1. Tá droch-chuimhne ag pobal na hÉireann
Cúig bliana ó shin fógraíodh scéala báis Fhianna Fáil. Bhí náire ar éinne a admháil go raibh siad fiú ag caoineadh na marbh agus b’éigean dóibh siúd a tháinig slán ón slad sacéadach agus luaithreach a chaitheamh le dornán blianta anuas. Ach féach anois nach bhfuil mórán idir na buachaillí dalba agus na páistí fionn a chuir slacht ar an phrácás a fágadh mar oidhreacht orthu. Ba san ardchathair ba mhó a baineadh díoltas amach ar Fhianna Fáil agus gan ach Teachta Dála amháin dá gcuid tofa ann – Brian Lenihan – a cailleadh ar ndóigh le linn shaolré na 31ú Dála.
Tá borradh faoin pháirtí fud fad na tíre; fiú amháin i mBaile Átha Cliath, go háirithe in iarthar agus i dtuaisceart na cathrach. Tá aiséirí tagtha fosta ar an Chomhaontas Glas a chaill a gcuid teachtaí uilig an geábh deireanach. Os a choinne sin, ní léir gur bhain Páirtí an Lucht Oibre mórán tairbhe as díbhinn an reifrinn ar phósadh. Thug páirtithe an rialtais rogha agus rabhadh neamhbhalbh don phobal – vótaigí ar son seasmhachta nó ar son cíor thuathail! Ach b’ionann cíor thuathail agus athrú rialtais i súile an phobail. Aimnéise pholaitiúil, dar le daoine áirithe, ach ciall ceannaithe a thabharfadh lucht leanta Fhianna Fáil air.
2. Tá cuimhne mhaith ag pobal na hÉireann
De bharr an tslada a bhíothas á thuar do rialtas an ama, ní raibh aon ghá do Fhine Gael nó do Pháirtí an Lucht Oibre aon ní a ghealladh roimh olltoghchán na bliana 2011. Ach chreid an dá pháirtí go bhféadfaidís móramh iomlán a bheith acu (seans go mbeadh luach mhaith ar an suaitheantas ‘Gilmore for Taoiseach’ anois!). Cad eile a thabharfadh míniú ar an liosta fada de gheallantais a bhí i bhforógra toghcháin na bpáirtithe, a loiceadh orthu i ndeireadh ama: idir árachas sláinte uilíoch, táillí uisce, ciorruithe i liúntas leasa shóisialaigh etc.
Lena chois sin, bhí mandáid ag an rialtas seo tabhairt faoi leasuithe sa chóras polaitíochta. Gheall siad go mbeadh cur chuige oscailte agus trédhearcach acu, ach léirigh ceapachán John McNulty nach raibh sa ghealltanas sin ach cur i gcéill. Cén t-iontas nár chreid an pobal a gcuid gealltanas an iarraidh seo?
3. Tá deireadh go deo le polaitíocht Chogadh na gCarad….ar feadh scaithimh
Tá claochlú as éadan tagtha ar pholaitíocht na hÉireann, dar le tráchtairí áirithe. Is cuma cé acu an mbeidh comhrialtas idir na sean-naimhde againn nó nach mbeidh, thig a rá gur vótáil an leathchuid de thoghlach na hÉireann do pháirtithe eile. Ach tuigeann Fine Gael agus Fianna Fáil na ciallachais a bhaineann le dul i bpáirt lena chéile, agus tuigeann siad go háirithe go bhféadfadh a leithéid de shocrú rith an ráis a thabhairt do fhreasúra láidir de chuid na heite clé faoi cheannasaíocht Shinn Féin. Ach is ar scáth a chéile a mhaireann an dá phríomhpháirtí agus is leasc leo scaoileadh lena gcumhacht.
Mar sin de, tá sé róluath oidhreacht Chogadh na gCarad a chur i gcré na cille go fóill. Seans fosta go raibh tionchar ag comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca ar an chlaonadh i dtreo an náisiúnachais. Ar ndóigh, beidh dualgas morálta ar an dá pháirtí dul i mbun cainte lena chéile, ach i ndeireadh ama, is doiligh a shamhlú go mbeadh mórán ceana ag an dá chéile leapan ar aon chleamhnas fadtréimhseach.
4. Níor thapaigh an Taoiseach a dheis
Dá mbeadh breith ar a aiféala ag an Taoiseach, d’éisteodh sé le cúlbhinseoirí a pháirtí féin a bhí ag tathant air toghchán a ghairm i mí na Samhna. Bhí leibhéal tacaíochta Fhine Gael sna pobalbhreitheanna in ard a réime ag an am. Is fearr a d’fhóirfeadh fógra gasta don pháirtí ach i ndáiríre thosaigh an fheachtasaíocht mar is ceart i mí na Samhna. Is fearr fosta a d’fhóirfeadh feachtas samhraidh don Taoiseach ach bhí sé de mhí-ádh air nach dtiocfadh leis a leithéid a bheith aige. Tá scileanna pearsanta den chéad scoth aige ach tá sé tubaisteach i mbun díospóireachta stiúideo.
Dhiúltaigh sé mar shampla aon pháirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar reifreann an tSeanaid, reifreann a mhol sé féin i dtús ama. Bhí an scéal amuigh gur corónú a bhí i ndán don Taoiseach an iarraidh seo agus nach raibh aon ghá dó taispeántas ró-iontach a chur isteach sna díospóireachtaí beo a fhad is go seachnódh sé truflais. B’fhéidir go ndearna sé meancóg gan glacadh le cuireadh TG4 tabhairt faoi bhriatharchath beirte le Micheál Martin, an deis is mó a bheadh aige, seans, an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic. Bhí eagla an domhain ar a chuid giollaí cumarsáide go rachadh an Taoiseach i mbun béaloidis i rith an fheachtais faoi dhaoine a casadh air i rith an bhealaigh agus, dá bharr sin, deineadh róbhainistíocht air.
Os a choinne sin, léirigh an tagairt mhístuama a rinne sé do lucht olagóin Mhaigh Eo go mbeadh sé contúirteach gan srian a chur ar a chuid béalscaoilteachta.
5. Leanfaidh an éiginnteacht faoi chúrsaí ginmhillte
Bhí reifreann ar aisghairm an ochtú leasaithe ar an Bhunreacht ar an chloch ba mhó ar phaidrín an Lucht Oibre, ach drochsheans go mbeadh fuadar faoin dá mhórpháirtí tabhairt faoina leithéid. Cinnte, cloisfear neart bladair agus gaotaireachta faoin ábhar ach i ndeireadh ama, cuirfear ar an mhéar fhada (arís!) é.
Agus rud amháin a bhí ar eolas riamh againn i …
Tá sé cruthaithe arís is arís eile i bpolaitíocht na hÉireann go ndéantar slad ar an pháirtí sóisir i gcomhrialtas. Is maith atá a fhios ag Páirtí an Lucht Oibre faoi seo, ach tar éis tréimhse uaigneach ina ndéanfar atógáil ar an pháirtí sa fhreasúra, beidh siad réidh arís i gceann cúig bliana le haghaidh tréimhse eile i gcomhrialtas!
alan
Achoimre agus léamh ar choimeádachas agus ar dhíchuimhne mhuintir na hÉireann a chuirfeadh an galar dubhach ar mhuic.
eoghan Ó Brolacháin
Léamh spéisiúil go deimhin ar thoghchán spéisiúil. Níl’s am faoi chomhrialtas idir ‘na céilí leapan’ Tweeldedum agus Tweedledee. An bhfuil ag rá nach mbeidh sé ann?