Duais buaite ag aip a dhéanann ateangaireacht ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta

Deirtear go bhfuil an aip “cosúil le Google Translate do theanga na comharthaíochta”

Duais buaite ag aip a dhéanann ateangaireacht ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta

Bronnadh duais le deireanas ar aip nua a aistríonn an chaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta. Dhear Elly Savatia, as an gCéinia, an aip Terp 360 a bhuaigh £50,000 (€57,000) ó Acadamh Ríoga na hInnealtóireachta sa Bhreatain le déanaí.

Deir Savatia go bhfuil an aip seo “cosúil le Google Translate do theanga na comharthaíochta” agus go gcuireann an uirlis nua ateangaireacht ar fáil ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta i bhfíoram gan ateangairí daonna. ‘Éisteann’ an aip leis an gcaint ó bhéal agus taispeántar ar an scáileán ábhatair a dhéanann na comharthaí cuí.

Bhuaigh Savatia ‘Duais na hAfraice don Nuálaíocht’ agus an duaischiste mór dá aip nua ag searmanas a bhí ar siúl in Dakar sa tSeineagáil. Bhí ceathrar nuálaithe eile istigh ar an gcomórtas agus bhí painéal seachtar moltóirí ann.

Dúirt Savatia go mbíonn go leor deacrachtaí ag daoine bodhra sa Chéinia teacht ar sheirbhísí mar gheall nach mbíonn teanga na comharthaíochta ar eolas ag mórán daoine a bhíonn ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil.

“Le dul isteach chuig ionad oibre, institiúid oideachais, agus ionad leighis caithfidh tú a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh. Ach tá an pobal bodhar á fhágáil ar lár,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil ganntanas ateangairí do theanga na comharthaíochta ann sa Chéinia agus go bhfuil costas mór ag baint leis na seirbhísí ateangaireachta atá ar fáil. Mhaígh sé go bhfágann na deacrachtaí seo go bhfágtar go leor daoine bodhra ar fud na hAfraice ar an trá fholamh agus nach mbíonn na deiseanna céanna oideachais agus oibre acu.

Tugadh bille nua isteach ag rialtas na Céinia i mbliana ina gcuirtear iachall ar fhostóirí 5% de na poist a chuirtear ar fáil a chur ar leataobh do dhaoine atá faoi mhíchumas. Dúirt Savatia, áfach, go bhfuil daoine bodhra ina thír dhúchais fós faoi mhíbhuntáiste maidir le cúrsaí fostaíochta.

Chuaigh sé i dteagmháil le daoine bodhra agus daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu ar fud na Céinia leis an aip Terp 360 a fhorbairt. Rinneadh taifead ar os cionn 2,3000 nath cainte agus focal coitianta trí braiteoirí gluaisne a chur ar lámha na ndaoine.

Tá uirlis Savatia in ann an Béarla agus an tSváhailis a aistriú go Teanga Chomharthaíochta na Céinia. Ta tuairim is 300 teanga chomharthaíochta in úsáid ar fud an domhain faoi láthair agus 30 teanga chomharthaíochta in úsáid san Afraic. Tá uirlisí eile ann cheana féin a dhéanann an rud céanna, a dúirt Savatia ach ní raibh aon cheann ann roimhe seo a dearadh le haghaidh teangacha comharthaíochta na hAfraice ná don “comhthéacs cultúrtha” atá san Afraic.

Tá súil ag Savatia dul i dteagmháil le carthanachtaí agus eagraíochtaí eile i dtíortha eile san Afraic le cur le líon na dteangacha atá an aip in ann a phróiseáil. Tá an obair tosaithe cheana féin ar theangacha comharthaíochta Ruanda, Uganda, na hAfraice Theas, na Breataine, agus Mheiriceá.

Tá stiúideo nua bunaithe ag Savatia in Nairobi atá feistithe go speisialta leis na braiteoirí gluaisne le gluaiseachtaí na gcomharthóirí a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Duais buaite ag aip a dhéanann ateangaireacht ón gcaint ó bhéal go teanga na comharthaíochta'