Tá tús á chur an deireadh seachtaine seo i gCiarraí le cluichí craoibhe na gclubanna. Cé go n-imríodh dornán cluichí an deireadh seachtaine seo caite dos na cumainn ná raibh aon imreoir idirchontae ina measc, is é an deireadh seachtaine seo an chéad éachtaint do scata imreoirí ar an ndara cuid den mbiaiste scoilte sin idir club is contae.
N’fheadar an raibh an deighilt sin idir imreoir club agus imreoir idirchontae riamh chomh mór is atá fé láthair. Ní hamhlaidh go bhfuil coimhlint idir an t-imreoir club agus an t-imreoir contae ach táid scartha óna chéile i slí ná rabhadar riamh cheana agus is deacair an teannas idir an dá dhomhan a sheachaint.
I gcluiche ceannais na hÉireann coicíos ó shin, bhí mórtas cine le braistint againn go léir nuair a bhí ainm ár gcumann breactha laistíos d’ainm ár n-imreoirí féin. Ní dóigh liom go gcaillfear an nasc san go deo. Ach in aon bhiaiste chaide anois agus feasta, ní mór na himreoirí idirchontae a imreoidh níos mó cluichí club ná contae. Cé méid des na himreoirí a dhein gaisce do Chiarraí coicíos ó shin a imreoidh deich gcinn de chluichí dá gclub idir seo agus deireadh na bliana?
Ní deirim an méid seo le drochmheas ná le seanbhlas ach is léir dúinn go léir anois gur toradh nádúrtha agus dosheachanta í an deighilt bhreise idir club agus contae ar an mbiaiste scoilte ann agus as féin.
Bhí an seana-thimthriall caide, breac le lúba ar lár, le haguisíní breise agus le póirsí ceilte ach chuir na haon cheann acu leis an mbraistint go mb’fhéidir go raibh beagán breis spáis agus scóip chun anála sa bhiaiste. Anuas air sin, bhí an féilire caide mar a bhíodh lán go barra de bhearnaí, de phoill agus de thréimhsí sánais, go raibh ar chumas contaetha áirithe babhtaí iomlána de chluichí club a fhí agus a fháscadh isteach ins na bearnaí céanna.
Bhí tráth ann, agus ní rófhada ó shin é, go raibh mí na gclub fite fuaite isteach in imeachtaí iar na sraithe náisiúnta anseo i gCiarraí d’fhonn brí éigin a chur ins an earrach don imreoir club. Ní raibh ann ach moladh, nó cuireadh fiú, agus faoin dtráth go raibh mí na gclub i réim, bhí greim daingean fachta ag an mbainisteoir contae ar fheidhmeannacht bhord an chontae agus d’imigh fiúntas mhí na gclub le gaoth. Ba bheag ag formhór na mbainisteoirí contae an trasnaíl mhíthráthúil seo ar an ngreim a bhí acu ar a gcuid imreoirí.
In imeacht ama, ba gheall le ceist seilbhe agus cumhachta é agus in áit éigin ar an mbóthar ghéill na clubanna ar an ngreim agus ar an smacht a bhí acu ar a gcuid imreoirí féin. B’fhéidir go raibh cnáimhseáil agus cogarnaíl ag toscairí go Bord an Chontae faoi chumhacht na mbainisteoirí contae ach tabhair fé ndeara ná raibh aon éirí amach in aon chontae.
Táid ann a deireann i gcónaí gur bua ab ea an bhiaiste scoilte don imreoir club. I ndáiríre, níl aoinne ag buachtaint níos mó ná an bainisteoir contae. Níl aon ghá a thuilleadh leis an imní a bhíodh air faoin mbiaiste chomhtháite. Ní gá dó a bheith á chosaint féin ar na bundúchasaigh chráite a bhí ag iarraidh cluichí na gclub a chur i lár an aonaigh agus don gcéad uair lena chuimhne, tá smacht iomlán ag an mbainisteoir contae ar a chuid imreoirí féin le linn na biaiste idirchontae.
Fé rialacha CLG, níl cead ag painéil idirchontae tús a chur an athuair lena gcuid seisiúin thraenála go dtí tús mhí na Nollag ach tá a fhios ag an uile dhuine go bhfuil cláracha aclaíochta agus reatha ar bun acu ó mhí Dheireadh Fómhair. Faoin dtráth san, tá formhór na n-imreoirí contae tagtha slán óna bhfeachtas club agus iad neadaithe sa ghnás idirchontae arís.
Níl aon bhiaiste chaide idirchontae aon phioc níos giorra ná mar a bhíodh sara ndeineadh atheagar ar an mbiaiste agus i gcásanna áirithe, tá sí ábhar beag níos faide. Ní dhíbrítear aon chontae as an gcraobh roimh Mheitheamh, tráth go mbeidh siad ag traenáil ar feadh breis is trí ráithe ar aon nós. Le linn an ama sin, is beag teagmháil a bheidh ag an imreoir contae lena chlub, sé sin muna scaoilfidh a bhainisteoir contae (rud a dheineann Jack O’Connor, mar shampla) leis dul ag imirt cluiche sraithe fánach anseo is ansiúd nuair a oireann. Tá oiread éilimh á ndéanamh ag an mbiaiste idirchontae ar an imreoir contae anois, ní mór acu go bhfuil sé d’acmhainn ná de mhian iontu a ndúthracht a chaitheamh lena gclubanna.
Tá scríte cheana anseo agam faoin iarracht a dhein an Dr Noel McCaffrey dul i ngleic leis an éagothromaíocht seo ag Comhdháil CLG i dtús na bliana ach b’éigean dó siúd féin cúlú óna rún sara gcuireadh chun vóta é. Thuig sé, mar a thuig scata eile, go bhfuil an iomarca géillte ag an gclub chun go raghfaí siar go dtí na laethanta a bhíodh.
Dá réir sin, táimid tosnaithe i gCiarraí an deireadh seachtaine seo ar chluichí a imirt sa domhan san atá ag rith comhthreormhar leis an ndomhan idirchontae. Chun an chraobh idirmheánach a bhuachaint i mbliana, beidh ar an Ghaeltacht (agus aon fhoireann eile) sé chluiche a imirt sé dheireadh seachtaine as a chéile. Nuair a bheidh san déanta, tabharfar faoi chraobh an chontae an deireadh seachtaine dár gcionn, mara mbeidh imreoirí na Gaeltachta ag imirt le foireann dúiche Chiarraí Thiar.
Táimid tar éis feachtas sraithe contae aon chluiche dhéag mar aon le feachtas sraithe dúiche cúig chluiche a chur dínn ó mhí Eanáir. N’fhéadfadh na cluichí craoibhe tosnú go dtí anois de dheasca an ratha a bhí ar Chiarraí sa chraobh. Má ritheann leis an nGaeltacht i gCiarraí, beidh orainn tabhairt fé fheachtas cúige, chomh maith leis an bhfeachtas craoibhe le Ciarraí Thiar.
Níl san furaist ar imreoir contae ar nós Bhriain Uí Bheaglaoich. Is beag deis a bheidh aige anáil a tharrac más áil leis mianta a chumainn a shásamh tar éis dianfheachtas le Ciarraí. Caithfidh rud éigin tabhairt. An dtaca seo anuraidh deineadh iarracht an chraobh dhúiche, Craobh Chiarraí Thiar, a chur in áit na leathphingine agus í a imirt gan aon rannpháirtíocht ós na himreoirí contae. Thána féin agus roinnt daoine eile a bhí sáite i gcluiche na gclub anuas sa mhullach ar ár n-imreoirí contae d’fhonn iad a chur ag imirt i gcraobh a bhí, atá agus a bheidh gar dár gcroíthe féin i gcónaí…ach bhí an teachtaireacht curtha trasna go tréan ag na himreoirí contae – bhíodar tnáite agus theastaigh uathu go n-aithneofaí an tnáitheadh sin.
Ní raibh i stailc na n-imreoirí contae i ndeireadh na bliana seo caite ach éachtaint eile ar an mbearna atá anois idir an t-imreoir contae agus an t-imreoir club. Bhí na haon cheart ag na himreoirí contae a dtuirse agus a dtnáitheadh a chur ar ár súile. Cad faoi na himreoirí club áfach? Táid siúd ar tinneall an tráth seo bliana. Tá neafaiseacht agus patuaire na gcluichí sraithe curtha díobh acu agus anois an t-am chun tabhairt le fonn faoin gcraobh.
Sa dá mhí amach romhainn imeoidh biaiste na gclub ar nós sí gaoithe. Tar éis feitheamh fada leathbhliana ar chosa laga, beidh deireadh le biaiste na gclub in imeacht sé seachtaine.
Cumann Lúthchleas Gael féin a dúirt linn gur ar mhaithe leis an imreoir club a bheadh an bhiaiste scoilte.
Fág freagra ar 'N’fheadar an raibh an deighilt sin idir imreoir club agus imreoir idirchontae riamh chomh mór is atá fé láthair'