Deirtear i dtaighde nua nár chóir go mbeadh an Ghaeilge ina ‘cipín idirbheartaíochta’ nuair a bheidh plé ann faoi ‘Éire aontaithe’ agus gur chóir do lucht labhartha na teanga agus muintir na Gaeltachta an deis a thapú chun an Ghaeilge a chur chun cinn le linn an phlé.
Tá an tuairisc taighde foilsithe ag Ollscoil na Banríona agus deir údar an taighde, Róisín Nic Liam, go bhfuil teipthe ar an dá dhlínse, ó thuaidh agus ó dheas, freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó chríochdheighilt na tíre.
Deir sí go gcruthódh Éire aontaithe deis an caidreamh idir an teanga, na húdaráis agus muintir na tíre a athshocrú.
“Is idirghabháil thráthúil í an tuairisc seo a mholann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fís dhearfach, fhorásach, cheartbhunaithe a leagan amach don teanga in aon socrú polaitiúil nua,” a deir Nic Liam.
“Go deimhin, cuirtear na deiseanna claochlaitheacha a bhainfeadh leis an athrú bunreachtúil ar shúilibh na léitheoirí, agus aithnítear Éire aontaithe nua ar deireadh thiar mar a bheadh deis stairiúil ann an caidreamh idir an Ghaeilge, an stát agus muintir na hÉireann trí chéile a athshocrú ó bhonn.
“Déantar amhlaidh i gcomhthéacs theip an dá dhlínse ó thuaidh agus ó dheas freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó críochdheighleadh an tír, d’ainneoin dul chun cinn áirithe le blianta beaga anuas.”
Deir Nic Liam gur minic a phléitear ceist na Gaeilge “ar bhonn an-diúltach” nuair a thagann sí chun cinn i bplé faoi Éire aontaithe agus gur chóir sin a athrú.
“Is minic a cuireadh an Ghaeilge in iúl sna comhráití ar an athrú bunreachtúil go dtí seo ar bhonn an-diúltach, in áit í a phlé mar a bheadh teanga bheo phobail ar fud na hÉireann, agus ceist cheartbhunaithe dá réir.
“Fágann sé seo gur phléigh idir lucht léinn agus pholaiteoirí sinsearacha leis an nGaeilge mar rud go bhféadfaí ísliú céime a thabhairt dó amach anseo, nó mar rud gur gá athmhachnamh a dhéanamh air i gcás aontacht na hÉireann. Go deimhin, is minic an Ghaeilge á cur in iúl mar a bheadh cipín idirbheartaíochta nó ábhar siombalach comhghéillte ann sna comhráití céanna.”
Deir Nic Liam gur chóir do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith lárnach agus múnla d’Éire nua á chruthú agus moltar gur cheart don phobal úd “an deis stairiúil seo a bhaineann le comhráití na haontachta a thapú lenár bhfís fhorásach féin a leagan amach ó thaobh [thodhchaí] na teanga agus na Gaeltachta.”
Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde agus dúirt uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go bhfuil an Conradh ag plé le ceist na Gaeilge in Éirinn aontaithe ó 2019.
Agus é ag labhairt ag seoladh an taighde in Ollscoil na Banríona, dúirt sé go raibh súil aige go mbeadh sé “mar mhór-fhoinse spreagtha in athfhrámáil na díospóireachta maidir leis an Ghaeilge agus aontacht na tíre, bunaithe ar chearta agus ar mheas”.
Fág freagra ar 'Ba chóir go mbeadh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lárnach i dtógáil Éire aontaithe – taighde nua'