‘Lá dubh’ don Eoraip é margadh trádála an lae inné idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, a deir Príomh-Aire na Fraince ach b’in ‘an margadh ab fhearr a bhí le fáil againn’ a deir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.
Cuirfidh an margadh trádála seo ceangal ar an dá thaobh maidir le taraifí 15% ar fhormhór earraí an Aontais Eorpaigh chun na Stát Aontaithe agus tá cogadh trádála tubaisteach seachanta.
Tá bagairtí déanta ag an Uachtarán Donald Trump le fada agus na hullmhúcháin ar bun sna Stáit Aontaithe le taraifí a chur ar thionscal cógaisíochta an Aontais Eorpaigh. Ag tráth amháin bhí Trump ag bagairt taraifí 200% a chur ar chógais na hEorpa, praghas a chniogfadh an tionscal.
Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a rinne an idirbheartaíocht deiridh ar an margadh, go bhfágfadh socrú an lae inniu gur 15% a chuirfií mar dhleacht ar tháirgí cógaisíochta uilig an Aontais Eorpaigh a dhíolfaí leis an Stáit Aontaithe amach anseo.
Dúirt Aire Fiontar na tíre seo, Peter Burke gur cheart an margadh a socraíodh inné a mheas i gcomhthéacs na taraifí 30% a bhí bagartha ag an Uachtarán Trump ar an gcéad lá Lúnasa, mura n-éireodh leo an margadh seo a dhéanamh.
Chosain Ursula von der Leyen an margadh trádála mar ‘an ceann is fearr a bhí le fáil againn’. Níl chuile dhuine ar aon intinn léi agus tá an margadh cáinte ag Príomh-Aire na Fraince, François Bayrou.
‘Lá dubh é nuair ghéilleann gan chomhrac comhthionól daoine atá saor agus atá aontaithe ar mhaithe lena luachanna féin a dhearbhú agus a leas féin a chosaint,’ a dúirt Bayrou ar na meáin shóisialta.
Tá údaráis na Fraince ag áitiú le roinnt míonna gur chóir do lucht idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh seasamh níos dána a ghlacadh in aghaidh an Uachtaráin Trump agus na taraifí céanna a bhagairt in éiric ar easpórtálacha na Stát Aontaithe.
Ghlac roinnt airí rialtais sa bhFrainc leis go raibh buanna áirithe ag an socrú seo, mar shampla na heisceachtaí a bhí déanta don bhiotálle agus do thionscal an aeraspáis, ach mhaíodar gur socrú éagothrom a bhí fós ann go bunúsach.
Dúirt Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sanchez, gut thacaigh sé féin leis an socrú ach ‘nach le fonn’ a rinne sé amhlaidh.
Tá an plé fós ar siúl faoi aon díolúine ó tharaifí a bheadh sa gcreatmhargadh trádála seo d’earnáil an fhíona agus na biotáille ar croitheadh lámh air i ngalfchúrsa Turnberry in Albain inné.
Faoi shocrú an lae inné, chuirfí taraif bhonnlíne 15% ar bheagnach gach earra ón Aontas Eorpach a dhíolfaí leis na Stáit Aontaithe, carranna agus leathsheoltóirí agus earraí cógaisíochta san áireamh, sin laghdú ar an dleacht 27.5% a bhíodh ar charranna go dtí seo. Is é an 15% an taraif is mó a bheidh i gceist feasta agus ní chuirfear é le haon taraif a bhí i bhfeidhm go dtí seo.
Tá cinneadh le déanamh ag na Stáit Aontaithe go fóill faoin ráta taraifí a chuirfidh siad ar shliseanna [ríomhairí] agus earraí cógaisíochta.
Tá socrú idir an tAE agus SAM nach gcuirtear taraifí [neamhní- neamhní] ar aerárthaí ná a bpáirteanna. Beidh an díolúine chéanna ag ceimiceáin áirithe, ag drugaí cineálacha éagsúla, roinnt táirgí talmhaíochta, trealamh leathsheoltóirí, acmhainní nádúrtha agus amhábhair riachtanacha.
Pádraig
Is léir le fada anois nach bhfuil Van der Leyen ábalta ná feiliúnach don obair seo.
Bagraíodh 30% ach glacadh le %15
agus sin agus sin
“An margadh ab fhearr a bhí le fáil?? ”
Nár mhór ab fhiú di dul i snaidhm chomhairle le Príomh Aire na Breataine roimh ré?
Nó b’fhéidir nach raibh fhios aici ‘go bhfuair’ sé sin 10% ??
An raibh a fhios sin aici??
Macasamhail luichín faoi bhos an chait Van der Leyen i láthair Trump.
Smeach ar an bhfear buí.
An duine coinsiasach mórálta í?
Ní hamháin nár dhúirt sí oiread is focal amháin i dtaobh Gaza ó thosaigh ‘an cogadh’ ach chuir sí in iúl do Netanyahu go raibh de cheart ag Iosrael í féin “a chosaint” tráth ar ionsaigh sé an Iaráin. Is náir liom mar Éireannach a bheith páirteach i gcomhaontas a bhfuil sí siúd mar cheannaire air.