Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta leis an Nuálaíocht Shóisialta
Dáta deiridh: 18 Bealtaine 2026 ag meán lae
Cuspóir an Phoist:
Is scoil ghnó nuálach í Scoil Ghnó na Tríonóide de cháil idirnáisiúnta, agus is cuid í de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an ollscoil is sine agus is airde rangú in Éirinn. Tá Tríchreidiúnú bainte amach ag an Scoil ó AACSB, AMBA agus EQUIS.
Tá Gradam Cré-Umha Athena Swan aici freisin in aitheantas dá gnóthachtáil i réimse na cothromaíochta inscne. Tá an Scoil Ghnó lonnaithe i struchtúr comhaimseartha éiceolaíoch ar champas na Tríonóide, in aice le mol-ionaid gnó idirnáisiúnta móra, go háirithe iadsan in earnálacha an airgeadais agus an ghnó dhigitigh.
Tá Scoil Ghnó na Tríonóide ag féachaint le hOllamh Cúnta leis an Nuálaíocht Shóisialta a cheapadh a bhfuil próifíl acadúil rannpháirteach aige dírithe ar thionchar, ag comhcheangal an léinn le ceannaireacht clár, rannpháirtíocht sheachtrach, agus rannchuidiú sóisialta.
Agus é ailínithe leis an misean atá againn chun “Gnó a Athrú chun Maitheasa,” ceaptar an ról seo d’iarrthóirí a oibríonn ag comhéadan na hintleachta, an bheartais, agus an chleachtais, agus a bhfuil spreagadh acu tionscnaimh, comhpháirtíochtaí, agus cláir a chothú lena sheachadtar tionchar inbhraite.
Tá spéis ar leith againn in iarrthóirí a bhfuil taithí acu i réimsí amhail an nuálaíocht shóisialta, an daonchairdeas, rannpháirtíocht pobail, bainistiú comhlachtaí poiblí nó neamhbhrabúis, agus comhoibriú tras-earnálach.
Stádas an Phoist: Conradh 5 Bliana ar Théarma Seasta, Conair Tionachta
Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO