‘An Gaodhal’ ar líne, ‘Ceas an Chait’  i Charlie Byrne’s, ‘Uaigneas an Ghleanna’ i dTamhlacht, ‘Scéala ó Charolina’ i UCC, ‘Focla ar Chanbhás’ i Londain

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

‘An Gaodhal’ ar líne, ‘Ceas an Chait’  i Charlie Byrne’s, ‘Uaigneas an Ghleanna’ i dTamhlacht, ‘Scéala ó Charolina’ i UCC, ‘Focla ar Chanbhás’ i Londain

LEABHAIR

Pictiúrleabhar nua le Labhrás Finneadha seolta Tigh Charlie Byrne

Sheol Máire Ní Neachtain an pictiúrleabhar nua Ceas an Chait le Labhrás Finneadha ag ócáid i siopa leabhar Charlie Byrne i nGaillimh tráthnóna aréir. Tá an leabhar foilsithe ag Leabhar Breac agus é maisithe ag Aodh Mac Lochlainn. Naoi mbeatha agus naoi mbás atá ag an gcat de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar cliste seo.

Sa Spidéal i gConamara a tógadh Lahbrás Finneadha, scríbhneoir agus aistritheoir a bhfuil cónaí air faoi láthair sa Eoraip. Seo é an tríú foilseachán óna pheann agus an dara cnuasach scéalta leis.

Léigh léirmheas Tuairisc ar an leabhar anseo.

SCANNÁN

Focla ar Chanbhás á thaispeáint in Ionad Cultúrtha na nÉireannach i Londain

Beidh an scannán faisnéise dátheangach Focla ar Chanbhás á thaispeáin san Irish Cultural Centre i Londain ar an gCéadaoin an 18 Feabhra ag 7.30pm. Cuirfear taispeántas speisialta den scannán ar bun agus seisiún ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh leis an stiúrthóir Paddy Hayes agus an ceoltóir Dáithí Ó Cianáin.

Ghnóthaigh an scannán an Gradam don chineamatagrafaíocht is fearr ag an bhféile Docs Ireland i mBéal Feirste agus tá ardmholadh faighte aige as an léiriú pearsanta a thugann sé ar an shaol an cheoltóra Dáithí Ó Cianáin. Leanann an scannán saol Uí Chianáin ar feadh 500 lá agus é ag obair ar an gcumadóireacht ceoil. Is scannán machnamhach é a scrúdaíonn saol an ealaíontóra, agus an próiseas cruthaitheach.

Ticéid don taispeántas san ICC anseo agus is féidir breathnú ar bhlaiseadh den scannán anseo.

STAIR

Cartlann dhigiteach An Gaodhal  seolta ar líne

Sheol Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, cartlann dhigiteach ar líne de An Gaodhal, an chéad nuachtán Gaeilge ar domhan, ag ócáid in Ollscoil na Gaillimhe Dé hAoine seo caite. Tionscadal in Ollscoil na Gaillimhe atá sa chartlann a d’eascair as comhpháirtíocht idirnáisiúnta le hOllscoil Nua-Eabhrac, agus é d’aidhm aige taighde nua a dhéanamh ar scéal na nÉireannach go domhanda.

Nuachtán dátheangach ab ea An Gaodhal a foilsíodh go míosúil i Brooklyn, Nua-Eabhrac ag deireadh an 19ú haois, idir 1881 agus 1898, agus meastar go raibh tionchar an-mhór aige ar ghluaiseacht agus ar mheáin na Gaeilge.

Tugann an chartlann dhigiteach gach eagrán den nuachtán le chéile in aon áit amháin agus cuireann ar fáil don phobal iad.

Tá tuilleadh eolais agus an chartlann féin le fáil anseo.

LITRÍOCHT

Áine Uí Fhoghlú

UCC ag ceiliúradh litríocht na Gaeilge ar fud an domhain

Beidh sraith imeachtaí a dhéanann ceiliúradh ar litríocht na Gaeilge ar fud an domhain á reáchtáil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i rith mhí Feabhra agus mhí an Mhárta. Cuirfear tús leis na himeachtaí sa tsraith ‘Litríocht na Gaeilge i gCéin is i gCóngar’ ar an Déardaoin an 26 Feabhra ag 6.30pm leis an ócáid ‘Éire agus an Airgintín’.

Léifidh an file Áine Uí Fhoghlú dánta óna leabhar nua Scéala ó Charolina (Éabhlóid). Beidh an t-aistritheoir Airgintíneach, Jorge Fondebrider, ina teannta chomh maith le haistritheoirí Béarla chomh maith. Ócáid cheiliúrtha thrítheangacha bheidh ann mar sin agus í ar siúl i Seomra Coiteann na Foirne i gCearnóg na hOllscoile.

Leanfar leis an tsraith imeachtaí ar an gCéadaoin an 4 Márta ag 5pm le ‘Éire agus Albain’. Beidh Pádraig MacAoidh/Peter Mackay, File Náisiúnta (Makar) na hAlban agus Ollamh le Litríocht i Ollscoil Naomh Aindriú, ag léamh óna shaothar (Gàidhlig na hAlban agus Béarla) i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille.

Cuirfear an ócáid dheireanach den tsraith, ‘Éire agus an Eoraip’, ar bun Dé Máirt an 24 Márta ag 5pm. Labhróidh an Dr Diarmuid Johnson ar a shaothar, Deoch an Tobair (Leabhar Breac). Scríbhneoir ilteangach agus fear léinn é Diarmuid atá ag cur faoi ar an mór-roinn le fada. Beidh an cur i láthair seo ar siúl i Seomra Seimineáir CACSSS in Áras Uí Rathaille mar chuid dá mhionchónaitheacht i Scoil Léann na Gaeilge.

AMHARCLANNAÍOCHT

Uaigneas an Ghleanna ar stáitse ag Aisteoirí Thamhlachta

Beidh an dráma Uaigneas an Ghleanna le J.M. Synge ar stáitse ag Aisteoirí Thamhlachta an tseachtain seo chugainn faoi stiúir Chiaráin Mhic Mhathúna. Déanann an léiriú athbheochan ar aistriúchán Gaeilge le Tom Sailí Ó Flaithearta ar In the Shadow of the Glen, a foilsíodh in 1972 agus a chuir Aisteoirí Loch Con Aortha ar stáitse in An Damer den chéad uair sa mbliain 1962.

Ócáid speisialta a bheidh sna léirithe seo d’Aisteoirí Thamhlachta agus iad ar stáitse den chéad uair ina n-amharclann nua atá  ar an láthair chéanna leis an gcaifé Gaelach, Aon Scéal? i dTamhlacht.

Bunaíodh Aisteoirí Thamhlachta roinnt blianta ó shin agus é d’aidhm ag an ngrúpa drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn sa gceantar. Tá siad ag súil anois go mbeidh an spás comhroinnte nua ina lárionad ag cainteoirí Gaeilge agus lucht tacaíochta na teanga sa phobal.

Chomh maith leis an dráma féin, cuirfidh an t-amhránaí Lorcán Mac Mathúna is na ceoltóirí Éamon Galldubh agus Martin saothar nua-chumtha i láthair.

Tá cáil ar an triúr as a gcuid oibre sa cheol traidisiúnta.

Beidh Uaigneas an Ghleanna ar stáitse tráthnóna Dé hAoine agus Dé Sathairn an 20-21 Feabhra agus tá na ticéid ar fáil trí Eventbrite.

 

Muicín ar stáitse in Ionad Ealaíon an Project

Beidh an dráma Muicín á chur ar stáitse ag LemonSoap Productions sa Cube in Ionad Ealaíon Project i mBaile Átha Cliath ón 24-27 Feabhra. Leagan Gaeilge le HK Ní Shioradáin é Muicín den dráma Piglet le Ultan Pringle a cuireadh ar stáitse ar dtús sa mbliain 2023. Seo an chéad léiriú Gaeilge agus tá sé á chur ar stáitse ag LemonSoap Productions.

Insíonn Muicín scéal an charachtair Mercy Munroe a bhfuil a saol ag titim as a chéile, í ina freastalaí i mbialann mhearbhia in Uíbh Fhailí agus í gafa leis an díoltas agus lena hiar-chailín cara.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Craobh nua de Chonradh na Gaeilge seolta i gCo. Laoise

Seoladh craobh nua de Chonradh na Gaeilge i gcontae Laoise roimh an Nollaig agus beidh an chraobh nua ag dul go dtí a gcéad Ard-Fheis an tseachtain seo chugainn. Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar bun i mBéal Feirste ón 20 -22 Feabhra i mbliana.

Tá Cumann Gaelach Chontae Laoise ag feidhmiú go deonach agus fáilte á cur acu roimh bhaill nua. Tá teacht orthu ar Instagram @cnag_laoise.

Fág freagra ar '‘An Gaodhal’ ar líne, ‘Ceas an Chait’  i Charlie Byrne’s, ‘Uaigneas an Ghleanna’ i dTamhlacht, ‘Scéala ó Charolina’ i UCC, ‘Focla ar Chanbhás’ i Londain'