‘Níl tacaíocht mar is cóir curtha ar fáil agam do dhrámaíocht na Gaeilge agus ba mhaith liom sraith drámaí Gaeilge a stáitsiú’ – Fiach Mac Conghail

In agallamh le Tuairisc.ie, dúirt Fiach Mac Conghail, stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, nach bhfuil sé curtha as an áireamh aige go mbeadh dráma Gaeilge mar chuid de chlár na hamharclainne don bhliain 2016

 

12/11/2015 Pictured is Director of the Abbey Theatre Fiach Mac Conghail at the Abbey theatre today. The Abbey agreed to allow the 'Waking The Feminists' campaign group to hold the public meeting in the theatre auditorium. The group is calling on the Abbey board to lead the way in establishing equality for women artists. The #WakingTheFeminists campaign says its objective is equality for women artists and that, prior to 2006, 14% of the plays presented at the Abbey Theatre were by women writers, but since then that figure has fallen to 12.3%. The Abbey yesterday said its board and director, Fiach Mac Conghail, acknowledged that the 2016 programme does not represent gender equality and had approved requests for the Abbey auditorium to host a Waking The Feminists debate. Photo:Leah Farrell/RollingNews.ie
Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cé nach bhfuil sé curtha as an áireamh fós ag Fiach Mac Conghail, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, go mbeadh dráma Gaeilge á stáitsiú acu mar chuid de chlár 2016 na hAmharclainne náisiúnta, ach deir sé gurb é an mhian is mó aige ó thaobh na Gaeilge de ná sraith drámaí Gaeilge a léiriú san amharclann.

Ag tagairt dó don chonspóid a bhain leis an scéal nach raibh aon dráma Gaeilge beartaithe ag Amharclann na Mainistreach do chlár na bliana seo chugainn, dúirt Mac Conghail le Tuairisc.ie gur ghlac sé leis an gcáineadh sin, agus nár “chúis bhróid” dó nár éirigh leis plé le forbairt na drámaíochta Gaeilge ó ceapadh ina stiúrthóir é.

“Níl an méid tacaíochta agus ba cheart dom tugtha agam do dhrámaíocht na Gaeilge. Níl an ‘track record’ chomh maith agam is a cheapas go mbeadh sé. An sprioc atá anois agam ní hé an chéad dráma eile a chur ar siúl, ach go mbeadh sraith de dhrámaí Gaeilge ann. Tá caidreamh maith agam le leithéidí na Taidhbdheirce, Fíbín, Liam Carson agus Diarmuid de Faoite. Is rud amháin é dráma Gaeilge a chur ar stáitse agus ansin dearmad a dhéanamh air, caithfear lucht féachana a fhorbairt, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a fhorbairt agus sraith drámaí an rud is fearr chun é sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Maidir leis an easpa drámaí in Amharclann na Mainistreach, ní hamháin ar chlár na bliana seo chugainn ach le roinnt blianta anuas, dúirt an Stiúrthóir gurb amhlaidh nár éirigh leis teacht ar aon dráma a bhí ag teacht lena mhianta.

“Tá mé i gcónaí oscailte drámaí a léamh. Tá mé ag lorg rud éigin nár tháinig fós. Tá sé an-deacair drámaí a fháil a chuirfinn ar an stáitse a luífeadh isteach ar théamaí a bhfuil suim agam iontu. Ní shin le rá nach mbeidh dráma Gaeilge ann an bhliain seo chugainn ach níor mhaith liom geallúint a thabhairt mar níor mhaith liom geallúint a thabhairt agus ansin a bheith ag briseadh.

“Déarfaidh mé rud amháin: tá neart spreagadh agus fuinneamh ag baint go háirithe le comhlachtaí ar nós Moonfish. An cheist a bhíonn agam ná conas a oireann an dráma do na rudaí a gcuirim suim ann agus b’fhéidir gur faillí é sin,” a dúirt Mac Conghail.

Ag tagairt dó do chlár 2016, dúirt sé gurb é an rud a theastódh ó thaobh na Gaeilge de ná dráma comhaimseartha a dhéanfadh iniúchadh ar Éirinn an lae inniu seachas dráma stairiúil. Ba bhreá leis, a dúirt sé, dráma maith a fháil ó scríbhneoir Gaeltachta a chuirfeadh téamaí comhaimseartha faoi bhráid lucht amharclainne na hardchathrach.

Dúirt Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach go mbeadh sé ag bualadh go luath le Conradh na Gaeilge go luath chun plé a dhéanamh ar cheist na heaspa dráma Gaeilge ar an gclár do 2016. Dúirt sé go mbeadh sé lán-sásta freastal agus labhairt ag cruinniú poiblí ar an ábhar dá n-eagrófaí a leithéid. Bhí sé ag súil freisin le bualadh le hAontas na Scríbhneoirí leis an gceist a phlé.

Fág freagra ar '‘Níl tacaíocht mar is cóir curtha ar fáil agam do dhrámaíocht na Gaeilge agus ba mhaith liom sraith drámaí Gaeilge a stáitsiú’ – Fiach Mac Conghail'

  • Tuigim

    Ní Gaeilge, ní mná ag fáil cothrom na féinne ón Abbey.
    Scéal mór faoi Waking The Feminist inniu.
    Súil agam go mbeidh mé ag léamh faoi i dTuairisc.
    Cothrom na Féinne, ‘fhios agaibh.