A luaithe a chuirfear críoch leis an gcogadh sé is fearr é – tuigeann an pobal sin

Díol spéise torthaí na pobalbhreithe faoi dhearcadh daoine i leith ionradh na Rúise ar an Úcráin

A luaithe a chuirfear críoch leis an gcogadh sé is fearr é – tuigeann an pobal sin

Bhí sé ina raic nuair a foilsíodh san Irish Times litir ó Sabina Higgins, bean chéile an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, ag moladh go lorgófaí cainteanna síochána idir an Úcráin agus an Rúis le críoch a chur leis an gcogadh ansin. Bhí polaiteoirí ar buile agus tráchtairí nuachtáin le ceangal.

Is lag an tuiscint atá aici ar an stair, a dúirt Eoin O’Malley san Sunday Independent.  Buille do theifigh na hÚcráine, a mhaígh an Roscommon Herald.

Mhol an Seanadóir Erin McGreehan gur chóir di leithscéal a ghabháil agus gur chóir don Uachtarán freisin leithscéal a ghabháil mar an gcéanna – ar an údar, meas tú, nach raibh smacht aige ar a bhean chéile?

B’fhéidir nár chuala tú, a léitheoir, faoin seanadóir úd roimhe seo, agus b’fhéidir nach gcloisfidh tú arís fúithi.  Ach sin mar a labhair sí.

Tháinig a raibh le rá ag Sabina Higgins salach ar an scéalaíocht oifigiúil gur chóir do na hÚcránaigh troid go dtí an fear deiridh.  Níor mhaígh sí go raibh an ceart ag an Rúis, ach ghlac sí leis nach féidir críoch a chur leis an gcogadh gan idirbheartaíocht de chineál éigin a bheith ann. Mhol sí gur fearrde é sin go luath ná go mall.

Cuireadh leis an amhras oifigiúil nuair a dúirt ambasadóir na Rúise chun na tíre seo, Yuri Filatov, go raibh a lán den chiall sa litir a damnaíodh.

Tá sé spéisiúil mar sin breathnú ar thorthaí na pobalbhreithe a foilsíodh san Sunday Independent.  Caoga faoin gcéad díobh siúd a cuireadh faoi agallamh ag aontú le Sabina, is gan ach 34% ag cur ina coinne.  Má fhágtar as na daoine nach raibh cinnte, taobh amháin nó taobh eile, bhí an bua 60-40 ag Sabina.

Sé sin le rá go bhfuil bearna mhór idir dearcadh na bpolaiteoirí agus dearcadh an phobail fré chéile.

Agus mhínigh Jody Corcoran, san Sindo arís, go bhfuil an chosúlacht air go mb’fhearr leis an bpobal géilleadh don Rúis is iad a chur ar a suaimhneas ná glacadh leis go mbeidh billí breosla is bia an-ard an geimhreadh seo chugainn. 

Agus léiríonn an phobalbhreith chéanna nach gceapann ach 5% gur scéal ardtosaíochta é scéal na hÚcráine.  Sin athrú mór ó mhí Márta nuair a luaigh 40% an cogadh. Agus tá athrú ann freisin i dtaobh dhearcadh an phobail i leith na dteifeach.

Sí an líne oifigiúil anseo nach bhfuil aon teora leis an líon daoine ón Úcráin gur féidir linn glacadh leo.  Ach ag an tráth seo creideann formhór an phobail gur chóir uasmhéid a leagan síos.  Cheana féin tá os cionn 40,000 teifeach ón Úcráin anseo agus is léir nach féidir linn freastal ar riachtanais na ndaoine sin.  Níl a fhios sa diabhal ag an rialtas cá háit is féidir iad a lonnú, agus ceapann an pobal nach cóir ár muintir féin a chur sa dara háit.

Tá caint ann go mbeidh an rialtas ag fógairt scéim tithíochta sa bhfómhar le tithe modúlacha a thógáil do na teifigh seo. É sin in ainneoin gur dhiúltaigh an rialtas scéim mar sin a thabhairt isteach le cabhrú lenár muintir féin atá ar na liostaí feithimh – gan trácht in aon chor ar theifigh ó thíortha eile.

Bhí mise orthu siúd a dúirt ón tús go raibh baol ann go gcothódh an chaoi a raibh an rialtas ag tabhairt faoin scéal meon ciníoch, is ceapaim go bhfuil an baol sin ag dul i méad.  Ní ar na teifigh atá an milleán ar ndóigh, mar is rud nádúrtha é iarracht a dhéanamh éalú ó bhaol báis agus páistí, go háirithe, a thabhairt go dtí áit shábháilte.

Ach is léir anois gur fearr leis an rialtas a bheith in ann a mhaíomh go bhfuil iarracht níos fearr á déanamh againn ná daoine eile ná freastal ceart a dhéanamh ar na teifigh.

Ag deireadh thiar, is léir – in ainneoin a bhí le rá ag tráchtairí áirithe– go n-íocfaidh muid go daor as na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis agus as an ngéarchéim ar fad mura gcuirfear críoch go luath leis an gcogadh.

Ní feall ar na hÚcránaigh é sin a rá, ach géilleadh d’fhírinne an scéil, mar is seachmall amach is amach é a cheapadh gur féidir buachan ar an Rúis sa chogadh seo.  A luaithe a chuirfear críoch leis, sea is luaithe a bheidh rud éigin le sábháil ag an Úcráin as an tubaiste.

Fiú mura bhfuil na polaiteoirí sásta é sin a admháil, is cosúil go dtuigeann an pobal go maith é.

Fág freagra ar 'A luaithe a chuirfear críoch leis an gcogadh sé is fearr é – tuigeann an pobal sin'

  • Tony

    Ní aithneodh Ó Murchú an fhírinne dá mbuailfeadh sé sa cheann é. Mar sin féin tá beagán den ainmhí i ngach duine. Is é an comhartha ceannairí a thabhairt amach an chuid is fearr i ndaoine. Ní ar a son féin amháin atá na hUcránaigh ag troid ach ar son an domhain shaoir. Is é an rud is lú is féidir linn a dhéanamh ná tacú leo. Ach mar a dúirt Yeats.
    ‘We had fed the heart on fantasies,
    The heart’s grown brutal from the fare,
    More substance in our enmities
    Than in our love‘

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An tír a chuir tús leis an gcogadh, Eoin, cuiridís críoch leis.

    Ach ní ghlacann Eoin leis go bhfuil aon locht ar an Rúis faoin gcogadh, mura bhfuil athrú intinne tagtha. Bhí sé mí-cheart faoi BREXIT – bhí sé go mór ar son BREXIT ag an am agus b’fhéidir go bhfuil fós in ainneoin an praiseach a d’éirigh as; bhí sé mí-cheart nuair a chreid sé bollscaireacht na Rúise, agus dúirt linn roimh an ionradh ar an Ucráin nach raibh ar bun acu leis an bailichán fórsaí ar teorann na hUcráine ach ‘cleachtadh míleata’ agus nach raibh bunús ar bith leis an mbarúil go raibh ionradh ar an Ucráin le tarlú.

  • Antóin

    Ceart ar fad agat a Eoin ach maidir leis an mbaol go gcothódh an rialtais meon ciníoch, ní cheapaim go bhful aon bhaint aige seo le ciníochas. Cothrom na Féinne atá i gceist. Is féidir leis an rialtas seo freastal ar 40,000 duine ón Úcráin más fíor ach ní féidir freastal ar riachtanais mhuintir na tíre seo. Tuigeann gach mac máthar nach bhfuil muintir na tíre seo ag fáil cothrom na Féinne.

    Go dtí seo ghlac rialtas na tíre seo 83 dhuine ón Úcráin in aghaidh gach 10,000 duine atá sa tír. Céard faoi thíortha eile? 14 sa Ríocht Aontaithe, 14 sa Fhrainc, 24 san Iodáil agus 24 sa Spáinn in aghaidh gach 10,000 duine.

    Cothrom na Féinne.

  • Cormac Ó Dúlacháin

    Molann Eoin – cainteanna anois “chun rud éigin a shábháil” – nach uasal an sprioc é sin – saoirse “an rud éigin” don Úcráin.

    Ach tá toradh ag na smachtbhannaí agus tacaíocht míleata – tá an Rúis greamaithe i riasc eangach sa Donbas agus an taobh tíre sin, iad in ann dochar a dhéanamh ach gan aon dul chun cinn – a hacmhainní míleata á ndíghrádú go laethúil, a spriocanna polaitiúla briste brúite, agus a seasmhacht idirnáisiúnta báite.

    Nuair a sháraíonn meoin chomhcoiteann an Kremlin seachrán céile na Putinigh is ansin a bheidh deis cainteanna.

    Idir seo agus sin is fearr chun leasa an Úcráin cogadh an Riasc ná daoirse “an rud éigin”.

  • Concubhar

    Dá bhfágfadh an Rúis an Úcráin anois, bheadh deireadh leis an gcogadh cé go leanfadh na hiarmhairtí. Tá sléachtaí déanta ag fórsaí na Rúise ar shibhíaltaigh san Úcráin, tá fianaise laidir ann go bhfuil éigniú á úsáid mar ghléas cogaidh ag an Rúis in éadan mná agus páistí. Ar an Rúis agus a ceannaire an milleán. Níl an locht ar NATO ná ar Rialtas na hÉireann ná Aontas na hEorpa. Tá sciar den ‘eite chlé’ in Éirinn atá a dtreo morálta caillte acu. Tá siad ar nós Sabina Higgins ag déanamh ‘Tadhg an Dhá Thaobh’ nó, de réir dealraimh mar a léiríonn Eoin ina cholúin, tá siad faoi gheasa ag bolscaireacht na Rúise go hiomlán. Oscailt súl an mídhaonnacht seo domsa. Bhíosa i gcoinne ionradh SAM agus an Bhreatain ar an Iaráic agus an sléacht a rinneadh ann mar a bhí Eoin agus an eite chlé. Ní raibh aon dea-thoradh suntasach ar an ionradh sin. Ní bheidh aon dea-thoradh ar an ionradh seo. Is é ár dtaithí in Éirinn nach mbíonn dea thoradh ar ionradh míleata ó thír chomharsanach nó ó i bhfad i gcéin. Cheapas go dtuigfeadh Eoin sin.

  • Art

    Rud nua atá foghlamtha agam ó Chogadh na hÚcráine. Roinnt den na daoine ar shíl mé iad a bheith frith-impiriúlachachais ní rabhadar frith-impiriúlachais ar chor ar bith – bhíodar frith-iarthar. Agus mar sin tá siad sásta tacú le nó leithscéalta a dhéanamh nó fiú bolscaireacht a dhéanamh ar son impiriúachas na Rúise.