghaidh na seachtaine.’

Tháinig fearg mhór orm. Bhí mo chairde á maslú aige.

Ag deireadh na bliana seo caite, agus mé ar thraein ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, tharla go raibh fear eile as an mBrasaíl ina shuí trasna uaim. Bhí cónaí air in Éirinn le trí bliana anuas. Bhí sé pósta le hÉireannach. B’aoibhinn leis an tír agus b’aoibhinn leis muintir na hÉireann … ‘Ach amháin a ndrochbholadh.’

Portaingéilis a bhí á labhairt againn. Caolseans gur thuig na paisinéirí eile ár gcomhrá, ach d’éirigh mé an-mhíchompordach. An iarraidh seo, náire ionadach a tháinig orm seachas fearg.

Faoin am seo, agus mé imithe as Éirinn le deich mbliana, thuig mé féin go díreach cén drochbholadh a bhí i gceist ag na Brasaíligh a thug suntas dó. An truip seo, ní raibh Éire bainte amach agam fós, fiú amháin, nuair a bhuail sé san aghaidh mé den chéad uair: meascán den allas, deatach toitíní, éadaí taise agus deoch stálaithe. Bhí an boladh ag teacht ón bhfear Éireannach a bhí in aice liom ar an eitleán go Baile Átha Cliath.

Bhí an boladh bréan céanna ar fud na háite nuair a d’fhág mé an t-aerfort. Ar na traenacha, sna pubanna, sna hóstáin. Sna tithe caife, sna siopaí, sna bainc. Bhí sé in éadach na suíochán, in éadaí na ndaoine, agus san aer.

Fáilte go hÉirinn, a dúirt mo shrón liom.

Ar ndóigh, níl chuile dhuine sa tír ciontach sa ghéarchéim ghlaineachta seo. Go deimhin, níl aithne agam féin go pearsanta ar Éireannach ar bith a ndéarfainn faoi nó fúithi go mbíonn drochbholadh uaidh nó uaithi. Ach ní mhíníonn sé sin an boladh bréan a dtugann an tsrón neamhchleachtach suntas dó i ngach ball. 

An é go milleann mionlach suntasach an scéal don mhórlach?

An amhlaidh go ndéanann an aeráid fhuar fhliuch an boladh níos measa?

An bhfuil fadhb na bréine fite fuaite le fadhb an óil?

Fágfaidh mé na ceisteanna sin do dhuine níos oilte ná mise.

Ach glacaigí uaim é.

Tá an boladh ann, agus tá sé á thabhairt faoi deara ag inimircigh, ag cuairteoirí agus ag daoine eile nach bhfuil ina chleachtadh.

Anois, sula dtabharfaidh sibh róstadh dom sa bhosca tráchtaireachta thíos, cuimhnígí ar ghaois mo sheanchomhghleacaí sa chaifé: fíorchara is ea an té a chuirfeadh cogar i do chluas sa chás go mbeadh píosa leitíse greamaithe idir d’fhiacla.

Fág freagra ar 'A mhuintir na hÉireann, maith dom é ach tá boladh bréan uaibh…'

  • bréantachán

    Is maith liom boladh na móna, ach ní thabharfainn boladh cumhra air! B’fhéidir nach ionann aeistéitic bholtanach na nÉireannach agus na mBrasaíleach! An chéad uair eile a thiocfaidh tú ar cuairt, lîon do ghaosán le dusta móna – beidh cumhracht agat in áit an bhréantais.

  • Leithscéal nó Leath-leithscéal

    Is é an chaoi go dtagann múr báistí aniar aduaidh orainn agus muid thíos an town leis an seaicéad báinín orainn, ach céard eile a dhéanfadh duine?

  • léitheoir

    Is leasc linn folcadh a ghlacadh ró-mhinic toisc go dtugann an screamh cosaint éigin dúinn ar an bhfuacht. Is salachar ‘glan’ é sin bíodh fhios agat a bhfaigheann tú ceanúil air i bhfad na haimsire. Ceist eile ar fad ‘an nglanaimid an deireadh i gceart’. Fágaimis é sin faoi na Moslamaigh. Tá siad sin an-deaslámhach ar an mball sin.

  • léitheoir

    ‘allúraigh áirithe’ a chur in áit ‘Moslamaigh’

  • Páidí

    Nach é go bhfaigheann muid boladh níos láidre ó dhaoine nach dár gcine féin iad? Níl’s agam an bhfuil bunús eolaíoch leis sin ach b’fhéidir go bhfuil baint éigin aige leis an scéal! Chuala mé freisin go mbíonn sé de nós ag go leor de mhuintir Mheiriceá Theas cith a bheith acu cúpla uair sa ló. Seans maith go gcuireann siad níos mó béime ar an nglaineacht ná mar a chuireann muide. Cá bhfios!

  • Learraí

    Boladh ológa ón nGréagach, boladh fínéagair ón Síneach (a shínfeadh tú), boladh Rochefoucaut ón bhFrainceach, boladh gairleoige ón Spáinnéarach, boladh rúisceanna ón Rúiseach (a chuirfeadh siar ó thuaidh tú), seanbholadh stálaithe tobac òn Ollónach, boladh tóirtéise ón Sasanach! Chuir mé mo pheiríocha díom ina n-aice siúd uile ar bord eitleáin ag tráthanna éagsùla. T’rom an boladh breá allastúil a bhíonn ón Éireannach aon lá!

  • Learraí

    Tá an dream óg an-tugtha don sciomradh agus don sciúradh sin. Téann siad faoin gcith cúpla babhta istló ar a laghad, gach lá. Cuma an phúca orthu nó go gcuireann siad an fake tan in airde arís. Cumhrán anuas ón tseilf bharraigh a spréáil ansin. Nì ‘musk’ is ceart a thabhairt ar an earra sin ach múisc. An mbíonn siad ag blathaíl a chéile ar aon dul leis na gadhair?!

  • Bridget

    Tá a fhios agam go díreach, a Alex, cén bholadh atá tú ag tagairt dhó!

    Tobac, beoir stálaithe agus boladh úr na créafóige, na feamainne is an tsáile farraige taobh thiar de. Thabharfá an boladh faoi deara nuair shiúlfá amach as an aerphort sa tSionainn théis a bheith thar lear. Sin é an uair go mbíonn a fhios agam go bhfuil mé sa mbaile agus níl tada mar é! :-)