Tá cáineadh géar á dhéanamh ag baile agus thar lear ar chinneadh údaráis Iosrael cur lena gcuid oibríochtaí míleata agus smacht iomlán a fháil ar Gaza.
Ag cruinniú d’oifigigh slándála rialtas Iosrael ar maidin, thug siad a mbeannacht do phlean an rialtais smacht iomlán a fháil ar chathair Gaza, géarú breise ar an gcogadh ar cuireadh tús leis mí Deireadh Fómhair 2023.
Tá an baol ann go mbeadh “iarmhairtí tubaisteacha” ar a leithéid de cheannas míleata do shibhialtaigh Phalaistíneacha agus do na hIosraelaigh sin atá fós ina ngialla ag Hamas i Stráice Ghaza, a dúradh i ráiteas ó na Náisiúin Aontaithe agus fainic á cur ar Iosrael faoina leithéid d’fheachtas míleata.
Dúirt Coimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Türk, go gcaithfí “éirí láithreach as plean rialtas Iosrael ceannas míleata iomlán a fháil ar chríocha gafa Ghaza”.
Sna sonraí den phlean a chuir oifig an Phríomh-Aire Benjamin Netanyahu ar fáil inniu ní luaitear leis an bplean ach Cathair Ghaza ach tá sé ráite roimhe seo ag an bPríomh-Aire go raibh rún ag Iosrael smacht a fháil ar Stráice Ghaza ar fad.
Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta in 2024 go raibh forghabháil Iosrael ar chríocha na Palaistíne mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.
Luaitear cúig aidhm sa bplean seo atá fógartha ag Iosrael: Hamas a dhí-armáil, na gialla ar fad a thabhairt abhaile, Stráice Ghaza a dhímhíleatú, smacht slándála a fháil ar na críocha, agus ‘feidhmeannas riaracháin nua a bhunú ansin nach mbeadh aon bhaint aige le Hamas ná le hÚdarás na Palaistíne’.
Thug Hamas a rabhadh féin do rialtas Iosrael agus dúradar gurbh ionann agus rialtas Iosrael ag déanamh “íobairt” de na gialla atá fós i mbraighdeanas sna críocha Palaistíneacha agus smacht iomlán a ghlacadh ar chathair Ghaza..
Is fada cuid de na feisirí Parlaiminte ón eite ar an bhfíordheis i rialtas Netanyahu ag éileamh go nglacfaí smacht iomlán ar Ghaza, ach hí hamhlaidh an cás ag teaghlaigh na ngialla atá fós i lámha Hamas agus eagraíodh agóidí i gcoinne an phlean i Tel Aviv. Meastar go bhfuil leathchéad giall fós ag Hamas, ach ní heol go beacht an mór díobh atá fós ina mbeatha.
D’iarr Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go ndéanfaí ‘athmhachnamh’ ar an gcinneadh agus d’iarr sí go scaoilfí saor na gialla agus go ligfí isteach láithreach an cúnamh daonnúil, go dtí críocha atá ina ghéarghá.
Chuir an cinneadh múisiam ar rialtas na Gearmáine chomh maith agus d’fhógair Seansailéir na tíre sin, Friedrich Merz inniu nach gceadódh an Ghearmáin aon easpórtáil eile ar threalamh míleata a d’fhéadfaí a úsáid i Stráice Ghaza go dtí go bhfógrófaí a mhalairt.
Dúirt Merz gur údar mór imní a raibh á fhulaingt ag sibhialtaigh i Stráice Ghaza agus dúirt go raibh dhá phríomhchuspóir ag an nGearmáin, go scaoilfí saor na gialla agus go dtabharfaí faoi idirbheartaíocht d’fhonn síocháin a bhunú san áit.
Ar cheann de na tíortha go leor eile san Eoraip a d’éiligh ar Iosrael gan dul ar aghaidh lena phlean smacht a ghlacadh ar chathair Ghaza, bhí an Ríocht Aontaithe agus rabhadh a bhí ag an bPríomh-Aire Keir Starmer faoin bplean ag rá gur “tuilleadh doirteadh fola an toradh a bheidh air”.
De réir meastacháin na Náisiún Aontaithe tá thart ar 87% de Gaza ina chriosanna míleataithe nó faoi orduithe aslonnaithe. Tá na ceantair nach bhfuil lonnaíochtaí iontu i lár Ghaza nó ar bhruach na Meánmhara mar a bhfuil na campaí dídeanaithe ina bhfuil cuid mhór de dhaonra Ghaza ina gcónaí faoi tráth seo agus iad díbeartha ag an gcogadh óna dteallach is óna mbaile féin.
Tá breis is 60,000 duine maraithe sna hionsaithe atá déanta ag Iosraael ar Ghaza ó fuadaíodh na gialla i nDireadh Fómhair 2023 agus dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) inné go raibh beagnach 12,000 páiste faoi chúig bliana d’aois in Gaza a bhí go dona tinn de bharr míchothú tromchúiseach.
Fág freagra ar '‘Tuilleadh doirteadh fola an toradh a bheidh air’ – cáineadh ar chinneadh Iosrael smacht iomlán a fháil ar Gaza'