Burnham an cúigiú Príomh-Aire ar an mBreatain le ceithre bliana

Tá sé fógartha ag Andy Burnham go réiteoidh sé plean nua deich mbliana don tír níos deireanaí sa mbliain

Burnham an cúigiú Príomh-Aire ar an mBreatain le ceithre bliana

Is é Andy Burnham Príomh-Aire nua na Ríochta Aontaithe agus gan é an mhí féin ar ais sa bparlaimint.

Eisean an cúigiú Príomhaire ar an mBreatain le ceithre bliana agus an seachtú ceann ó 2016.

Níos túisce inniu a thug sé a chéad óráid mar Phríomh-Aire i Sráid Downing.

“Is é an nóiméad seo scoradán ciorcaid na Breataine,” a dúirt sé.

Gheall sé go ndéanfadh sé “na hathruithe is mó a tharla le 40 bliain” agus go dtabharfadh sé isteach “múnla nua polaitíochta agus múnla nua eacnamaíochta”.

“Sna 1980idí thug an Bhreatain roinnt castaí míchearta. Rinneadh an chumhacht pholaitiúil a lárú, an chumhacht eacnamaíochta a phríobháidiú, réimsí móra den tír a dhíthionsclú agus ní dhearna siad aon téarnamh uaidh sin ó shin.

“Braitheann go leor daoine gur ag meath atá siad ó shin agus nach bhfuil ar a gcumas cúrsaí a chur ina gceart arís.

“Sin an fáth go n-athróidh muid an pholaitíocht, ionas go mbeidh comhoibriú níos fearr agus go mbeidh réiteach fadhbanna níos tábhachtaí ná an ceann is fearr a fháil ar a chéile.”

Rinne an Taoiseach Micheál Martin comhghairdeas le Burnham ina chúram nua agus dúirt go raibh sé ag súil le bheith ag obair leis chun “an chomhpháirtíocht agus an cairdeas idir an dá thír a neartú”.

D’fhógair Burnham go seolfaidh sé plean nua 10 mbliana don tír níos deireanaí sa mbliain agus gurb í an chéad treoir a thabharfaidh sé mar Phríomh-Aire deireadh a chur le daoine ag codladh amuigh.

Dúirt sé go gcuirfear eolas ar fáil amárach faoi na bearta costas maireachtála, agus gheall sé go dtógfaí níos mó tithe comhairlí [poiblí] agus go seasfaí leis na gealltanais atá tugtha maidir le cúrsaí cosanta.

Dúirt an Príomh-Aire nua go gcuideofaí le daoine óga obair a fháil trí athrú a dhéanamh ar an gcóras oideachais agus dúirt go gcuirfí tacaíocht bhreise ar fáil i réimse na meabhairshláinte.

Gheall sé gur cúram a dhéanamh do dhaoine a bheadh i gcroílár gach a ndéanfaidh sé féin.

“Déanfaidh mé mo sheacht míle dícheall agus iarraim oraibh a bheith liom san iarracht,” a dúirt sé.

“Cothaímis meon nua aontais náisiúnta, dearfachta agus an sprioc chéanna againn go léir. Bíodh an nóiméad seo mar thús muiníne ag an mBreatain, an nóiméad a spreagfaimid an dóchas arís.”

Ar an 22 Meitheamh, a d’fhógair an t-iarphríomh-aire Keir Starmer, go n-éireodh sé féin as an bpost, sin ceithre lá tar éis do Burnham suíochán a bhuachan i dtoghchán Westminster, suíochán a cheadaigh dó tabhairt faoin bpríomh-aireacht.

Fág freagra ar 'Burnham an cúigiú Príomh-Aire ar an mBreatain le ceithre bliana'