‘Tús áite’ á thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus tithe ar díol i bhforbairt nua i Maigh Cuilinn

Nuair a bronnadh cead pleanála ar fhorbairt 60 aonad tithíochta i Maigh Cuilinn dhá bhliain ó shin, cuireadh coinníoll teanga leis gur cainteoirí Gaeilge a bheadh ina gcónaí in ar a laghad 20% de na haonaid

‘Tús áite’ á thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus tithe ar díol i bhforbairt nua i Maigh Cuilinn

Tá forbairt tithíochta i nGaeltacht Chonamara ag tabhairt “tús áite” do chainteoirí Gaeilge tithe a cheannach sa bhforbairt.

Nuair a bronnadh cead pleanála ar an bhforbairt 60 aonad ag ‘Bun an Chnoic’ i Maigh Cuilinn dhá bhliain ó shin, cuireadh coinníoll teanga leis gur cainteoirí Gaeilge a bheadh ina gcónaí in ar a laghad 20% de na haonaid, dhá aonad déag san iomlán. Meascán de thithe trí agus ceithre sheomra codlata atá i gceist sa bhforbairt.

Agus na tithe á gcur ar an margadh anois, deirtear go bhfuil tús áite á thabhairt do dhaoine le Gaeilge a bhfuil spéis acu a rogha teach a cheannach sa bhforbairt.

Maireann an coinníoll teanga tréimhse 15 bliana agus deirtear go mbeidh “somhaoin bhreise” ar fáil dóibh siúd atá sásta teach a cheannach a bhfuil an coinníoll leagtha air.

Beidh ar cheannaitheoirí scrúdú cainte a dhéanamh le hoifigeach de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun a gcumas Gaeilge a léiriú agus an coinníoll teanga a shásamh. Caighdeán a bheadh ar chomhchéim le leibhéal B2 faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach atá ag teastáil.

Deir na gníomhairí eastáit go bhfuil nasc “láidir agus tábhachtach” idir Maigh Cuilinn agus an Ghaeilge agus go bhfuil siad ag iarraidh tacú leis an bpobal atá tiomanta don teanga agus don Ghaeltacht.

“Táimid ag tabhairt tús áite do cheannaitheoirí atá sásta glacadh leis an gcoinníoll teanga a rogha tí a phiocadh. Tá somhaoin bhreise á tairiscint againn do cheannaitheoirí incháilithe a ghlacfaidh leis an gcoinníoll teanga.”

Na gníomhairí DNG Martin O’Connor agus O’Donnellan & Joyce atá ag díol na dtithe. Comer Group Ireland atá i mbun na forbartha.

Dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a bhronnadh ar an bhforbairt in 2024 agus imní léirithe faoi mhéid na forbartha a bhí beartaithe, faoi chúrsaí tráchta agus faoi chúrsaí sábháilteachta. Rinneadh achomharc ar an gcinneadh sin, áfach, agus bhronn An Bord Pleanála cead pleanála in 2025.

I measc an 23 coinníoll a leagadh síos mar chuid den chead sin, bhí an ceann a bhain le cúrsaí teanga ar mhaithe le “teanga agus cultúr na Gaeltachta a chaomhnú agus a chosaint” sa gceantar.

Faoi phlean forbartha Chomhairle Chontae na Gaillimhe, caithfear a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí in 20% de thithe i bhforbairt tithíochta sa nGaeltacht seachas i gceantar Chois Fharraige, áit a bhfuil céatadán 80% leagtha síos.

Dúirt stiúrthóir seirbhísí na comhairle le coiste Dála an tseachtain seo caite go mbíonn “eagla” ar bhainc iasacht a thabhairt nuair a bhíonn coinníoll teanga leagtha ar theach atá le ceannach.

Dúirt Liam Hanrahan go bhfuil scéalta faighte aige go mbíonn sé deacair ag forbróirí tithe a bhfuil coinníollacha teanga leo a dhíol in áiteanna cosúil le Baile Chláir ach gurb iad na bainc atá ag cruthú na ndeacrachtaí seachas easpa daoine le Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Tús áite’ á thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus tithe ar díol i bhforbairt nua i Maigh Cuilinn'