Tá Peter Mandelson gafa ag póilíní Shasana ar bhonn amhrais go raibh “mí-iompar in oifig phoiblí” ar siúl aige. Dheimhnigh póilíní an Met gur gabhadh fear 72 bliain d’aois in Camden i Londain tráthnóna agus gur tugadh go stáisiún póilíní sa chathair sin le go gceisteofaí é.
Tá físeán á roinnt ar na meáin shóisialta de Mandelson, a d’éirigh as a phost mar ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe mar gheall ar a chaidreamh leis an bpéidifileach Jeffrey Epstein, á thiomáint óna theach i gcarr póilíní.
Rinneadh cuardach ar dhá láthair mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun ag póilíní Shasana faoi Mandelson – ceann ag a theach in Camden agus ceann in áitreabh eile in Wiltshire.
An tseachtain seo caite, gabhadh deartháir Rí Shasana, Andrew, ar bhonn amhrais go raibh sé féin i mbun mí-iompair agus é fostaithe in oifig phoiblí freisin. Tá líomhaintí go leor curtha i leith Andrew Mountbatten-Windsor, a bhíodh tráth ina phrionsa, maidir leis an gcaidreamh a bhí aige le Epstein.
Tá na líomhaintí go raibh Peter Mandelson ag sceitheadh cáipéisí agus eolais “leochaileach” le Jeffrey Epstein á bhfiosrú ag póilíní an Met le tamall anuas. Dúirt urlabhraí de chuid na seirbhíse póilíneachta gur “iniúchadh casta” a bhí ann agus gur ghá go leor fianaise a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi.
Ba pholaiteoir sinsearach i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain é Mandelson le blianta fada. Toghadh ina fheisire parlaiminte den chéad uair i 1992 é agus bhí sé ina bhall de Theach na dTiarnaí ón mbliain 2008. Ba é an Chéad-Rúnaí Stáit in 2009-2010 agus bhí sé ina ambasadóir don Bhreatain i Meiriceá ar feadh ocht mí anuraidh.
Fág freagra ar 'Peter Mandelson gafa ag póilíní Shasana agus ‘mí-iompar in oifig phoiblí’ curtha ina leith'