An mhí seo caite, chroch Comhairle Cathrach na Gaillimhe dhá cheann déag de chomharthaí le tabhairt le fios go bhfuil roinnt mhaith eastát tithíochta ar imeall na cathrach sa Ghaeltacht. Glacaim leis nach raibh aon duine a bhí ag plé leis an tionscnamh ag iarraidh dochar a dhéanamh ach im thuairimse, tá dochar déanta ag na comharthaí seo.
Ar ndóigh go teicniúil tá cuid mhaith eastát i gCathair na Gaillimhe a bhfuil aitheantas oifigiúil Gaeltachta acu. Ní de bharr aon chritéar teangeolaíoch atá an t-aitheantas bréagach sin acu, ach de bharr siléig Roinn na Gaeltachta thar na blianta.
Nuair a leagadh amach teorainneacha na Gaeltachta sa bhliain 1956, is ceantair thuaithe a bhí sna bailte seo – Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin, An Pháirc Mór, Baile an Phoill, Baile an Dúlaigh, Cúil Each agus an Caisleán Gearr. Tá an chuma ar an scéal go raibh cónaí i 1956 ar thart ar 500 duine sna ceantair i gcathair na Gaillimhe a bhfuil aitheantas Gaeltachta acu.
Bhí Gaeilge ag 75% acu, de réir an daonáirimh i 1961. Anois tá cónaí ar thart ar 18,000 sna ceantair oifigiúla Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe agus Gaeilge ag 45.6% acu, beagán os cionn an leibhéil náisiúnta,37.7%.
Is cainteoirí laethúla Gaeilge (taobh amuigh den chóras oideachais) 3.8% de na daoine sa gcuid de chathair na Gaillimhe atá aitheanta sa nGaeltacht oifigiúil agus is cainteoirí laethúla 3.3% de na páistí réamhscoile idir 3-4 bliain d’aois. Go bunúsach is iad na heastáit tithíochta móra a tógadh sna ceantair thuaithe ar imeall chathair na Gaillimhe ó 1956 i leith is cúis leis an méadú i ndaonra na Gaeltachta ó 86,000 i 1956 go 106,000 in 2022.
Baineann 17,000 de mhéadú dhaonra na Gaeltachta le cathair na Gaillimhe amháin.
Má ghlactar leis gurb é is ciall le Gaeltacht ná áit ina bhfuil sciar suntasach den phobal atá ina gcónaí ansin a úsáideann an Ghaeilge mar theanga laethúil chumarsáide, níl cúis ar bith go mbeadh aitheantas Gaeltachta ag aon áit i gcathair na Gaillimhe.
Tugann na comharthaí Gaeltachta atá crochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le fios go bhfuil thart ar 18,000 ina gcónaí sa nGaeltacht i gCathair na Gaillimhe. Ní hiad seo na háiteacha is mó sa gcathair ina n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Mar shampla, de réir na dtorthaí daonáirimh in 2022, bhí 3.1% i mBóthar na Trá ina na gcainteoirí laethúla, sin beagán níos airde ná an 2.7% a tuairiscíodh don Limistéar Pleanála Teanga a dtugtar Gaeltacht Oirthear Chathair na Gaillimhe air, ceantar ina bhfuil áiteanna amhail Tír Oileáin, Baile an Phoill, Mionlach agus An Pháirc Mhór.
Ar ndóigh is ceart agus is cóir aitheantas speisialta a thabhairt do chathair na Gaillimhe mar chathair ina bhfuil sciar mór cainteoirí Gaeilge agus mar bhaile ina mbíonn cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta ag tarraingt air le haghaidh seirbhísí den uile chineál. Tá an t-aitheantas sin ag an gcathair mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ach is bréag amach is amach a rá go bhfuil aon cheantar i gcathair na Gaillimhe i dteideal aitheantas Gaeltachta, dá n-úsáidfí critéir theangeolaíocha de chineál ar bith. Tá aitheantas oifigiúil Gaeltachta ag na heastáit ar imeall chathair na Gaillimhe de bharr cúinsí tíreolaíochta seachas cúrsaí teanga.
Is masla do na ceantair Ghaeltachta i gConamara Theas/Oileáin Árann na comharthaí Gaeltachta atá crochta le cúpla seachtain anuas i gcathair na Gaillimhe. Is sampla é den rud ar a dtugtar an leithghabháil chultúrtha nó cultural appropriation. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag maíomh, gan aon bhunús teangeolaíoch, go bhfuil féiniúlacht Ghaeltachta, ag daoine atá ina gcónaí sna heastáit tithíochta ar imeall na cathrach.
Go bunúsach, is gadaíocht chultúrtha ar na pobail a labhraíonn Gaeilge atá ar bun ag an gcomhairle a bheith ag tabhairt le fios gur ceantair Ghaeltachta iad Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin, Baile an Phoill srl.
Cuireann an t-aitheantas bréagach atá ag ‘Gaeltacht’ chathair na Gaillimhe figiúirí Gaeltachta as a riocht. De réir an daonáirimh in 2022, bhí 16,993 duine (3bhl+) ina gcónaí i nGaeltacht chathair na Gaillimhe, i gcomparáid le 14,765 i nGaeltacht na Mumhan ar fad le chéile.
Nuair a reáchtálfar an toghchán le hionadaithe Gaeltachta a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeltachta, beidh níos mó daoine i gcathair na Gaillimhe i dteideal vóta a chaitheamh ná i nGaeltacht Chonamara Theas, ó na Forbacha siar go Carna.
Im thuairimse, tá beag is fiú déanta ag crochadh na gcomharthaí Gaeltachta seo de na pobail tuaithe a bhfuil na tréithe teangeolaíocha faoi leith acu a shainmhíníonn pobal Gaeltachta in intinn na ndaoine.
Áine
Níl anseo ach cathair na Gaillimhe ag iarraidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a úsáid le haghaidh margaíocht agus turasóireacht. Ar nós an “Latin quarter”.
Tá an ceart ag Donncha, is masla atá ann agus dhá mhéir á thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. An ndéanfaidh aon duine aon rud faoi? Ní dhéanfaidh Údarás na Gaeltachta.
Dáithí Mac Cárthaigh
Nárbh fhearr cathair uile na Gaillimhe a aithnint mar bhaile seirbhíse Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht gan dochar d’aon scoil sa cheantar a bhfuil stádas Gaeltachta aici ná do chearta na ndaoine atá fostaithe sa phleanáil teanga ann?
Pádraig
Seans (caolseans?) go ndéanfaidh an chomharthaíocht nua na pobail imeallacha, cathrach, seo a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim agus a labhairt?
Athfhoghlaim agus athghabháil in áit “leithghabháil chultúrtha”?
Nach duine acu sin í Uachtarán na hÉireann?
Seans (caolseans?) go dtiocfaidh iliomad uachtaráin eile i gcomharbacht uirthi amach sa todhchaí?
Breandán
Náire shaolta iad Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Chathrach na Gaillimhe gur cheadaigh siad eastáit tithíochta i gCnoc na Cathrach le déanaí le os cionn trí chéad ionad tithíochta agus gan oiread agus ceann amháin acu le clásáil teanga! Is léir gur cur i gcéill í an phleanáil teanga sa cheantar sin! An é gur aineolas nó gur leisce atá ar an Roinn, Comhairle Chathrach na Gaillimhe, LPT agus iad siúd atá glórach faoi chur chun cinn na Gaeilge i gCnoc na Cathrach nár ghníomhaigh siad ná nár sheasadar an fód do lucht labhartha na Gaeilge sa cheantar! Tá na cosa bainte díbh anois! Tá an ceart ar fad ag an gcolúnaí! Cur i gcéill atá sa chomharthaíocht!