A hairí rialtais ceaptha ag Truss agus gan aon fhear geal sna hoifigí stáit is sinsearaí

Tugadh bata agus bóthar do Shailesh Vara, Státrúnaí an Tuaiscirt, agus Chris Heaton-Harris, Breatimeachtóir go smior, a roghnaíodh ina áit

A hairí rialtais ceaptha ag Truss agus gan aon fhear geal sna hoifigí stáit is sinsearaí

Den chéad uair riamh níl fear geal ina aon cheann de cheithre mhór-oifig stáit na Breataine – an príomh-aire, seansailéir an státchiste, an rúnaí gnóthaí eachtracha agus an rúnaí baile.

D’fhógair Liz Truss, Príomh-Aire nua na Breataine, a hairí rialtais aréir agus, mar a bhí á thuar, Kwasi Kwarteng, James Cleverly agus SuellaBraverman a cheap sí sna trí phost is sinsearaí.

An Rúnaí Gnó Kwasi Kwarteng, cara mór de chuid Truss, a ceapadh ina seansailéir, James Cleverly a thiocfaidh i gcomharbacht ar an bpríomh-aire nua mar rúnaí gnóthaí eachtracha agus is í Suella Braverman, an t-ard-aighne, an rúnaí baile nua.

Tugadh bata agus bóthar do Shailesh Vara, Státrúnaí an Tuaiscirt, agus Chris Heaton-Harris a roghnaíodh ina áit. Bhí Heaton-Harris ina aire gnóthaí Eorpacha agus roimhe sin ina a aire iompair. Bhí sé go mór ar son an Bhreatimeachta agus iarchathaoirleach é ar an European Research Group, grúpa Eoraisceipteach na dTóraithe.

Ceapadh iar-státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis, a d’éirigh as le linn na hagóide in aghaidh Boris Johnson i mí Iúil, ina rúnaí dlí agus cirt.

Dúirt Lewis in 2020 gur sháraigh an bille a d’fhoilsigh an rialtas i leith mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe an dlí idirnáisiúnta ar bhealach “sonrach agus teoranta”.

Chuir an bháisteach moill ar chéad óráid Truss mar phríomh-aire ó Shráid Downing tráthnóna.

Gheall sí ina caint go dtabharfadh sí isteach ciorruithe cánach agus go ndéanfaí gníomh láithreach chun dul i ngleic leis an an ngéarchéim fuinnimh. Chinnteofaí chomh maith, a dúirt sí, go bhfaigheadh daoine an cúram atá uathu ón NHS.

“Tá muinín agam go n-éireoidh linn an stoirm a shárú,” a dúirt sí.

Níor luaigh Truss beag ná mór ina hóráid Prótacal Thuaisceart Éireann.

Cheap Banríon Shasana Liz Truss ina Príomh-Aire tráthnóna inné.

Is í Truss, a bhíodh den tuairim tráth den saol gur cheart deireadh a chur leis an monarcacht, an 15ú príomh-aire ó corónaíodh an Bhanríon Eilís II.

Is í Truss an ceathrú príomh-aire le sé bliana anuas, agus an ceathrú ceann ó na Tóraithe.

Ceann de na dúshláin is mó atá roimpi ná an scoilt mhór atá ina páirtí, atá go mór chun deiridh sna pobalbhreitheanna.

Daoine a bhí an-dílis di féin a cheap Truss sa chomh-aireacht den chuid is mó agus fuair sí réidh le haon duine nár thacaigh léi.

Rinne an Taoiseach Micheál Martin comhghairdeachas le Truss inné agus dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú léi. Bhí súil aige leis, a dúirt sé, go bhféadfaí “leas a bhaint as an tréimhse romhainn” chun teacht “ar chomhaontú” faoi “na ceisteanna” a bhain le cur i bhfeidhm an Phrótacail don Tuaisceart.

Ag labhairt dó le hiriseoirí ina dhiaidh sin, shéan Michéal Martin go raibh sé soineanta a bheith ag súil le feabhas ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus an té a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt anois ina príomh-aire.

Beidh polaiteoirí agus lucht taidhleoireachta in Éirinn ag éisteacht go cáiréiseach le Truss as seo go ceann cúpla lá féachaint an dtabharfaidh sí aon leid faoina bhfuil i gceist aici a dhéanamh faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Chuirfeadh an reachtaíocht a bhrúigh sí féin chun cinn deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.

Má tá rún ag Truss i gcónaí an reachtaíocht chonspóideach a thabhairt isteach d’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall uirthi agus go leor i dTeach na Tiarnaí atá ina coinne.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh sí feidhm a thabhairt d’Alt 16 den phrótacal, gníomh a chuirfeadh stop le go leor de na seiceálacha ar earraí a sheoltar as an mBreatain go dtí an Tuaisceart.

Más mian léi feidhm a thabhairt d’Alt 16 níl ag Truss ach go dtí an 15 Meán Fómhair chun sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'A hairí rialtais ceaptha ag Truss agus gan aon fhear geal sna hoifigí stáit is sinsearaí'

  • Antóin

    ‘A hairí rialtais ceaptha ag Truss agus gan aon fhear geal sna hoifigí stáit is sinsearaí’ Is aisteach liom an ceannlíne seo.

    Má tá na daoine a fuair na jabanna in ann an jab a dhéanamh, cá bhfuil an scéal?