Tá éacht déanta ag fear na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula, mar is fearr aithne air), agus an lámh in uachtar faighte aige ar an iarrthóir fíorchoimeádach Flávio Bolsonaro sa dara babhta i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle, inné.
Éacht, toisc go raibh Flávio Bolsonaro chun cinn i gcéad bhabhta an toghcháin ar an 4 Deireadh Fómhair, agus níor tharla sé riamh cheana i stair na Brasaíle gur éirigh le hiarrthóir nach raibh an bua aige sa chéad bhabhta an bua a fháil sa dara babhta.
Bhí an bheirt iarrthóirí gob ar ghob agus na vótaí á gcomhaireamh go leictreonach aréir agus go deimhin bhí Flávio Bolsonaro chun tosaigh ar feadh leathuaire an chloig, ach sa deireadh d’éirigh le Lula 51.8% de na vótaí a fháil, farasbarr de nach mór 4.4 milliún vótaí.
81 bhliain d’aois a bheidh Lula, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl cheana idir 2003 agus 2011 agus atá ina uachtarán arís ó 2023 i leith, nuair a insealbhófar é dá cheathrú tréimhse ar an 1 Eanáir 2027.
45 bli d’aois atá Flávio Bolsonaro. Bhí seisean á chur féin chun cinn mar rogha na n-óg ach tá dearcthaí fíorchoimeádacha aige, fearacht a athar Jair Bolsonaro, a bhí ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2019 agus 2023 agus a ciontaíodh anuraidh as iarracht coup d’état a dhéanamh in Eanáir 2023, seachtain i ndiadh do Lula a theacht i gcomharbacht air.
Cén chaoi ar éirigh le Lula an cluiche a iompú?
Ní hé nach bhfuil tacaíocht ag Lula i measc na n-óg – i measc na mac léinn go háirithe – ach is í tuairim na coitiantachta ná gurb iad seandream na tíre a thug an bua do Lula inné; vótóirí atá os cionn 70 bliain d’aois.
Sa Bhrasaíl, tá dualgas ar chuile dhuine idir 18 agus 70 bliain d’aois vóta a chaitheamh, ach ní bhacann go leor seandaoine leis, go háirithe sa chéad bhabhta. Ach deir cairde de mo chuid sa Bhrasaíl a chuaigh amach ag vótáil iad féin go raibh seandaoine amuigh ina sluaite ag vótáil sa dara babhta inné.
Bheadh cuimhne mhaith ag Brasaíligh a bhfuil an trí scór slánaithe acu ar aimsir na deachtóireachta míleata sa tír (1964-1985.) Sna laethanta sin d’éirigh le Lula, a bhí i gceannas ar cheardchumann na n-oibrithe cruach ag an am, brú a chur ar na ginearáil le sraith fhada stailceanna. Athdhaonlathú na Brasaíle an toradh.
D’fhéadfadh sé, freisin, gur rith sé le go leor vótóirí sa Bhrasaíl inné go bhféadfadh an daonlathas a bheith i mbaol sa tír in athuair dáiríre dá dtoghfaí Flávio Bolsonaro ina uachtarán.
Bhí sé ráite ag Flávio Bolsonaro gurb é an chéad rud a dhéanfadh sé nuair a bheadh sé ina uachtarán ná pardún a thabhairt dá athair Jair, ar gearradh téarma príosúin 27 mbliana agus 3 mhí air anuraidh as iarracht coup d’état a dhéanamh, agus atá faoi bhraighdeanas baile.
Gach seans nach mbeadh ansin ach a thús.
Ciallaíonn bua Lula sa Bhrasaíl go mbeidh ceannaire de chuid na heite clé sa tír sin go ceann ceithre bliana eile agus nach mbeidh cara sa chúirt ag Donald Trump sa tír is mó i Meiriceá Theas.
Go deimhin, ceann de na stráitéisí a d’oibrigh go maith do Lula ná a chur i leith Flávio Bolsonaro gur ag iarraidh an Bhrasaíl ‘a thabhairt ar lámh’ do na Stáit Aontaithe a bhí sé. Líomhain a bhí ansin a raibh dealramh éigin léi, agus é á maíomh ag muintir Bolsonaro go mion minic gur méiteanna móra de chuid an Trumpaigh iad.
Dea-scéal d’fhoraois na hAmasóine atoghadh Lula freisin. Ó cuireadh tús leis na taifid, ní raibh an dífhoraoisiú sa dufair sin ag leibhéal chomh híseal riamh agus a bhí le ceithre bliana anuas. Ach bhí sé ráite ag Flávio Bolsonaro go bhféadfadh feirmeoirí, atá freagrach as cuid mhaith den dífhoraoisiú mídhleathach, ‘a rogha rud a dhéanamh’ ar a dtailte féin dá dtoghfaí Bolsonaro ina uachtarán, agus go ‘gcuirfeadh sé smacht’ ar ‘institiúidí timpeallachta idé-eolaíocha’.
Le cúpla mí anuas agus an toghchán ag druidim, ní hamháin Lula agus Flávio Bolsonaro a bhí in adharca a chéile ach luchtanna tacaíochta na beirte chomh maith. Bhí an deighilt idir Lulistas agus Bolsonaristas níos leithne ná riamh, agus an scoilt sin le feiceáil go soiléir ar léarscáil na tíre freisin: dath dearg (Lula) ar na stáit ó thuaidh, mar a mbíonn caighdeán an tsaoil níos ísle, agus dath gorm (Bolsonaro) ar an leath ó dheas.
Ach an chéad rud a dúirt Lula aréir tar éis dó a bheith atofa ná go mbeidh deireadh leis an mbinb agus an naimhdeas sin anois, óna thaobhsa pé scéal é.
“Beidh mé i m’uachtarán do 215 mhilliún duine.” Sin é daonra iomlán na tíre.
Thug sé leid freisin do na téamaí a bheidh ar bharr a aigne aige ina cheathrú tréimhse mar uachtarán.
Spéisiúil go leor tá ‘rialacha a chur i bhfeidhm ar na comhlachtaí móra teicneolaíochta’ ar cheann de na téamaí sin. Le linn an fheachtais, cuireadh as go mór d’fheiceálacht Lula ar roinnt de na meáin shóisialta, Instagram go háirithe, agus tá sé á chur i leith an chomhlachta ó Mheiriceá, META, go ndearna siad iarracht tionchar a imirt ar an toghchán sa Bhrasaíl.
Dúirt sé freisin go ndéanfar infheistíocht mhór i gcúrsaí oideachais, go háirithe san oideachas teicniúil agus eolaíochta. ’Níl mé ag iarraidh a bheith ag brath ar an intleacht shaorga Mheiriceánach ná ar an AI Síneach,’ a dúirt sé. ’Tá mé ag iarraidh intleacht shaorga Bhrasaíleach a chruthú agus teacht i dtír ar na féidearthachtaí móra don fhuinneamh in-athnuaite sa tír seo chun na hionaid sonraí a theastóidh ó mhuintir na Brasaíle a thógáil sa Bhrasaíl féin.’
Luaigh sé freisin ‘ceist na sábháilteachta’, is é sin an foréigean idir buíonta drugaí éagsúla agus idir buíonta drugaí agus na póilíní, agus thug sé leid gur ar leibhéal feidearálach seachas ar leibhéal na stát a eagrófar cúrsaí slándála agus póilíneachta feasta.
Dúirt céile comhraic Lula, Flávio Bolsonaro, aréir nach bhféadfadh sé glacadh le toradh an toghcháin agus chuir sé i leith údarás toghchánaíochta na tíre (TSE) “gur athraigh siad na rialacha agus an cluiche faoi lán seoil”.
Ba é an chaoi gur cuireadh síneadh ama dhá uair an chloig leis an vótáil sa tír ar fad ag an nóiméad deiridh; ag a 5pm fógraíodh go bhfanfadh na hionaid vótála oscailte go dtí a 7pm.
Bhí an síneadh ama sin iarrtha ag an mbeirt iarrthóirí, ag Flávio Bolsonaro féin chomh maith le Lula, ach ar chúiseanna éagsúla, agus i réigiúin éagsúla, seachas don tír ar fad.
Ar chúiseanna atá fós á bhfiosrú, níor fhág na mílte busanna i gceantair ina mbeadh vóta láidir ag Lula a gcuid garáistí maidin inné, rud a d’fhág go raibh deacrachtaí ag vótóirí sna ceantair sin na hionaid vótála a bhaint amach.
Chuir díle bháistí as do vótóirí i stát Rio Grande do Sul, sa deisceart, ina raibh súil ag Flávio Bolsonaro le go leor vótaí, agus sa stát ‘idir eatarthu’ Minas Gerais i lár na tíre.
Ach cuireadh an síneadh ama i bhfeidhm don tír ar fad, agus ní hamháin sna réigiúin sin a dhéanfadh leas iarrthóra áirithe amháin.
Fág freagra ar 'AN BHRASAÍL: Lula tofa ina uachtarán don cheathrú huair agus seandream na tíre ag vótáil ina sluaite'