Chaith comhlachtaí poiblí beagnach €20.7 milliún ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin in 2025, lena n-áirítear €6.3 milliún a caitheadh ar na meáin Ghaeilge.
De réir Oifig an Choimisinéara Teanga, is ardú beagnach 10% é sin ar an €19 milliún a caitheadh ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024.
Tá na figiúirí tugtha i dtuarascáil nua ón gCoimisinéir Teanga ina ndéantar iniúchadh ar chomhlachtaí poiblí chun a chinntiú go n-éiríonn leo na dualgais reachtúla atá orthu maidir le fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge a chomhlíonadh.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 20% d’aon fhógraíocht a dhéanann siad in aon bhliain a bheith i nGaeilge. Chomh maith leis sin, tá sé de dhualgas orthu go mbeadh 5% ar a laghad d’aon airgead fógraíochta ar fhógraí i nGaeilge á chaitheamh sna meáin Ghaeilge.
Deirtear sa tuarascáil is déanaí ón gCoimisinéir Teanga gurb ionann an €20.7 milliún a chaith comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht i nGaeilge in 2025 agus 21% den chaiteachas iomlán, €98 milliún, a rinneadh ar fhógraíocht anuraidh.
Léiríonn na torthaí nua méadú suntasach ar an gcaiteachas ar fhógraíocht Ghaeilge i gcomparáid le 2023, nuair nár chaith comhlachtaí poiblí ach €14.2 milliún ar fhógraíocht Ghaeilge, 15% de chaiteachas iomlán fógraíochta na gcomhlachtaí an bhliain sin.
B’ionann an €6.3 milliún a caitheadh sna meáin Ghaeilge anuraidh agus 6.4% den chaiteachas iomlán. Ardú 21% ar an gcaiteachas sna meáin Ghaeilge a bhí sa €6.3 milliún sin i gcomparáid le figiúr 2024, €5.2 milliún.
Deirtear sa reachtaíocht gur meáin Ghaeilge aon mheáin ina bhfuil ar a laghad 50% d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.
Tá na torthaí sa tuarascáil bunaithe ar aighneachtaí ó 401 den bhreis is 500 comhlacht poiblí atá forordaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Chaith comhlachtaí poiblí €14.4 milliún ar fhógraíocht Ghaeilge ar na meáin Bhéarla in 2025.
Caitheadh an sciar is mó den chaiteachas ar fhógraíocht Ghaeilge ar fhógraí ar íocadh orthu ar na meáin shóisialta – 21%. Caitheadh 20% eile ar fhógraí preasa. Bhain 15% den chaiteachas le fógraí raidió ach níor caitheadh ach 5% den €20.7 milliún ar fhógraí teilifíse.
Sa tuarascáil cuirtear comhlachtaí poiblí i gcatagóirí éagsúla bunaithe ar an méid airgid a chaitheann siad ar fhógraíocht gach bliain. Den chéad uair riamh, d’éirigh leis na comhlachtaí i gCatagóir A, an dream is mó a chaitheann airgead ar fhógraíocht, na dualgais reachtúla 20% agus 5% a bhaint amach. Bhí 24 comhlacht poiblí i gCatagóir A agus níos mó ná €750,000 sa mbliain á chaitheamh acu ar fhógraíocht.
Bhí na comhlachtaí sin ar an dream ba mheasa ó thaobh an reachtaíocht teanga a chomhlíonadh in 2024 agus deirtear sa tuarascáil gur tháinig “feabhas suntasach” ar na torthaí anuraidh.
“Is dea-scéala é gur chaith comhlachtaí poiblí breis agus €20 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge in 2025 den chéad uair riamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn.
“Tá tionchar na reachtaíochta teanga nua seo, atá ag dul ó neart go neart, le feiceáil ar an méadú atá tagtha ar láithreacht agus ar fheiceálacht na Gaeilge ar na meáin thraidisiúnta agus dhigiteacha nua. Tá an méadú as cuimse ar fhógraíocht i nGaeilge ag cruthú sruthanna ioncaim nua d’earnáil na meán Ghaeilge freisin.”
Fág freagra ar 'Os cionn €20 milliún caite ag comhlachtaí poiblí ar fhógraíocht Ghaeilge in 2025'