An Trumpach curtha i sáinn ag Balogun
Cé go bhfuil Corn an Domhain á imirt faoi scáth uachtarán Mheiriceá Donald Trump, níl an fear mór feicthe ag aon chluiche go dtí seo. D’fhéadfadh go bhfuil cúpla cúis lena chinneadh fanacht glan ar na cluichí. Nuair a d’fhreastail Trump ar cheann de chluichí ceannais an NBA i Nua-Eabhrac an mhí seo caite, náiríodh é ar a fhód dúchais nuair a thosaigh an slua ag faíreach faoi agus meastar go bhféadfadh an rud céanna tarlú ag Corn an Domhain.
Seans gur chruthaigh Folarin Balogun fadhb don Trumpach chomh maith. Tosach de chuid Mheiriceá é Balogun a d’aimsigh dhá chúl sa gcéad chluiche acu i gcoinne Paragua. Cúis cheiliúrtha a cheapfá ach, dá mba faoin Trumpach é, ní bheadh cead ag Balogun imirt do Mheiriceá.
Ba as an Nigéir tuismitheoirí Balogun agus cónaí orthu i Sasana ach bhí a mháthair ar cuairt ar ghaolta i Nua-Eabhrac nuair a bhí sí seacht mí ar pháiste. Nuair a thriail sí filleadh abhaile, níor thug an aerlíne cead di taisteal agus rugadh Folarin i mBrooklyn. D’fhill an bheirt ar Shasana go luath ina dhiaidh sin agus is ann a tógadh Folarin, ach tá saoránacht de chuid Mheiriceá aige.
An chéad lá tar éis dó filleadh ar an Teach Bán don dara téarma, d’eisigh an tUachtarán Donald Trump ordú forghníomhaithe a rinne iarracht saoránacht a bhaint de pháistí imircigh gan doiciméid nó ó pháistí eachtrannaigh a bhí ar cuairt ar na Státaí nuair a rugadh an páiste, mar a bhí i gceist le Balogun.
Buaileadh buille ar an Trumpach Dé Máirt seo caite nuair a rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe gur sháraigh an t-ordú sin an bunreacht. Ar an gCéadaoin, d’aimsigh Balogun an chéad chúl i mbua 2-0 Mheiriceá ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i mBabhta an 32.
Faraor, cuireadh Balogun den pháirc níos déanaí sa gcluiche, rud a fhágann go mbeidh sé ar fionraí don chluiche in aghaidh na Beilge an tseachtain seo chugainn ach tá deis anois ag Trump freastal ar chluiche agus ceist chrua a sheachaint ag an am céanna.
Rogha cluichí Tuairisc
An Airgintín v Rinn Verde – Dé hAoine, 23:00
Ní gá mórán a rá faoin gceann seo ach go bhfeicfear captaen Shamrock Rovers ag iarraidh greim a fháil ar an imreoir is fearr a bhí ann riamh. Tá muid anseo in Éirinn gafa ag scéal Roberto ‘Pico’ Lopes agus é ag imirt do Rinn Verde thall ag Corn an Domhain. Éacht a bhí ann don oileánra beag amach ó chósta na hAfraice an comórtas a bhaint amach ach measadh gurb é sin deireadh na gaiscíochta. Bhain Lopes agus Rinn Verde leibhéal eile amach leis an gcomhscór in aghaidh na Spáinne sa gcéad chluiche agus táthar anois ag fáil réidh do chluiche in aghaidh Lionel Messi agus seaimpíní an domhain. Caithfidh go dtiocfaidh deireadh leis an aistear anocht ach ní fhéadfá a bheith cinnte.
Paragua v An Fhrainc – Dé Sathairn, 22:00
Roimhe seo, bhí cáil ar fhoirne na Fraince faoi cheannas Didier Deschamps as a bheith dea-eagraithe, láidir agus beagáinín leadránach. Tá sé sin go hiomlán athraithe ag an gcomórtas seo agus foireann seo na Fraince ar tí a bheith ar cheann de na foirne is fearr a fhacthas ag Corn an Domhain riamh.
Bhí bliain chrua ag Kylian Mbappé le Real Madrid agus cuid den lucht leanta tar éis iompú ina aghaidh ach níl aon rian de sin le feiceáil leis an bhFrainc agus a chumas léirithe arís agus arís eile aige go dtí seo. Tá caidreamh agus tuiscint iontach idir é féin agus Michael Olise, a chruthaíonn an-chuid de na deiseanna ar chúil dó, agus idir iadsan agus Ousmane Dembélé, Bradley Barcola agus tosaithe eile na Fraince, is mór an spórt a bheith ag breathnú orthu.
Beidh cumas na dtosaithe sin ag teastáil oíche Dé Sathairn i gcoinne Pharagua. Dhíbir Paragua ceann eile d’fhathaigh na hEorpa ón gcomórtas sa mbabhta deireanach nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an nGearmáin ar chiceanna éirice. Ní raibh mórán suime ag foireann Gustavo Alfaro dul ar an ionsaí sa gcluiche sin agus iad ag brath ar chosaint láidir Pharagua agus seans go bhfeicfear an plean céanna i gcoinne na Fraince. Tá na Francaigh i bhfad níos fearr ná na Gearmánaigh áfach.
An Bhrasaíl v An Iorua – Dé Domhnaigh, 21:00
Táthar á rá go bhféadfadh foireann seo na Fraince a bheith chomh maith le foirne na Brasaíle a bhí ann i 1970 agus 1982, foirne atá sa táin i dtaca le Corn an Domhain. Níl áirítear Brasaíligh na linne seo ag an leibhéal sin ná baol air ach ní chiallaíonn sin nach bhfuil brú ollmhór orthu sa mbaile an corn a bhuachan den chéad uair le 24 bliain. Peaca marfach a bheadh ann ina súile siúd sa mbaile dá mbeadh an cluiche deireanach in aghaidh na Seapáine caillte ag an mBrasaíl cé nach bhfuil mórán idir na foirne i ndáiríre. Tháinig an Bhrasaíl slán ar scór 2-1 le cúl ó Gabriel Martinelli in am cúitimh ach tá laigí go leor sa bhfoireann go fóill, go háirithe i lár na páirce.
Beidh Martin Ødegaard ag súil le leas a bhaint as aon spás chun deiseanna a chruthú do Erling Haaland agus níl aon chúis ann go léireodh an Iorua aon ómós don Bhrasaíl. Níl aon cheann de na ceithre chluiche atá imeartha acu i gcoinne na Brasaíle caillte ag an Iorua riamh agus bua ag Corn an Domhain 1998 i measc na gcluichí sin.
Meicsiceo v Sasana – Dé Luain, 01:00
Tháinig Harry Kane i gcabhair ar Shasana i rith na seachtaine agus na cúil chinniúnacha aimsithe aige sa mbua 2-1 a bhí ag foireann Thomas Tuchel ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó tráthnóna Dé Céadaoin. Dá mbeadh an cluiche caillte ag na Sasanaigh, is cinnte go mbeadh tagairt á déanamh don tubaiste in aghaidh na hÍoslainne deich mbliana ó shin nó náire 1950 nuair a chaill Sasana in aghaidh Mheiriceá.
Bhí cuma leamh, thuirseach ar Shasana ar feadh cuid mhaith den chluiche, droch-chomhartha agus iad anois ag fáil réidh do chluiche ollmhór san Azteca, atá suite thart ar 2,200 méadar os cionn leibhéal na mara.
Beidh imreoirí agus lucht tacaíochta Mheicsiceo ag súil nach dtabharfar deis do na Sasanaigh anáil a tharraingt agus an fhoireann bhaile ag feabhsú de réir mar atá an comórtas ag dul ar aghaidh.
Dé hAoine, 3 Iúil
An Astráil v An Éigipt, 19:00 Dé Sathairn, 4 Iúil
An Cholóim v Gána, 02:30 Dé Domhnaigh, 5 Iúil
An Bhrasaíl v An Iorua, 21:00
Dé Luain, 6 Iúil
Meicsiceo v Sasana, 01:00
Dé Máirt, 7 Iúil
Stáit Aontaithe Mheiriceá v An Bheilg, 01:00
An Airgintín v Rinn Verde, 23:00
Ceanada v Maracó, 18:00
Paragua v An Fhrainc, 22:00
Fág freagra ar 'An Trumpach i sáinn ag Balogun, Sasana ag fáil réidh don Azteca agus na Francaigh ag aithris ar an mBrasaíl'