A leithéid de chéad chnuasach! Faoiseamh is cneasú le fáil ó fhile óg Gaeilge…

Tá ár léirmheastóir meallta ar fad ag íomhánna, splancacha is cumhacht Solas Geimhridh le Laoighseach Ní Choistealbha

A leithéid de chéad chnuasach! Faoiseamh is cneasú le fáil ó fhile óg Gaeilge…

Solas Geimhridh

Foilsithe ag Barzaz

Praghas €14.95

Is minic olagón agus fuarchaoineachán ar siúl againne Gaeil ach tá údar ceiliúrtha amháin againn – tá cuid de na leabhair is slachtmhaire, is gleoite agus is mealltaí á gclóbhualadh agus á bhfoilsiú inár dteanga féin.

Ball scéimhe ar fad an leabhar filíochta seo, faoina chlúdach crua dorcha, a ribínmharc buí, agus an ghrian ag scaladh ar sceach lom gheimhridh.

Mar a aibhsíonn solas íseal an gheimhridh a bhfuil sa teach agus inár dtimpeall, aibhsíonn súil ghrinn an fhile seo cúraimí is iontais an tsaoil go ndéanann clocha bua is míorúiltí den ghnáthrud.

Tabhartas eile é Solas Geimhridh ó Barzaz, an chéad leabhar filíochta ón dream a bhain croitheadh as léitheoirí is lucht bronnta gradam leis an úrscéal Madame Lazare.

Conallach í an file óg seo a bhfacthas a saothar filíochta i gcló ar dtús in 2019 san iris Comhar. Cé a déarfadh nach bhfuil tábhacht le hirisí Gaeilge agus ceann eile imithe uainn le gairid? Is deacair a chreidiúint nach bhfuil ach bliain ann ó bhí an file seo ar scéim meantóireachta Fhoras na Gaeilge, braithim muinín is ceardaíocht na mblianta ar a saothar.

B’fhiú do gach léitheoir filíochta an leabhar seo a fháil leis an dán ‘Réamhrá’ a léamh mar is é an réiteach is fearr riamh é do shacraimint na filíochta:

‘Bain plaic as

Cogain.

Lig don tsú

Sileadh ó do smig.’

Amhail seacláidí toirmiscthe, tá mise ag súimínteacht as an leabhar seo le seachtain, mé meallta ag íomhánna is splancacha a raibh mo shúile támáilte próis dall orthu.

Bean amháin a scríobhfadh an chéad chuid den leabhar seo – an bhanúlacht agus cinniúint na mná á léiriú gan scáth i scáthán sciomartha, fuil is feoil, chomh maith le deachúna fhaisean an tsaoil seo.

Bronn an leabhar ar gach bean óg ar d’aithne agus lig di a cumhacht is a rúndiamhra mar ‘mamach aibí’ a cheiliúradh seachas a bheith náireach faoi ‘cumhracht an iarainn sa chith’.

Scéin is alltacht gach bean riamh a fuair meall ina cíoch sna dánta ‘Meall’ agus ‘Sa tSeomra Ultrafhuaime Dom’.

‘Dá bhféadfainn

ualach na fisiciúlachta

a chaitheamh uaim

mar a bheadh fallaing…”

Aiméan, a deirimse agus mná na cruinne tráth éigin.

Téama eile a gcaitheann an file seo súil eile air is ea an grá – spallaíocht is fíbín grá an déagóra go dtí ‘An Dara Comaoineach’, nuair is iad ‘clocha mo phaidrín nua, cnámha do dhroma’.

Is deacair eibhear ná Cnoc Mordáin a sheachaint má chónaíonn tú in Iorras Aithneach agus is ionann cás ag bean an Lagáin thiar ansin.

Filíocht a spreagann an tírdhreach aduain sin sa gConallach. Má tá sí ‘bodhar ar allagar an eibhir’ níl sí caoch ná neamhairdeallach. Sa dán ‘Síodumhach’ is fiú cluas a thabhairt don phortach faoi do chois seachas a bheith ag déanamh scéal mór ‘as deacrachtaí an tsaoil nua seo’:

‘nuair atá ríthe filí baird

lincse béar eilc

teangacha

feithidí

feircíní ime is

íobairtí daonna

i gcuimhne fhada

an phortaigh.’

Éiríonn léi muid a sheoladh siar go Maínis agus Roisín na Mainiach agus muid ar shiúlóid oíche cois farraige, an fonn éalaithe ár ngriogadh, cé go ndeir bean na dtailte méithe:

‘Tá achan rud anseo

chomh coimhthíoch sin

do mo chluas cheolbhodhar

Lagánach.’

Is breá liom úire ‘I dTeach na Teanga’ mar go n-éiríonn léi ár gcinniúint uilig a ríomh sa teach sin ar bhealach ar leith. Ní beag an t-iontas gur thuill sé duais di i Lios Tuathail.

Deirtear linn gur ar scoil a thug an file faoin nGaeilge cé nach n-aithneofá sin ar a saothar ach féach go mbraitheann sí féin buannaíocht an dúchais agus an dara teanga ina ‘ubh chuaiche i nead mo bhéil’.

Tá an-dáimh ag Laoighseach leis an nádúr agus sin le sonrú ar na dánta sa gcnuasach seo. An róslamhras a spreagann an dán ‘An Drocháilleacht’ óna peann, pabhsae a léiríonn nach ‘ionann maise agus maitheas’ cé gur deacair diúltú di. Ní fheicfidh mé an ghlúineach bhiorach go brách arís gan smaoineamh ar an bhfilíocht seo.

Chuireas spéis sna filí a spreag cuid de na dánta seo – léaró beag isteach ina cró cruthaitheachta atá lán le hiontais is éagsúlacht.

Ná bíodh aon imní ort, a Laoighseach, ní sheasann aon phóit i bhfad fiú ‘Póit Filíochta’ a d’fhág ‘fíon an fhriotail’ ort. Tá muide bréan den ‘arán tirim’ agus gann ar fhilíocht agus muid breá sásta muid féin ‘a thumadh seal, i bhfíoruisce do dháin’.

An geimhreadh á fhógairt ag díle bháistí na seachtaine seo caite, faoiseamh is cneasú le fáil as Solas Geimhridh gléineach Laoighseach Ní Choistealbha. Lig dó scaladh ort.

Fág freagra ar 'A leithéid de chéad chnuasach! Faoiseamh is cneasú le fáil ó fhile óg Gaeilge…'

  • Gabriel Rosenstock

    Léirmheas ar leabhar filíochta ar Tuairisc.ie.
    An rud is annamh is míorúilteach!

  • KH

    Léirmheas álainn.

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Gabriel..Rí an tseanabhlais.