‘Níl aon riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag ceannaire an Aonaid Gaeilge’ — Parlaimint na hEorpa

Beidh Ieva Mainardi as Laitvia ag dul i mbun a ‘ról bainistíochta’ san aonad nuabhunaithe Gaeilge i bParlaimint na hEorpa go luath san athbhliain

‘Níl aon riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag ceannaire an Aonaid Gaeilge’ — Parlaimint na hEorpa

Tá sé tugtha le fios ag Parlaimint na hEorpa do Tuairisc.ie nach bhfuil aon choinníoll teanga ann maidir ceann foirne a cheapadh ar Aonad an Aistriúcháin Gaeilge sa Pharlaimint agus nach gá do cheann aonaid teanga an aonaid sin a bheith ar a thoil aige.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Parlaiminte do Tuairisc.ie nach bhfuil Gaeilge ar a toil ag Ieva Mainardi, an Laitviach a ceapadh ina Ceann Aonaid ar an aonad nuabhunaithe Gaeilge sa Pharlaimint.

“Níl aon riachtanas ann an teanga atá i gceist a bheith ar a thoil ag an duine a cheaptar. Is ról bainistíochta atá sa cheannaireacht aonaid agus is é an Leas-Cheann a bhíonn i gceannas ar chúrsaí aistriúcháin agus ar chaighdeán na n-aistriúchán. Tá Gaeilge ag an Leas-Cheann a ceapadh níos luaithe i mbliana nuair a bunaíodh an t-aonad,” a dúirt an t-urlabhraí.

Bunaíodh an t-aonad nua ag tús an tsamhraidh. Bhíodh an fhoireann aistritheoirí a bhíodh ag plé leis an nGaeilge ag obair mar chuid de Chomhaonad an Bhéarla agus na Gaeilge. Bunaíodh aonaid Ghaeilge eile i gCoimisiún na hEorpa agus i gComhairle na hEorpa seacht mbliana ó shin.

Is iad Colmcille Ó Monacháin agus Seán Hade, Éireannaigh beirt, a ceapadh ina gceannairí ar na haonaid eile sin in 2010.

Bhí comórtas oscailte ar siúl níos luaithe i mbliana chun Ceann Aonaid a cheapadh ar an aonad nua Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus d’éirigh le Ieva Mainardi sa gcomórtas sin.

Thug foinse shinsearach in institiúidí na hEorpa le fios do Tuairisc.ie go dtarlaíonn sé go mbíonn daoine i gceannas ar aonaid teanga i gComhairle na hEorpa agus gan príomhtheanga na n-aonad sin ar a dtoil acu, ach nár tharla sé cheana i bParlaimint na hEorpa ná i gCoimisiún na hEorpa.

Dúradh nach bhfuil ceann aonaid teanga ar bith eile i bParlaimint na hEorpa faoi láthair nach bhfuil an teanga atá faoi chúram an aonaid aige.

“Agus maolú na Gaeilge ina phríomhábhar i ngach institiúid, bheifeá ag súil go gceapfadh an Pharlaimint duine a mbeadh tuiscint an-mhaith aige ar cheist na Gaeilge agus ar impleachtaí an mhaolaithe,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Beidh Ieva Mainardi ag dul i mbun a cúraim go luath san athbhliain.

Fág freagra ar '‘Níl aon riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag ceannaire an Aonaid Gaeilge’ — Parlaimint na hEorpa'

  • Maitias

    Reachtálfar na cruinnithe ar fad i mBéarla agus le barr sibhialtachta agus ómóis casfaidh na Gaeil ar an mBéarla i dtreo is nach gceapfadh sí go rabhthas ag cúlchaint uirthi os a comhair amach. Beidh an Béarla chun cinn.