‘Theip ar an easpórtáil. Diosca crua lán’ – Curtha siar bóithrín na smaointe ag deacrachtaí teic

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: spreag teachtaireacht earráide ar scáileán a ríomhaire próiseas míthaithneamhach ach cá bhfios, cruthaitheach, in aigne ár gcolúnaí 

‘Theip ar an easpórtáil. Diosca crua lán’ – Curtha siar bóithrín na smaointe ag deacrachtaí teic

D’éirigh an ríomhaire as i lár an taisc a bhí sé ceaptha a dhéanamh: leagan pdf de mhórthogra scríbhneoireachta a shábháil.

‘Theip ar an easpórtáil. Diosca crua lán’ an teachtaireacht earráide a tháinig aníos ar an scáileán.

Cúrsaí cánach as an áireamh, an chuimhne ar mo ríomhaire a riaradh an tasc is mó a chuireann cantal orm mar scríbhneoir. Is é an chaoi go ndéanaim dearmad air, agus ní thugaim faoi deara go bhfuil an diosca crua ar tí pléascadh go dtí go mbíonn sé rómhall.

Ag caint ar dhearmad, tá dhá dhifríocht ollmhóra idir cuimhne ár gcuid gléasanna digiteacha agus ár gcuimhne dhaonna féin.

Tá méid na cuimhne daonna doshamhlaithe i gcomparáid le cuimhne na ríomhairí agus na nguthán póca, agus lena chois sin, níl gléasanna digiteacha in ann dearmad a dhéanamh, go huathoibríoch agus sa chúlra, ar stuif nach bhfuil gá leis a thuilleadh.

Sin é an fáth go raibh bosca isteach an chórais ríomhphoist ar mo ríomhaire ag cur thar maoil le billí fóin leictreonacha a d’íoc mé thiar in 2012, le ticéid eitleáin agus traenach ag dul siar go 2008, leis na scórtha nuachtlitreacha ar chláraigh mé leo i ngan fhios dom, agus leis na céadta teachtaireachtaí fógraíochta.

Ach bhí sé lán grianghraf freisin, cuid acu nach raibh mé ag iarraidh a fheiceáil ar chor ar bith, agus gan amhras bhí orm dul tríd an leabharlann ghrianghraf ar mo ríomhaire chomh maith chun an spás a chruthú a chinnteodh go n-oibreodh an diabhal rud mar ba chóir.

Grianghraif a mheabhraigh caidrimh dom ar theip orthu, agus cairde nach bhfuilim i dteagmháil leo a thuilleadh.

Grianghraif a léirigh go beacht, agus mé ag dul tríothu de réir dátaí, ón mbun aníos, an claochlú a tháinig ar aghaidh mo mham, ar tháinig galar Alzheimer uirthi timpeall is deich mbliana ó shin.

Gan dabht bhí tionchar ag an treabhadh a bhí orm a dhéanamh tríd an dríodar digiteach sin ar fad ar m’aigne bheo, dhaonna féin. Ag tréanbhrionglóideach atá mé ó thosaigh an chraic sin le mo dhiosca crua, brionglóidí nach bhfuil uilig chomh taitneamhach sin.

Tír anaithnid an codladh den chuid is mó go fóill agus ní thuigeann na heolaithe go díreach céard í an fheidhm atá leis an mbrionglóideach, ach ceaptar go bhfuil baint aici le stóráil ár gcuid cuimhní, agus gur cuid í den chóras atá againn chun dul i ngleic lenár gcuid mothúchán.

Maireann an tsamhlaíocht san áit chéanna gan dabht, agus cá bhfios nach spreagfaidh na blúirí digiteacha sin ar fad a raibh orm breathnú orthu in aghaidh mo thola scéal éigin sna laethanta amach romhainn – ach an t-am a fháil lena scríobh.

Spás a dhéanamh i mo dhialann, sin tasc eile atá romham.

Fág freagra ar '‘Theip ar an easpórtáil. Diosca crua lán’ – Curtha siar bóithrín na smaointe ag deacrachtaí teic'