Ní go minic a bhristear ar an bhfoighne sa Bheilg. Is beag a chreid i mí Bealtaine nuair a fógraíodh torthaí an olltoghcháin go mbeadh rialtas nua in oifig roimh dheireadh na bliana seo. Ghlac sé bliain go leith rialtas a chur le chéile in 2010.
Dé Sathairn seo caite a insealbhaíodh an rialtas nua. Tharraing an searmanas féin roinnt conspóide. Airí nua an pháirtí NVA (páirtí náisiúnach Fhlóndras) ba chúis leis sin.
A dhá méar a chur in airde i bhfoirm V, sin a rinne triúr as cúigear airí NVA agus iad ag tabhairt móide don Rí. Níor bhriseadar aon riail.
De réir an dlí, tá orthu an lámh a chur in airde, rud a rinne siad. Ach ba léir don uile dhuine gur comhartha NVA a bhí á dhéanamh acu, siombail a bhfeachtais toghchánaíochta Verandering Voor Voruitgang (athrú le dul chun cinn a dhéanamh). Seo páirtí nach bhfuil aon bhá aige le Ríocht na Beilge agus bhí an mhóid don Rí ag dul glan i gcoinne chreideamh polaitiúil an pháirtí.
Comhrialtas stairiúil atá ann. Níl an páirtí sóisialach (PS) – an páirtí is mó i ndeisceart na tíre – san áireamh. Tá sé cúig bliana fichead ó tharla a leithéid cheana agus is iomaí duine ar dhá thaobh na teorann teanga a bhfuil ríméad air faoin méid sin féin.
Sin le rá go mbeidh rialtas na heite deise in ann polasaithe a thabhairt isteach nach mbeadh aon ghlacadh ag PS leo. Rialtas stairiúil atá ann mar gur Frainciseoir an Príomh-Aire arís den dara huair as a chéile.
Ó tháinig an córas feidearálach i bhfeidhm sa tír, ba Phléimeannach a bhíodh ina Phríomh-Aire i gcónaí agus Frainciseoir ina Leas-Phríomhaire. Stairiúil freisin mar nach bhfuil ach ocht mbliana is tríocha ag an bPríomh-Aire nua Charles Michel.
Comhrialtas conspóideach atá ann. Ag NVA atá 33 as 85 suíochán, páirtí a tháinig ar an bhfód in 2001 agus a mheall a lán de phobal thuaisceart na tíre chuige. Faoi 2007, bhí sé ar an bpáirtí is mó i bhFlóndras, ach fágadh sa fhreasúra é mar nach raibh aon ghlacadh leis an bhfís atá aige – Flóndras neamhspleách.
Tá an scéal athraithe beagán.
Cuireadh mórcheisteanna conspóideacha faoi athstruchtúrú institiúidí an stáit i leataobh le linn na hidirbheartaíochta agus ní raibh ar an gclár ach ceisteanna socheacnamaíocha, sampla eile den ‘athrú le dul chun cinn a dhéanamh’.
Conspóid eile a bhaineann leis an gcomhrialtas is ea nach bhfuil ach páirtí amháin Fraincise san áireamh, páirtí MR (na liobrálaigh).
Tá siadsan i gcomhrialtas anois le trí pháirtí Phléimeannacha. Fágann sin nach bhfuil cothromaíocht teanga ann agus nach bhfuil an rialtas ionadaíoch ach ar sciar beag de thoghthóirí phobal na Fraincise.
Dar le páirtithe eile na bhFrainciseoirí, thréig MR an chomhghuaillíocht – go raibh ráite acu nach ngabhfaidís i gcomhrialtas le NVA.
Ach is é an Rí, ar ndóigh, a roghnaíonn an té a bhfuil dualgas air rialtas a chur le chéile. Ceannaire NVA a roghnaigh sé i dtosach.
Nuair a theip ar Bart De Wever sa chúram sin, chinn an Rí an dualgas a chur ar bheirt – ceannaire MR agus ceannaire CD&V (Daonlathaithe Críostaí Fhlóndras). Thuig an Rí dá gcuirfeadh sé an dualgas ar cheannaire PS gur sa fhreasúra a bheadh NVA arís. Rogha an dá dhíogha a bhí ag an Rí. NVA a chur ar ais sa fhreasúra (le go mbaileodh a bhfeachtas tuilleadh nirt) nó iad a chur i rialtas.
Tá súil ag a lán daoine nach n-éireoidh leis an gcomhrialtas nua an téarma oifige a chur isteach, go gcuirfidh airí NVA lasóg sa bharrach agus aireachtaí tábhachtacha faoina gcúram, m.sh. airgeadas, gnóthaí baile, cosaint.
Creidtear gur rialtas soip ag an NVA atá ann agus gurb é NVA, seachas an Príomh-Aire Charles Michel, atá i bhfeighil an tí. Is é an imní atá ar Fhrainciseoirí go dtiocfaidh an tuar faoi thairngreacht NVA agus go n-éireoidh leo ‘dul chun cinn a dhéanamh’.