Tá Pádhraic Ó Ciardha, duine de bhunaitheoirí TG4 agus an té a cheap mana cáiliúil an stáisiúin ‘Súil Eile’, ag éirí as a phost mar leas-phríomhfheidhmeannach an chraoltóra Gaeilge.
Tá Ó Ciardha, atá ina leascheannasaí ar an stáisiún Gaeilge ó thús, ar dhuine de na daoine is mó a raibh baint aige le bunú agus le forbairt TG4.
Sular thosaigh sé ag obair don stáisiún féin le linn a thréimhse bhunaithe, bhí Ó Ciardha fostaithe mar chomhairleoir ag beirt airí rialtais – Máire Geoghegan Quinn agus Michael D. Higgins – chun plé le cás na teilifíse Gaeilge.
Nuair a bhí an stáisiún nua féin le bunú fostaíodh é mar leascheannasaí ar Theilifís na Gaeilge, post atá ag an iar-iriseoir agus iarchraoltóir le breis agus fiche bliain anuas. I mí Feabhra na bliana seo chugainn a bheidh sé ag éirí as.
Mar iarchomhairleoir rialtais agus, ina dhiaidh sin, mar dhuine den mheitheal bheag a fostaíodh ar dtús chun teilifís na Gaeilge a thabhairt ar an saol, bhí ról cinniúnach ar leith ag Ó Ciardha i scéal na teilifíse Gaeilge.
Ba é, mar shampla, a chum an mana ‘Súil Eile’ atá fós in úsáid ag TG4, mana a bhfuil cur chuige craoltóireachta an stáisiúin fós bunaithe cuid mhór air.
Mar leascheannasaí TG4, bhí baint mhór ag Ó Ciardha le forbairt agus le cosaint íomhá phoiblí an stáisiúin agus bhí cáil ar leith air i gcónaí as a mháistreacht ar láimhseáil na meán agus ar dhea-scéala TG4 a chraobhscaoileadh go deisbhéalach.
Tá aithne mhór ar Ó Ciardha ní hamháin i saol na craoltóireachta Gaeilge ach i saol na teilifíse go hidirnáisiúnta agus meas air mar shampla as a ról mar chathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach.
Is as na hAille i gCois Fharraige i gConamara ó dhúchas do Phádhraic Ó Ciardha ach is i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil sé pósta le Mary agus beirt chlainne orthu, a chaith sé a shaol oibre.
Claire Lyons (Dagger)
Is maith is cuimhin liom é nuair a bhí sé I Má Nuad