Tá sé fógartha go reáchtálfar cluichí leathcheannais agus ceannais Chorn Mhic Ghiobúin in OÉ Gaillimh an t-earrach seo chugainn.
Is ar an Aoine an 24 Feabhra agus an Satharn 25 Feabhra a imreofar na cluichí sa chomórtas iomána d’fhoirne Ardoideachais Roinn 1. Imreofar cluichí leathcheannais agus ceannais Chorn Uí Riain agus Chorn Uí Mheaghair do na foirne ó Roinn 2 agus Roinn 3 an deireadh seachtaine céanna i nGaillimh.
Is iad Coláiste Mhuire Gan Smál curaidh Chorn Mhic Ghiobúin na bliana seo agus spreagadh maith acu óna himreoirí idirchontae a bhí acu, Ronan Maher, Niall O’Meara (Tiobraid Árann), Cian Lynch, Declan Hannon (Luimneach) agus Colm Galvin ina measc. Fear na Gaeltachta, Maidhc Ó Conghaile, as cumann Micheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a bhí sa chúl acu.
Bhí am breise ag teastáil do Choláiste Mhuire Gan Smál chun Ollscoil Luimnigh a shárú sa chluiche ceannais agus meastar go mbeidh an dá fhoireann chéanna i measc roghanna na coitiantachta arís in 2017. Beidh an fhoireann bhaile ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh chomh maith agus ba i nGaillimh a bhí na comórtais nuair a d’éirigh an dá bhua is deireanaí a bhí acu le OÉG sa chomórtas seo, i 1980 agus 2010.
Déanfar an tarraingt do na craobhacha ar fad an mhí seo chugainn.
Fág freagra ar 'Cluichí Ceannais Chorn Mhic Ghiobúin le himirt i nGaillimh in 2017'