Beagán le cois seachtaine ó shin foilsíodh plean straitéise don chluiche liathróid láimhe sa tír seo do na trí bliana atá amach romhainn. Tá súil méadú 20% a chur ar bhallraíocht, rud atá ag 7,000 duine faoi láthair. Déanfar iarracht freisin feabhas a chur ar íomhá an chluiche trí fheachtais phoiblíochta agus tuairisciú breise ar na meáin. Fágfaidh sin ar fad go mbeidh bunús níos láidre faoi chlubanna agus faoin gcluiche ar fud na tíre, faoin am a dtiocfaidh 2030.
Spriocanna atá indéanta, mheasfá agus is cráiteachán de chnáimhseálaí amháin nach dtabharfadh a bheannacht dóibh.
Níl cluiche ar domhan atá níos simplí ná an cluiche atádar a chur chun cinn. Ní móide ach an oiread teacht a bheith ar aon cheann a bhfuil níos lú costais ag baint leis – gan ag teastáil ach aon liathróidín beag amháin agus sconsa, binn tí, nó balla díreach.
Ba é an díol iontais ba mhó a chonaic mé sa bplean straitéise nach bhfuil pinniúr liathróide láimhe ach ag 37 de chlubanna Chumann Lúthchleas Gael na tíre seo – tá suas le 1,600 acu siúd ann, gan Peil na mBan agus an Chamógaíocht a chur san áireamh.
Sa lá atá inniu ann is áiseanna imeartha an t-údar imní atá ag formhór na gclubanna sin, gan seans faoin spéir go mbeadh siad in ann a theacht ar na hacmhainní a thabharfadh deis dóibh a mianta ar fad a bhaint amach. Dá bharr thuigfeá nach í an liathróid láimhe an chloch is mó ar a gcuid paidríní, ainneoin a simplíocht.
Fiú agus an spás a bheith acu dá leithéid, tá costas ollmhór ag baint le pinniúr 40×20 a thógáil as an nua – €5,000 – €10,000 ar cheithre bhalla agus suas le €¼ milliún ar cheann a mbeadh díon air agus é a bheith dúnta isteach.
Sin an fáth go mbeidh an ‘balla liathróide’ nó an ‘wall-ball’ ina chabhair mhillteach do lucht na liathróide láimhe agus iad ag iarraidh a gcluiche a chur chun cinn.
Ballaí coincréite 6m x 5m iad seo agus tá mé cinnte go bhfuil a leithéid feicthe minic go leor agaibh i gclósanna scoile nó i gcomharsanacht na bpáirceanna imeartha ina mbaineann formhór chlubanna iománaíochta na tíre úsáid eatarthu.
Níl a sárú le fáil le feabhas a chur ar an gcomhordú idir an tsúil agus an lámh, bunscil de chuid na liathróide láimhe agus ar ndóigh, cuid thábhachtach den iománaíochta freisin.
Cuireann an ‘balla liathróide’ go mór leis an spórt a chur chun cinn sna scoileanna. Tá baint bheag agam féin le scéim a chuireann cóitseáil ar na Cluichí Gaelacha chun cinn i meánscoileanna agus i mbunscoileanna mo cheantair dhúchais agus tá siad molta go haer sna scoileanna ina bhfuileadar ansiúd.
Ar cheann de na rudaí is minice a luaitear liom tá an bealach a meallann sé chun imeartha páistí óga cúthaileacha nach mbeadh fonn orthu a bheith páirteach i gcluiche foirne go deo.
Tá fáil freisin ar bhallaí ar féidir iad a úsáid faoi dhíon freisin.
Más fíor tá an liathróid láimhe linn mar chluiche le 3,500 bliain. Ba i Meicsiceo agus i Meiriceá Láir a tháinig sé ar an saol.
‘Báire Binne’ an t-ainm ba thúisce a bhí sa tír seo air agus tá cruthúnas go raibh sé á imirt anseo na céadta bliain ó shin.
Níorbh í an fháilte a bhí roimhe i ngach ceard den tír ach an oiread.
Sna Reachtanna a leag Méara Chathair na Gaillimhe, Richard Morris, agus a chuid Seanóirí amach i 1527 bhí ráite: “…at no tyme the use ne ocupye the horlinge of the litill balle with hockie stickes or staves, nor use no hande ball to playe without the walles, but onely the great foote balle…”.
Gearradh fíneáil 8 bpingine ar aon duine a d’imir iománaíocht ar na sráideanna nó a phreab liathróid in aghaidh na mballaí – b’ionann sin agus pá lae do shiúinéir agus pá dhá lá do shaothraí.
Ba sna 1930idí agus sna 1940idí a shroich an liathróid láimhe barr buaice sa tír seo. Meastar go raibh idir 700 agus 1,000 pinniúr inti agus iad scaipthe i chluile chontae. An seantomhas 60’ x 30’ (18.2m x 9.1m) a bhí iontu ar fad.
Ní mba chun imeartha amháin ach an oiread a baineadh úsáid astu. Faoin tuath go háirid, reáchtáltaí céilithe iontu in áiteacha nach raibh aon halla le fáil agus ba mhór an lear sin.
Ba mhinic leis an bpobal fré chéile a theacht le chéile sa bpinniúr. Tógadh a leithéid freisin i meánscoileanna, cliarscoileanna, ollscoileanna agus in Ionad Traenála an Gharda Síochána, i bPáirc an Fhionnuisce i mBleá Cliath.
Bhí an-tóir ag Coimisinéir Gardaí na linne, an Ginearál Eoin O’Duffy, ar an gcluiche. Bhí seisean ina Uachtarán ar Chumann Liathróid Láimhe na hÉireann idir 1926 agus 1934, tráth a raibh sé ina Choimisinéir ar na Gardaí. Bhí an fear céanna ina Rúnaí ar Chomhairle Uladh CLG (1912), ina Uachtarán ar Chomhairle Oilimpeach na hÉireann (1931/32) agus ar Chumann Lúthchleas agus Rothaíochta na hÉireann (1931-34).
Ba nós le Ó Dubhthaigh iarracht a dhéanamh cuid de laochra móra spóirt na tíre a mhealladh isteach sna Gardaí agus ar dhuine acu siúd ar thairg sé post dó bhí fear óg as Mainistir na Búille a raibh Paddy Perry mar ainm air. Bhí Perry ar dhuine de na himreoirí óga liathróide láimhe ab fhearr in Éirinn.
“Geallaim duit go mbeidh do rogha stáisiúin agat,” a deir an Coimisinéir leis agus é i mbun earcaíochta.
“Fad agus a bheas pinniúr in aice láimhe, beidh mé sásta,” a deir Perry. Chaith seisean a shaol ar fad mar Gharda sa gCeannáras, áit ar bhuaigh sé Craobh na hÉireann 8 n-uaire as a chéile sa bpinniúr ansiúd.
An t-aon rud a chuir múisiam orm agus mé ag léamh phlean straitéise an chluiche sna blianta amach romhainn, nach bhfuil oiread agus focal amháin Gaeilge le feiceáil ann. Ní hamháin sin ach mura bhfuil dul amú orm is GAA HANDBALL an teideal oifigiúil atá ar an eagraíocht a stiúrann sin. Ní fheicim aon leagan Gaeilge. Níl aon teacht ar theanga ár sinsear ach oiread ar a shuíomh gréasáin.
Seo anois eagraíocht atá concheangailte go hiomlán le Cumann Lúthchleas Gael.
Neamhaird freisin atá déanta ar an nGaeilge ar shuíomhanna Pheil na mBan agus The Camogie Association, arb é an leagan sin amháin a fheicim ar a suíomh siúd.
Eatarthu, tá suas le 100 cumann Gaeltachta cláraithe chun imeartha sna trí eagraíocht sin de chuid na mban. Cuir baill, lucht tacaíochta, iad siúd ar suim leo na cluichí leis sin, mar aon le Gaeilgeoirí na tíre fré chéile agus ní beag an líon daoine a bheas agat.
Ní leis an imirt amháin a bhaineann comhionannas, cothromas ná comhcheangal, bíodh a fhios acu.
Fág freagra ar 'Aon liathróidín beag amháin, sconsa, binn tí, nó balla díreach…'