Tá taithí againn le tamall de bhlianta anois ar shonraí an bhuiséid a bheith á bhfoilsiú roimh an lá féin. Is beag iontas a bhíonn sna fógraí a dhéanann na hairí sa Roinn Airgeadais nuair a thagann siad os comhair na Dála leis an gcáinaisnéis a fhógairt go poiblí. Ón uair gurbh éigean do Phil Hogan éirí as mar aire stáit sa Roinn Airgeadais faoi gur nochtadh roinnt de shonraí an bhuiséid as an Roinn Airgeadas i nóchaidí an chéid seo caite is beag iontas a dhéantar níos mó as eolas a bheith á sceitheadh.
Tá blúirí ag teacht chun cinn le roinnt seachtainí cheana féin agus an rud is mó atá le tuiscint go dtí seo go bhfuil aighneas ag bord an rialtais faoin méid a bheidh sna hóráidí ag Jack Chambers agus Simon Harris seachtain ó Dé Máirt seo chugainn. Tá sé soiléir ón mbeirt acu go mbeidh an cháinaisnéis seo cinniúnach mar go bhfuil dúshláin le sárú a bhfuil an bheirt acu ag iarraidh dul i ngleic leo.
Tá Jack Thatcher baiste ar an Aire Caiteachais Phoiblí ag a chomhghleacaithe mar gheall ar chomh daingean agus atá a ghreim ar an sparán. Tá seisean le smacht ar chúrsaí airgeadais a bhaint ó cheithre réigiún i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó tharla gan iad a bheith in ann smacht a choinneáil ar chaiteachas. Tá sé i gceist aige freisin pionós a ghearradh ar leithéid na Roinne Oideachais ina bhfuil róchaiteachas os cionn €600 milliún i mbliana. Ciallaíonn an seasamh daingean ag an Aire Chambers nach bhfuil airí eile an rialtais sásta leis.
Fear eile nach mbeidh sásta, is cosúil, leis an méid a bheidh ar fáil dó sa gcáinaisnéis is ea an tAire Tithíochta James Browne. Níl fonn ar an rialtas deireadh a chur le dleacht stampa do cheannaitheoirí céad uaire agus tá sé déanta soiléir ag an Taoiseach nach bhfeiceann sé ciall le hardú ar an deontas le cabhair a thabhairt do dhaoine teach a cheannach. Ní léir cúrsaí tithíochta a bheith ag feabhsú, ach is léir go bhfuil cuid den rialtas bréan de bheith ag caitheamh airgid go síoraí le cúrsaí tithíochta agus gan mórán dul chun cinn ag tarlú.
Beidh an buiséad i mbliana cinniúnach, a dúirt an tAire Airgeadais Simon Harris an tseachtain seo. Tá sé i gceist aon phingin atá le roinnt a thabhairt dóibh siúd ‘a éiríonn moch ar maidin’. Ní léir go mbeidh aon duine mórán níos fearr, is cuma moch nó déanach ag éirí iad.
Tá teannas cothaithe ag an éiginnteacht idirnáisiúnta faoin méid a bheidh sa cháinaisnéis. Díol imní freisin chomh mór agus atá an tír ag brath ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta. Caithfear a bheith ciallmhar dá réir leis an airgead atá ann agus ag an am céanna a chinntiú nach ndéantar dochar pholaitiúil dóibh féin. Is féidir linn a bheith cinnte sna laethanta seo romhainn go mbeidh blúiríní go leor ag teacht chun solais leis an dochar a bhaint as aon aighneas idir na hairí agus lena chinntiú nach mbeidh aon olc mór orainn a chruthóidh agóidí, mar a chonaic muid ag tús na bliana.
Fág freagra ar 'Ní bheidh aon duine mórán níos fearr as is cuma moch nó déanach a éiríonn siad'