A céad slógadh dá feachtas uachtaránachta ag Harris

Tá a dtacaíocht geallta ag tromlach thoscairí na nDaonlathach d'ainmniúchán an Leas-Uachtaráin Kamala Harris mar iarrthóir an pháirtí don uachtaránacht

A céad slógadh dá feachtas uachtaránachta ag Harris

In Milwaukee, i stát Wisconsin inniu a bheidh a céad slógadh dá feachtas uachtaránachta ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe, Kamala Harris, an chéad cheann ó sheol sí a feachtas.

Ócáid thábhachtach í seo mar ar inn ar éigean a d’éirigh le Joe Biden stát seo Wisconsin a bhuachan in 2020, agus teastaíonn ó lucht an fheachtais dílseoirí an pháirtí Dhaonlathaigh a spreagadh agus a bhíogadh, chomh maithe le dóthain vótálaithe atá sa lár ó thaobh a gcuid polaitíochta a mhealladh chuig an bpáirtí le Donald Trump a chloí sna stáit luaineacha, nó na stáit chorcra mar a thugtar ar na stáit a bhféadfadh ceachtar den dá mhórpháirtí iad a thabhairt leo sa toghchán.

De réir suirbhé a rinne an Associated Press, tá dóthain tacaíochta faighte ag an Leas-Uachtarán Harris ó thromlach thoscairí an Pháirtí Dhaonlathaigh d’ainmniúchán an pháirtí sa toghchán uachtaránachta.

Dúirt Kamala Harris go raibh sí ag súil go mór le “glacadh go foirmiúil leis an ainmniúchán” ón bPáirtí Daonlathach nuair a fógraíodh go raibh dóthain tacaíochta faighte aici ó na toscairí agus na céadta acu óna stát dúchais, California.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na nDaonlathach gurbh í Nancy Pelosi, iarCheann Comhairle Theach na Comhdhála, a mhol an rún go dtacófaí le Kamala Harris mar iarrthóir an pháirtí ag cruinniú fíorúil de thoscaireacht California chuig Coinbhinsiún Náisiúnta na nDaonlathach oíche Dé Luain.

Beidh Kamala Harris ina hiarrthóir oifigiúil ag an bpáirtí ach a vótálfaidh toscairí an pháirtí le glaoch rolla roimh Coinbhinsiún Náisiúnta na nDaonlathach a bheidh ar siúl i Chicago, Illinois, ón 19-22 Lúnasa.

Tá rabharta tréan tacaíochta á léiriú don Leas-Uachtarán ó thug an tUachtarán Biden a thacaíocht di agus é ag fógairt ar an Domhnach seo caite go raibh sé féin ag éirí as a rás ar ais go dtí an Teach Bán..

Nuair a thug Joe Biden a bheannacht féin don Leas-Uachtarán mar iarrthóir, lean an chuid is mó de phiardaí mór le rá na nDaonlathach a shampla, ina measc réaltaí eile an pháirtí a bhfuil gealladh fúthu.

Is léir óna cuid cainte leis an bhfoireann atá ag obair i gceanncheathrú a feachtais in Wilmington, Delaware tráthnóna Dé Luain go bhfuil súil ghéar ag Harris ar a céile comhraic.

Agus í ag tagairt dá slí bheatha mar dhlíodóir tráth dá raibh, chaith sí spalla le Trump.

“Sna róil sin, thug mé faoi choirpigh de gach sórt,” a dúirt sí. “Creachadóirí a rinne mí-úsáid ar mhná. Caimiléirí a rinne slad ar thomhaltóirí. Séitéirí a bhris na rialacha ar mhaithe leo féin. Éist liomsa nuair a deirim go bhfuil aithne mhaith agamsa ar leithéidí Donald Trump.”

Mheabhraigh Harris don fhoireann go raibh níos mó i gceist leis an toghchán seo ná Donald Trump.

“Bíodh sin mar atá, ach ná bíodh aon dul amú oraibh, tá níos mó i gceist leis an toghchán seo ná muidne i gcoinne Donald Trump,” a dúirt sí.

“Tá níos mó i gceist leis an bhfeachtas seo ná sin. Is é bunús an fheachtais s’againne i gcónaí riamh an dá fhís dhifriúla atá againn do thodhchaí ár dtíre.

“Is mian le Donald Trump an tír seo a thabhairt ar gcúl. Siar go dtí an t-am úd nuair nach raibh cearta agus saoirse iomlán ag ár gcomhMheiriceánaigh. Ach creidimidne i dtodhchaí níos fearr ina mbeidh áit sa tír seo do gach uile Mheiriceánach.”

Bhí leathbhádóir Donald Trump, an Seanadóir JD Vance, ag feachtasaíocht in Virginia inné, áit ar cháin sé an tUachtarán Biden agus an Leas-Uachtarán Harris.

“Ní hamháin go n-aithneofar Joe Biden sna leabhair staire mar chladhaire, agus is cladhaire é, ach cuimhneofar freisin air mar dhuine de na huachtaráin ba mheasa a bhí riamh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá,” a dúirt Vance.

“Ach a chairde, tá Kamala Harris milliún uair níos measa agus tá a fhios ag chuile dhuine é sin. Ghlac sí le gach uile theip de chuid Joe Biden agus d’inis sí bréaga faoina inniúlacht mheabhrach do chúraimí an uachtaráin.”

Fág freagra ar 'A céad slógadh dá feachtas uachtaránachta ag Harris'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tá an cuma ar an scéal go bhfuil JD a oiread is craiceáilte le DT.

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá uachtarán atá ar son na Beatha de dhith ar SAM.