Tá fear as Gaeltacht Chonamara atá ag cur faoi i Stáit Aontaithe Mheiriceá gan cáipéisí imirce aige ag fanacht lena dhíbirt agus é á choinneáil faoi choimeád ag na húdaráis i mBostún.
Coinníodh faoi choimeád an fear Gaeltachta i ndiaidh do lucht Oifig Inimirce agus Forfheidhmiúcháin Custam SA ruathar a dhéanamh ar árasán i gceantar Quincy Dé Céadaoin seo caite.
Tuairiscíodh ar shuíomh RTÉ aréir gur coinníodh faoi choimeád beirt fhear as Éirinn ó dhúchas i ndiaidh an ruathair. Tuairiscítear gur as Fear Manach don fhear eile agus gur scaoileadh saor é toisc iarratas ar víosa a bheith istigh aige sular rugadh air le linn an ruathair. Beidh a bhfuil i ndán dó ag brath ar thoradh an iarratais sin.
Tá an fear Gaeltachta, atá sna fichidí déanacha de réir tuairiscí, fós á choinneáil i Suffolk County House of Correction.
Bhí an fear le bheith os comhair na cúirte go luath agus tiomáint faoi thionchar an óil, agus cúiseanna eile bainteach leis sin, curtha ina leith.
Thug an dlíodóir atá ag gníomhú thar ceann an fhir le fios go bhféadfaí é a choinneáil i bpríosún ar feadh roinnt seachtainí agus go rabhthas ag déanamh gach arbh fhéidir le dlús a chur faoin bpróiseas.
Tuairiscítear go bhfuil Consalacht na hÉireann i mBostún ag cabhrú leis an bhfear agus lena chlann i gConamara. Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha le fios do RTÉ go bhfuil siad ar an eolas faoin gcás.
Fearn
Tá an glanadh eitneach air tosú