Is iomaí gradam buaite ag cláracha Gaeilge BBC Thuaisceart Éireann. Bíodh an soláthar acmhainní gann dó ach tá foireann bheag ardchumais ina bhun. Ba bheag an t-aitheantas a fuair an t-éacht sin nuair a d’fhógair ceannasaí an BBC i mBéal Feirste ciorruithe foirne an tseachtain seo caite. Tá trí phost as cúig cinn á gcur ar ceal – sin 60% den fhoireann. Plean é a scriosfaidh an t-aonad agus atá as miosúr leis an ráta iomarcaíochta san iomlán atá á iarraidh.
D’fhógair ardcheannasaíocht an BBC roinnt míonna ó shin go gcaithfí caiteachas a chiorrú go mór. Bheadh iomarcaíocht dheonach á tairiscint ar dtús ach bheadh sí éigeantach dá mba ghá.
Ba é an plean don gcraoltóir i dTuaisceart Éireann ciorruithe £4.1 milliún a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain agus laghdú de 50 a dhéanamh ar an bhfoireann. Thart ar 700 fostaí ar fad atá ag an BBC ar fud an Tuaiscirt. Ní beag an líon é 50 as 700 gan dabht agus is buille trom é don bhfoireann ach tá sé measartha i gcomparáid leis an íde atá molta d’aonad na Gaeilge. Is ionann 50 as 700 agus duine as 14. Fágann sin gur ocht n-oiread de chiorrú is ea an triúr as cúigear, an sceanadh atá á dhéanamh ar fhoireann na Gaeilge.
Is léir go bhfuil an plean seo thar fóir, fiú ar bhonn uimhríochta. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh an soláthar i nGaeilge in ainm is a bheith á mhéadú ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta nach fearr a chomhlíonfadh BBC TÉ a dhualgas dá gcosnódh sé an status quo? Tá an fhoireann chomh beag sin nach mbeadh sé míréireach í a choinneáil slán; ó cheart ba chóir a bheith ag breathnú ar dheiseanna chun í a mhéadú. Ní raibh rún ná mian BBC TÉ seirbhís inchurtha leo sin ón mBBC sa Bhreatnais agus i nGaidhlig a chur ar fáil ach cothaíonn an plean iomarcaíochta amhras gur mian leo cúlú fiú ón mbeagán i gcás na Gaeilge.
Tá an míniú nó cosaint ar na ciorruithe suimiúil, ach go bunúsach is é atá i gceist ábhar a choimisiúnú ón earnáil phríobháideach agus deireadh a chur leis an léiriú i Raidió Uladh. Fuarthas leide faoi sin ón bhfógra do phost eagarthóra a foilsíodh dhá mhí ó shin. Bheadh an té a gheobhadh an post (ar thuarastal idir £91,000 agus £110,000) ag plé le réimsí éagsúla, cláracha Gaeilge agus Ultaise ina measc. Bheadh an duine seo ina bhainisteoir ar oifigigh coimisiúnaithe cúnta – beirt acu le saineolas ar na teangacha; leagadh béim ar ábhar a choimisiúnú ón ‘earnáil chruthaitheach logánta’. Cáilíochtaí teanga? “Some level of proficiency in Gaeilge and/or Ulster-Scots (written and spoken) is desirable -though not essential.”
Ní ag caitheamh anuas ar iarrthóir nó ar éinne a ceapadh atáim ach ar phlean an BBC. Is léir ón bhfógra don bpost go raibh an plean déanta an fhoireann Ghaeilge a laghdú ag an am sin agus a stádas inmheánach san BBC a chealú. Arbh é sin an plean fiú dá mbeadh an rath ar an mbabhta iomarcaíochta deonach a theastaigh uathu? Tá cruinniú leis an mbainistíocht éilithe ag Patsy Mac Giolla Eoin, Teachta Tionóil SDLP, agus gearán déanta ag Sinn Féin. Tá an plean cáinte go géar ag Conradh na Gaeilge. Údar imní do Ghaeilgeoirí ar fud an Tuaiscirt is ea lagú ar sholáthar Gaeilge agus easpa tiomantais an BBC don tseirbhís. Údar imní chomh maith go bhfuil buille níos troime á bhualadh ar aonad beag amháin ná ar cheann ar bith eile.
Ritheadh feachtais láidre dhíograiseacha ar feadh na mblianta chun roinnt Gaeilge ar Raidió Uladh a bhaint amach i dtús na n-ochtóidí. De réir a chéile méadaíodh líon na gclár go cúig uair an chloig sa tseachtain ach is mar sin a bhí le tamall maith anois. Ba é a locht a laghad agus ní mór é sin agus an fhoireann a sholáthair a chosaint in aghaidh ciorruithe atá as compás lena bhfuil ag tarlú i ranna eile.
Fág freagra ar 'Údar imní é an slad ar Aonad Gaeilge an BBC'